Bhuail Ruth Nic Giolla Iasachta leis an stiúrthóir scannáin sa Bhriotáin, Soazig Daniellou, ar tharraing saothar léi lucht féachana chun an scáileáin le deireanas. Bhí Gael so-aithnid as Conamara ag cuidiú leo thall.
Nascanna
Tá an chéad fadscannán i mBriotáinis Lann Vras (Kalanna, 2013) ar camchuairt timpeall na Briotáine i láthair na huaire. Ba i bpictiúrlann áitiúil Le Rex i Kraozon a bhuail mé leis an stiúrthóir Soazig Daniellou. (7ú Samhain 2013)
Scéal Gwen atá sa scannán, bean óg a fhilleann ar a leithinis dúchais, Lann Vras [Lantán an Aitinn Ghallda], tar éis cúig bliana i Meiriceá Theas. Sular fhág sí, bhí sí mór le caomhnóir éan, Mark, ach anois tá páirtí nua aige. Chun cur leis an dúshlán, tá teannas ag éirí idir Mark agus muintir Gwen, atá ag iarraidh síneadh a ngnó oisrí amach i bpáirc mara cosanta, rud a ruaigfeadh na geabhróga.
Ó chúlra cláir fháisnéise a thagann Daniellou, agus tá a shliocht sin ar Lann Vras. Tá páirt thábhachtach ag an dúlra sa scéal, a thugann léargas ar dheacrachtaí comhchónaithe an chine dhaonna le hoisrí agus le héanlaith. Feictear daoine gníomhacha, agus tá béim ar nascanna pobail leis an áit. “Is minic a dhéantar scannán sa Bhriotáin agus ní bhíonn sa tírdhreach ach cineál cúlra. Bhí muidne ag iarraidh ionad samhaltach agus pobal increidte a chruthú” ar Daniellou.
Forbairt Earnála
Cé gurb é an chéad uair don stiúrthóir a bheith ag obair le haisteoirí (go leor acu aitheanta ó chompántais ardáin), measann Daniellou go bhfuil gaol faoi leith idir an fhinscéalaíocht agus faisnéis:
“is dhá thaobh den chur chuige céanna iad d’fhonn teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana. I gclár faisnéise déanaimid iarracht an saol a fhinscéalú, agus i ndráma, táimid ag iarraidh an scéal a chlárú/chartlannú”.
Is céim é seo i bhforbairt an réimse closamhairc i mBriotáinis, earnáil atá teoranta go leor cheal airgid. De dheasca claonadh lárnú rialtas na Fraince, is fada a bhí drochamhras ag an stáit ar theangacha ceantair, amhail an Bhriotáinis. Ach ó 2004 i leith, tá roinnt tacaíochta ar fáil ón Conseil Régional.
Bhunaigh Soaizig Daniellou an chomhlacht léiriúcháin Kalanna i 1997, le beirt eile, chun cláracha Briotáinise a fhorbairt don teilifís. D’eagraigh Kalanna ceardlanna arú anuraidh chun scriopta finscéil a chur le chéile. Próiseas leanúnach a bhí ann le meitheal, agus lena gcuid scileanna féin ag gach duine chun dul i dtreo léiriúcháin. Fuair siad treoir agus cabhair ó Thadhg Mac Dhonnagáin (a bhfuil ról cameo aige sa scannán freisin) a bhí ina ‘dhoctúir scripte’ dóibh. [Tá cáil ar Mhac Dhonnagáin ón tsraith do dhaoine óga Aifric (a bhfuil leagan athghuthaithe de le feiceáil ar bhealach áitiúil Tébéo) agus buntáiste eile is ea go bhfuil Briotáinis aige!]
