Bhí dáréag glic a d’fhan in uaimh le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine. Ba í an fhearthain a d’iompaigh ina ghealt gach aon duine acu den slua daonna a thug aghaidh amach as an uaimh.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap na daoine a d’fhéadfadh a bheith san áireamh sa chéad chomhaireacht eile faoi stiúir Thaoiseach úr na tíre.
»»»Scríobh an t-iar-Aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív faoi thábhacht Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge san alt seo. Tá súil aige, agus deireadh ag teacht leis an rialtas reatha, go mbeidh an chéad rialtas eile chomh saothrach don Ghaeilge.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta i measc na mBriotánach agus tá sí ag cur aithne dá réir ar mhuintir na Briotáinise. Bíonn a dteanga, urlabhra na ‘collabos’ - lucht tréasa - ina hábhar grinn i measc lucht na Fraincise.
»»»Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa ar son an Seanad a choinneáil. Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.
»»»Shásaigh lá siúlóide ar an Ribble Way Tony Birtill go mór. Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
»»»Chaith Brian Ó Broin cuid dá shaol ar guairdeall faoi imleacáin siorcanna agus roiceanna nimhe i gcríoch aineoil an miondíola, Mall of America, i Minneapolis-St. Paul.
»»»Díoladh suas is anuas le milliún cóip de leabhar nuafhoilsithe sa Bheilg agus sa Fhrainc in imeacht ráithe agus cheannaigh PJ Mac Gabhann a chóip féin. Stépane Hessel a scríobh.
»»»Tá go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta. Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais.
»»»Tá Maidhc Ó Cathail ag saothrú leis ag iarraidh ceann de theoiricí George Washington a léiriú don phobal. An ‘taobhú paiseanta’ a thug Washington air. Bheadh sé mórán ar aon éirim an tseanfhocail ‘an tsúil amuigh, ní fearrde an teach a mbíonn sé ann’.
»»»Anois go bhfuil sé socraithe go mbeidh olltoghchán ann, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cé chomh dáiríre is atá an Lucht Oibre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
»»»Chaith Robert McMillen cuid de lá i gcuideachta cheannaire an PUP, Brian Ervine, agus mhothaigh tuairim iontach spéisiúil á nochtadh aige faoi aontas traspháirtí na heite clé ó thuaidh, aontas nach samhlaítear leis an eite chlé fá Bhaile Átha Cliath.
»»»Tá giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith. Faoi mhuintir na Gaeilge atá sé anois a dhul á shaibhseáil le ceisteanna ina dteanga féin.
»»»Taispeántas d’ealaín na heolaíochta i mBaile Átha Cliath a tharraing aird Chiara Nic Gabhann. Mheabhródh sé taispeántas a tháinig chun na príomhchathrach anuraidh.
»»»Ó mhachairí gailf go spealadh Neascóidí ar fud na hEorpa, bíonn a shá le déanamh ag Balor, ach a theacht slán ó Chumann Meyrickmen a chruinnigh ina dtreibheanna i nGaillimh deireadh mhí Eanáir.
»»»Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.
»»»Bhí Eilís Ní Dhúill i láthair nuair a seoladh an leagan Gaeilge den scannán The Pipe ag Club Scannáin Sailearna ag tús na míosa.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.