AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá alt Bhaloir daite le tagairtí don bhliain atá ag tabhairt na gcor anois agus atá ar tí turas na síoraíochta a thosú, nó slí na fírinne mar a bhfuil polaiteoirí i bpianbhreith agus baincstéirí i bpríosún.

Íomhá
Neam, neam, neam
(le Dennis Yang ar Flickr)
Íomhá
Tacsaí pearsanta Mhícheáil Uí Laoire
(le Irish Typepad ar Flickr)
Íomhá
An Cheis Fhada
(le Neverending September ar Flickr)
Íomhá
Norman Stormin homeward 1975
(le Manhhai ar Flickr)

Tá deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor ná a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana. Bhí fuacht agus teas againn ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais de; agus bhí dubh agus bán againn i gconspóidí agus achrainn go leor, fiú cinn nár bhain le cúrsaí ciníochais. Bhí Alan Shatter dearg san éadan agus é ag iarraidh a mhíniú dúinn go mbíonn an ceart aige i gcónaí, fiú nuair nach mbíonn. Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.

Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain. “Ní raibh ann ach siúlóid sa pháirc,” a dúirt sé le Balor. “Tá seanchleachtadh ag muintir Chorcaí ar an siúl. Féach Sonia O Sullivan ag siúl isteach ón raon reatha sna cluichí Oilimpeacha, nó Roy Keane ag siúl isteach ó pháirc na himeartha in Saipan. Ó tá muid breá ábalta a bheith ag siúl i gCorcaigh. Ní haon rud nua é cois Laoi.”

Bugair mo Bhugatti

Mhínigh Ruairí Mc Elroy (ó Norn Irlan) do Bhalor go raibh deacrachtaí aige le gnéithe éagsúla dá chluiche gailf, agus mar sin go raibh sé ag díriú isteach ar an tiomáint i mbliana. Dúirt sé go suíonn sé isteach ina Bugatti Veyron (luach £2,000,000) gach maidin agus go dtiomáineann sé síos go dtí oifig a chuntasóra é, sula dtiomáineann sé suas go dtí teach a ghníomhaire é, agus ansin tiomáineann sé é thart ar an timpeallán cúig nó sé huaire ar mhaithe leis an spraoi, sula dtiomáineann sé an Bugatti síos go dtí teach an fhir a choinníonn cuntas cruinn ar an mhéid carranna atá aige. Agus i ndiaidh na tiomána sin ar fad, níl sé in ann an bhánóg a bhualadh ón tí-bhosca. Nach aisteach an saol é!

Ach, i ndáiríre, bhí tús breá bríomhar ag an bhliain, nó thosaigh sé ar cosa in airde. Ag tagairt do na heachbhurgair atá Balor. Ní bhfuair sé féin locht ar bith orthu, nó b’iomaí uair a d’ith sé capall; ach níor thaitin na scéalta grinn ná na jócanna lofa leis. Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó!

Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile. Cé mhéad burgar a cheannófá ar €145,000?

Bíodh Each Ann nó As

Habemus Papam,” a scairt an Cairdinéal Jean-Louis Pierre Tauran i mí an Mhárta. B’in mar a chuala muid an nuacht go raibh an Pápa Proinsias i ndiaidh a theacht i gcomharbas ar an Phápa Benedict XVI. Níor thug an Pápa úr pinsean ar bith leis ón phost a bhí aige san Airgintín, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ábalta agus sásta maireachtáil ar an bheatha chúng, agus go n-íosfadh seisean burgar Tesco fiú, bíodh each ann nó ná bíodh. Deirtear gur fear simplí é a chaitheann saol simplí, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé soineanta ná mothaolach. Is cosúil go bhfuil tuiscint níos fearr aige ar chúrsaí geilleagair agus ar chúrsaí airgeadais ná mar atá ag mórán polaiteoirí. “Cén fáth nach mbíonn oiread is focal faoi sna nuachtáin nuair a fhaigheann seandaoine bás inár gcuid cathracha de bharr fuachta agus ocrais: agus go mbíonn na nuachtáin lán den scéal má thiteann an stocmhargadh cúpla pointe?” a d’fhiafraigh sé ar na mallaibh. Fanaimis go bhfeicimis caidé atá sé ag gabháil a dhéanamh faoi Bhanc na Vatacáine.

Bhí an bhliain seo dian ar shaoiste Ryanair, Micí Ó Leery. Murar tháinig na scamaill luaithrigh ar ais le cur isteach air, tháinig a scáil. Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010. B’éigean dó breis agus míle euro a thabhairt amach, dar leis. “Anois,” a deir sí “ní bheidh biseach ar bith faoin Nollaig do na píolótaí ná na sclábhaithe – oops! searbhóntaí – oops! freastalaithe cábáin – ó sea! na freastalaithe cábáin! Ní bheidh bónas ar bith ag duine ar bith (seachas mé féin!). Anois, imígí libh go dtabharfaidh mé faoin seanduine dall sin sa chathaoir rotha a bhfuil cuma throm ar a bhagáiste cábáin.”

Tuaisceartach Ó Ciaráin

Beidh cóisir sna flaithis um Nollaig agus beidh cuireadh acu siúd ar fad a d’imigh uainn ar shlí na fírinne i mbliana. Deir Balor gurbh fhiú an bás a fhulaingt, beagnach, le bheith in ann éisteacht le Páidí Ó Sé ag bualadh le Maggie Thatcher: “Anois, a Mhaighréad, tá a fhios agat nach n-oireann an comhluadar seo de dhaoine córa leithéidí iar-phríomhairí na Breataine a bhí i gcumhacht le linn na stailceanna ocrais sa Cheis Fhada. B’fhearr duit imeacht anois, a Mhaighréad. Amach! Amach! Amach! Cóisir is ea cóisir is ea cóisir, agus ní haon áit é do dhaoine nach bhfuil in ann súp a bhaint as. Féach an bheirt sin thall; sin James Gandolfini ag caint le Stormin’ Norman Schwarzkopf agus James ag taispeáint do Norman an dóigh cheart le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh. Agus féach an bheirt eile sin. Sin Séamus bocht Heaney ag éisteacht go fadfhulangach le Lou Reed atá ag geabadh gan scíth faoi Taobh Fiáin den saol atá le teacht – nó an saol in bhfuil muid anois, a Mhaggie. An dtuigeann tú? Anois, imigh leat. Amach! Amach! Amach!”

Guíonn Balor aghaidh gach dea-scéala oraibh sa bhliain úr agus cúl gach drochscéala oraibh sa bhliain atá muid a fhágáil inár ndiaidh. Mar a deireadh athair mór Bhaloir san am fadó: Tubaiste an tí agus na háite go raibh leis mar bhliain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.