Ná Déan Dadaidh Faoi Dhriopás
“Níor thosaíomar amach ag iarraidh fadscannán a dhéanamh in aon chor. Sraith teilifíse a bhí i gceist againne, ach tar éis leagan trialach, d’iarr Bernez Rouz ó France 3 orainn dhá chuid de 52 nóiméad a dhéanamh” a deir Daniellou. Nuair a fuair Kalanna dea-scéal ón gcoimisinéir, bhí orthu leanacht ar aghaidh gan mórán coinne, agus tá roinnt laigí le feiceáil de dheasca an driopáis seo. Ach bhí fiosracht faoin tionscadal, agus nuair a chraoladh an scannán ar an teilifís don chéad uair i mí Bealtaine 2013, d’éirigh leis. Craoladh ina dhá leath é ar dtús, mar chuid de mhír Briotáinise an chainéil (maidin Dé Domhnaigh) gan mórán ratha. Ach nuair a craoladh ina iomlán é go mall san oíche, bhain sé amach figiúirí lucht féachana i bhfad níos airde.
Bíonn an-tionchar ag an mbonneagar (am, cainéal, srl.) ar ráchairt chláir nó scannáin, go háirithe i gcás teanga mhionlaithe. Is é sin cuid amháin de dhúshlán Kalanna agus léiritheoirí Briotáinise i gcoitinne. Dar le Daniellou, is “teanga rúnda” í an Bhriotáinis ar bhealach, nó “rud ar leith”, mar nach mbíonn sí le cloisteáil timpeall na háite.
Chun “an scéal a oscailt do dhaoine nach bhfuil Briotáinis líofa acu” agus “domhan réadúil” (dátheangach) a chur in iúl, shocraigh foireann Lann Vras Fraincis agus Béarla a chur i mbéil na gcarachtar, ach is í an Bhriotáinis is mó a chloistear.
E brezhoneg penn da benn [i mBriotáinis ó bhun go barr/ ceann go ceann]
Ba í an Bhriotáinis teanga oibre an scannáin agus iad i mbun taifeadadh. Ní minic gur féidir obair le foireann teilifíse gan dul i muinín na Fraincise agus thaitin sé amhlaidh go mór leo. Mar a deir Daniellou, bhain saoirse leis freisin,“bhíomar in ann dearmad a dhéanamh den Bhriotáinis agus díriú isteach ar scannán a dhéanamh”.
Toisc na hoibre ar fad (ó na ceardlanna go dtí an eagarthóireacht) a bheith sa teanga mhionlaithe, bhí comhthuiscint agus comtháthú idir na baill foirne. Is cuimhin le Daniellou iad ag ithe lóin le chéile i restaurant routier [bialann ar thaobh an bhóthair ina n-itheadh tiománaithe leoraí], agus iad fós ag labhairt i mBriotáinis. “Chasadh daoine orainn, ag rá ‘bhí Briotáinis ag mo sheanmháthair’, nó, ‘tá mo chuid páistí ag freastal ar scoil dhátheangach’, nó a leithéid. Bhí muintir na háite an-sásta Briotáinis a chloisteáil”.
Cé go bhfuil bearna idir na glúine ó thaobh cumas teangan de, tá Daniellou dóchasach. “Anois tá daoine óga ag teacht aníos a d’fhreastail ar Diwan (scoileanna tumoideachais Briotáinise) nó ar Div Yezh (scoileanna dhátheangacha) agus daoine a bhfuil cúrsa STUMDI (eagraíocht ranganna do dhaoine fásta) déanta acu.” Mar sin, tá borradh ag teacht faoin earnáil.
Má tá daoine díograiseacha ann ar spéis leo cláracha nó scannáin a dhéanamh, ba cheart dul sa tseans. Nuair a thosaigh Kalanna a gcuid ceardlann, “ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine – ní raibh ach beirt i mbun íomhá, agus taithí faisnéise is mó a bhí acu”. De bharr an obair foirne agus an sprioc a bhí acu, thosaigh an tionscadal ag teacht le chéile. Ní raibh sé d’uaillmhian ag an meitheal fadscannán a dhéanamh, ach “nuair a tugadh an deis dúinn, bhí orainn cruthú go rabhamar in ann.”
Ó shin, tá triúr ón bhfoireann (an ceamadóir ina measc) a bhfuil gearrscriopta scríofa acu agus dhá cheann díobh sin i mbun léiriúcháin faoi láthair. Tá fonn fós ar Daniellou tabhairt faoi shraith finscéalaíochta agus íomhánna áitiúla spreagúla a chur ar fáil don lucht féachana atá ag dul i líonmhaire.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.