Buaiteoirí
Cathal Mac Cárthaigh, Luimneach
Kelly Doherty, Chicago
Duaiseanna
Aileach
Le Jeaicí Mac Donncha
I dtríochaidí an chéid seo caite, cuirtear cailín óg anonn go Meiriceá. Gníomh comhcheilge idir a hathair, a máthair agus an sagart paróiste, in aghaidh a tola, as í a bheith ag súil le páiste agus gan í a bheith pósta. Tugann an t-úrscéal seo léargas grinn, atruach ar shaol na hÉireann ag an am, agus insíonn scéal na mná óige seo.
Tagairt ISBN 978-1-905560-60-8
Iad Siúd nach bhFaca
Le Beairtle Ó Conaire
An Ghaeltacht sa lá atá inniu ann, más ea, agus tá Aibhistín ag obair go sona sásta, má tá, don Roinn Fíoruisce agus Drochthailte. Lena hais sin, tá a chomrádaí scoile Cuimín, nár fhág an baile ná an fheilm ariamh, agus nach mórán fáilte atá aige roimh na hathruithe atá ag titim amach thart timpeall air. Úrscéal domhain, machnamhach é seo ina bpléitear na nithe is mó is cás do mhuintir na Gaeltachta san aonú aois is fiche: an Ghaeltacht á tarraingt isteach sa nua-aois, toil na ndaoine nó a héagmais, an t-athrú teanga, agus tréigean an chreidimh agus na heaglaise. Agus, ar ndóigh, an cheist mhór a eascraíonn as seo uilig: céard a thiocfas ina n-áit?
Tagairt ISBN 978-905560-53-0
Tá Beo.ie an-bhuíoch de Chló Iar-Chonnacht as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil