AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Pósadh Comhghnéis Dleathach in Canberra
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha san Astráil ná bainte uathu arís, is cosúil. Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar a bhfuil ag titim amach ann.

Íomhá
Léirsiú ar son i mBrisbane
(le David Jackmanson ar Flickr)
Íomhá
An tAire Andrew Barr & an Seanadóir Kate Lundy a vótáil ar son
(ar Flickr)
Íomhá
Ard-Aighne Chríoch na Príomhchathrach, Simon Corbell
(le Graeme Bartlett ar Vicipéid)
Íomhá
Ar son
(le Kathleenjoyful ar Flickr)
Íomhá
Pósadh san Afraic Theas 2007
(le Mome ar Vicipéid)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Nóra Uí Ghallachóir as Teileann, Co. Dhún na nGall.

an feachtas le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach san Astráil ag bailiú nirt le tamall anuas. Cuireadh go mór leis an bhfeachtas nuair a rinneadh pósadh comhghnéis dleathach sa Nua-Shéalainn i mí Aibreáin na bliana seo agus thug lánúineacha comhghnéis Astrálacha áirithe aghaidh ar ár gcomharsa béal dorais lena mbainis a reáchtáil ann dá bharr. Is féidir leis na lánúineacha ádhúla seo fanacht sa bhaile anois, ámh, mar gur ritheadh bille sa tionól áitiúil in Canberra le déanaí a thugann cead dóibh pósadh san Australian Capital Territory (ACT), an chríoch bheag ina bhfuil an phríomhchathair.

Bhí deighilt ghéar idir na páirtithe forásacha, atá i gcomhrialtas san ACT, agus an Páirtí Liobrálach, an freasúra, i dtaca leis an mbille. Tugtar sainmhíniú neamhghnáth, fiú Orwellian, ar an bhfocal ‘liobrálach’ i gcúrsaí polaitíochta na hAstráile. Is ionann liobrálaí, de ghnáth, agus duine le hintinn atá oscailte le smaointe nua a chuimsiú, ach ciallaíonn sé ‘coimeádachabhus. Thacaigh an naonúr feisirí sa chomhrialtas leis an mbille, ach chuir an t-ochtar feisirí de chuid an Pháirtí Liobrálaigh a vóta ina éadan. Ní raibh a dhath den deighilt seo le sonrú i measc an tslua a bhailigh sa tionól le breathnú ar an vóta stairiúil, áfach. Bhí an seomra ag cur thar maoil le lánúineacha comhghnéis, a gcairde agus a ngaolta faoi bhratach mhór den bhogha ceatha. Ba bheag nár thóg an gháir an ceann den fhoirgneamh nuair a fógraíodh an toradh.

Tocht le hAitheasc

Mhol an tArd-Aighne san ACT, Simon Corbell, an bille sa tionól, ach ba ea an t-aitheasc a thug an tAire Airgeadais, Andrew Barr, a tharraing aird an tslua agus na meán. Is fear aerach é Barr agus ba dheacair dó srian a choimeád ar a bhraistintí agus a mhothúcháin le linn a aithisc dhúthrachtaigh. Dúirt sé go léiríonn an bille go gcreideann an rialtas gur cóir an t-aitheantas céanna a thabhairt do gach caidreamh grámhar idir beirt dhaoine fásta, ach go háirithe i sochaí chuimsitheach fearacht na hAstráile. Bhí tocht ar dhaoine go leor tar éis dóibh a aitheasc a chloisteáil. Caithfear a rá go bhfuil aithne phearsanta agam ar an aire óg seo ó bhí sé ina mhalrach - is cathair bheag í Canberra - agus chuaigh an méid a dúirt sé i gcion go mór orm dá bhíthin sin.

Bíodh is go bhfuil lúcháir ar mhuintir aerach na críche faoi láthair, is féidir go gcuirfear deireadh lena gceiliúradh sul i bhfad. Thug an Príomh-Aire, Tony Abbott, foláireamh roimh rith an bhille go dtabharfadh a rialtas dúshlán air san Ard-Chúirt faoi Alt 109 de bhunreacht na tíre. Tá córas rialtais cónaidhme ag an Astráil, le cumhachtaí roinnte idir an rialtas náisiúnta agus rialtais na stát agus na gcríoch. Ritheadh an tAcht Pósta sa pharlaimint náisiúnta sa bhliain 1961 inar sainmhíníodh pósadh mar ‘the union between a man and a woman’. Má mheastar go dtagann aon acht de chuid na stát nó na gcríoch salach ar acht de chuid na parlaiminte náisiúnta, tá an ceart ag an rialtas náisiúnta dúshlán a thabhairt dó san Ard-Chúirt.

Más Gar do Dhuine a Chóta ...

Is Caitliceach traidisiúnta é Abbott, ceannaire ar an bPáirtí Liobrálach, agus ní hionadh mar sin go bhfuil sé i gcoinne pósadh comhghnéis a cheadú. Bhí cor eile sa scéal, áfach, nuair a d’fhógair a dheirfiúr, Christine, go bhfuil lámh agus focal idir í féin agus a páirtí fadtéarmach, bean darb ainm Virginia Edwards. Thug deirfiúr an Phríomh-Aire le fios go bhfuil sise ag súil go mór leis an lá a mbeidh cead acu pósadh agus d’impigh sí ar a deartháir gan dúshlán a thabhairt ar acht an ACT. De réir an tseanfhocail, más deas do dhuine a chóta is deise dó a léine, ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí an iarraidh seo. Thug Abbott ordú don Ard-Aighne ina rialtas, an Seanadóir George Brandis, an lá tar éis rith an achta an cheist a tharchur chun na hArd-Chúirte.

Cloisfear an cás ar an tríú lá de mhí na Nollag ach níltear ag súil le cinneadh na mbreithiúna go ceann tamaill eile ina dhiaidh. Chuir rialtas slacht ar fhoclaíocht an bhille chun é a neartú in éadan dúshláin, ach measann saineolaithe ar dhlí bunreachtúil go bhfuil cinneadh na hArd-Cúirte idir dhá cheann na meá. Idir an dá linn tá lánúineacha comhghnéis go leor abhus ag beartú ar bhainis a eagrú in Canberra fad is atá an t-ionú uathúil seo ar fáil dóibh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.