CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo: Bás nó Fás?
Íomhá
An Chomhdháil Lae
Íomhá
Muireann Ní Mhóráin, COGG i mbun cainte
Íomhá
Leabhar Nollag Uí Ghadhra (Clódhanna Teo.)
Íomhá
An Dr. Conchobhar Ó Giollagáin i mbun cainte

Ba shin teideal tromchúiseach comhdhála a reáchtáil Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe agus Oifig na Gaeilge Mhaigh Eo - Comhairle Contae Mhaigh Eo san ionad aoibhinn i bPáirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh lá deiridh na Samhna. Tá an Iarsmalann agus Oifig na Gaeilge le moladh go mór as an gcomhdháil a eagrú. Thug siad slua breá i láthair as na ceantair éagsúla agus bhí sé suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann.

a sainleochaileacht féin ag baint le Gaeltacht Mhaigh Eo cionn is go bhfuil sí an-scaipthe siar, ó thuaidh agus ó dheas. Amharcann an Sliabh Mór in Acaill trasna na farraige sách gar duit ar an bhFál Mór in Iorras ach lena bhaint amach, ba shin scéal eile. In Iorras féin, tá muintir Dhú Chaocháin scartha i bhfad ón bhFál Mór/an Eachléim/an Fód Dubh. Is é an feall é, ach istigh eatarthu tá baile an chinsil, Béal an Mhuirthead, agus bíodh go bhfuil daoine ag saothrú go maith ann anois ar son na teanga seo, thar mar a bhíodh, is mó i bhfad an Béarla as an mBéal céanna ná Gaeilge.

Béal an Mhuirthead

Cuimhním ar an mbaile sin, Béal an Mhuirthead, mar gheall ar an ionsaí ba fíochmhaire a rinneadh orm in áit ar bith ar domhan faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile, breis is fiche bliain ó shin. Fear meisce a labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan agus má bhí meisce air féin, ní raibh ar fhear an tí ná ar na daoine eile, scata de mhuintir an bhaile, a thug cead a chinn dó. Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt don chaoi nár labhair éinne amach in éadan fhear na meisce, bíodh gur lean an t-ionsaí ar aghaidh ar feadh i bhfad. Insíonn fíon fírinne. Fágadh faoi bheirt againn féin cur ar ár son féin. Gabh muid buíochas le fear an tí nuair a bhí muid ag imeacht. Bean de mhuintir na Gaeltachta inár gcuideachta, bhí oiread náire uirthi is nach dtáinig an chaint léi i gceart go dtí gur bhain muid an baile amach.

Labhair muintir na gceantar Gaeltachta éagsúil maidin Dé Sathairn seo caite i n-éis eochairchaint Laoise Ní Dhúda ar staid reatha na teanga. Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna nuair a labhair cainteoirí ó Údarás na Gaeltachta, ó COGG, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tuigeann muintir na Gaeltachta as caint Mhuireann Ní Mhóráin gur den riachtanas ar na saolta seo é, gaelscolaíocht sa nGaeltacht. Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla nó tá deireadh ar fad caillte. Is í an áit ab fhearr liom féin gaelscoil a fheiceáil ná áit ar bith eile, ar ndóigh, Béal an Mhuirthead. Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann. (Ní hionann Galltacht is Iar-Ghaeltacht, ná Réamh-Ghaeltacht. Is sainaonaid ar leith iad uile.) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt céim eile chun tosaigh. Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.

Tá an chumarsáid tosaithe i Maigh Eo. Ba léir Dé Sathairn go bhfuil muintir na Gaeltachta i Maigh Eo ag lorg an tsaineolais len iad féin a threorú chun cuain in aghaidh farraige arda an Bhéarla. Go raibh sé sin acu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.