AR NA SAOLTA SEO
An Ribble Way
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Shásaigh lá siúlóide ar an Ribble Way Tony Birtill go mór. Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht lefolláin faoin aer úr aige.

Íomhá
An Ribble bore
le Frangle Plazma Goat ar Vicipéid
Íomhá
An comhartha taobh amuigh
Íomhá
Am lóin ag iarsmalann Ribchester
Íomhá
An t-údar i seomra folctha Rómhánach

Shiúil mé ar chuid den Ribble Way, Lancashire, ar na mallaibh. Tá achar 73 míle sa chosán seo ó bhéal abhann Ribble ar chósta Muir Éireann soir ó thuaidh go dtí a foinse ag Cam Fell, sna Penwynion i bPáirc Náisiúnta na Yorkshire Dales.

Is é an sráidbhaile Longton tús oifigiúil an chosáin, agus leanannfeadh an bhealaigh le taobh na habhann trí chathair Preston, áit a bhfuil comphobal Éireannach ann le fada. Bíonn seisiún ceoil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann dhá uair sa mhí sa teach tábhairne The Moorbrook ansin agus bíonn ciorcal comhrá gach seachtain i dteach Chonchúir Uí Ráinne. Ba as Leitir Mór a athair, agus bíonn an dream seo ag léamh agus ag plé Beo.ie gach mí (Dia dhaoibh uilig!)

Ach téann an ceangal idir an áit seo agus Éirinn i bhfad siar - nios sia siar ná 1,000 bliain, mar bhí an Ribble ina slí thábhachtach do na Lochlannaigh idir Caer Efrog (‘Eabhrac’ againne) agus Duibhlinn, nó Baile Átha Cliath, mar a raibh bunáit acu ó 841 AD. Ghlac na Lochlannaigh seilbh ar Eabhrac sa bhl. 867 agus, de réir lucht staire, chuaigh ríthe Eabhrac, mar Ivarr, Halfdan agus Sigfrith ar feachtas i nÉirinn. (Más spéis leat tuilleadh, féach A Silver Saga le Fiona Philpott agus leis an Ollamh James Graham-Campbell, 1990)

Taisce Cuerdale

Chonaic mé taispeántas spéisiúil in Iarsmalann Learphoill i 1990 faoi Thaisce Cuerdale, cnuasach mór airgead Lochlannach a fuarthas i 1840, agus bhí mé ag iarraidh an áit ar fritheadh é a fheiceáil dom féin anois.

Mar sin, thosaigh mé ag siúl taobh thoir de chathair Preston, ag áit stairiúil, Halla Cuerdale, atá cúpla ad slat ón Ribble. Fuair meitheal, a bhí ag deisiú bhruach na habhann, an taisce a bhí adhlactha i gcófra. 8,000 píosa airgid a bhí ann, idir bhoinn, sheodra agus bharraí. Sláimín deas thiocfadh leat a rá. 40 cileagram meáchain a bhí ann, an taisce d’airgead Lochlannach is mó a fuarthas riamh in iarthuaisceart na hEorpa. http://www.britishmuseum.org http://www.bbc.co.uk/history/ancient/vikings/cuerdale Ba é a bhí mar uimhir 10 sa chlár faisnéise ’Our Top Ten Treasures’ a rinne BBC TV i 2003.

Cuireadh an taisce faoin chréafóig idir 903 agus 910, tar éis díbirt na Lochlannach as Baile Átha Cliath i 902. Scríobh mé faoin scéal seo ar Beo, in eagrán 32, Nollaig 2003, faoin teidealDinnseanchas Merseyside’ mar tháinig an chuid is mó acu i dtír anseo.

D’inis an fear léinn, Seán Ó Donnabháin, an scéal i leabhar a d’fhoilsigh The Irish Archaelogical and Celtic Society i 1860. Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean. Chuaigh siad go hInis Móin – Ynys Môn - ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu as an oileán. Fuair siad cead ó Edelfrida ansin, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana, dul i dtír ag Wirral. Tá a rian le feiceáil ansin sa lá inniu i logainmneacha na háite, mar is meascán iad den Lochlannais, Gaeilge agus den Bhéarla. Tá an scéal iomlán sa ‘Ingimund’s Saga’ le Stephen Harding. Síltear gur ‘cófra cogaidh’ a bhí i dTaisce Cuerdale, le híoc as ionsaí ar Bhaile Átha Cliath le seilbh a ghlacadh ar an áit arís.

Huxley

Bliain tar éis an t-alt thuasluaite a fhoilsiú, thángthas ar thaisce eile i Huxley, Cheshire, Samhain na bliana 2004. 22 píosa airgead a bhí ann, 1.5 cileagram meáchain, agus tá siad comhaimseartha le Taisce Cuerdale. Steve Reynoldson agus buíon ó Chlub Brathadóir Mhiotal Lune Valley a fuair an taisce. Bhí seandálaí, Dan Garner, i láthair agus rinne seisean tochailt ar an suíomh. Scríobh Philpott agus Graham-Campbell leabhar nua faoin taisce seo: ’The Huxley Hoard: Scandinavian Settlement in the North West,’ tar éis comhdháil mhór faoin ábhar sa Merseyside Maritime Museum, 22.11.08.

Tar éis seal ag amharc thart ar Halla Cuerdale, lean mé sa tsiúl ar mo thriall 10 míle. Is abhainn mhór láidir é an Ribble, a scuabann go gasta anuas ó na Penwynion agus is minic faoi thuile an abhainn chéanna. Chonaic mé crann mór sáinnithe sa sruth faoin droichead thar an Ribble le taobh mótarbhealach fuadrach an M6. Ach faraor, tar éis uair an chloig, ní raibh mé in ann an Ribble a fheiceáil ón chosán a thuilleadh. Choinnigh mé orm an bealach trí pháirceanna agus coillte lastuaidh den abhainn, agus cé go raibh sé deas, bhí sé cineál uaigneach fosta agus shíl mé gur ainm contráilte a bhí ann, Slí Ribble. Shíl mé go raibh sé saoithiúil mar ní raibh an abhainn Ribble ar amharc ná ar éisteacht.

Ribchester

Agus ansin, ag seanhalla eile, Hothersall Hall, nocht an Ribble chugam arís díreach roimhe. Bhí sé ar an léarscáil gur cheart cosán seanbhóthar Rómhánach a leanacht agus bhí fhios agam go raibh mé ag druidim le Ribchester, nó Bremetennacym, mar atá tugtha ar an léarscáil fosta.

Caithfidh mé a rá go ndeachaigh an baile stairiúil seo go mór i bhfeidhm orm. A luaithe agus a d’fhág mé an cosán chonaic mé Iarsmalann Rómhánach, leis an fhógra seo air: ‘Site of the Headquarters building (principia) of Bremetennacum Veteranorum, established c.78AD in the Emperor Vespasian’s reign and under General Julius Agricola’s governorship.’

Bunáit don 12ú Léigiún a bhí ann, agus bhí ‘Ala’ de 500 marcshlua lonnaithe ansin, ina measc, muintir Asturia na Spáinne agus muintir Sarmation na hUngáire.

Tá an méid sin d’iarsmaí an tseansaoil sa bhaile is nach bhfuil slí do gach rud taobh istigh den iarsmalann, agus chaith mé an lón a bhí liom i mo shuí ar bhun colún Rómhánach sa chlós, le hiarsmaí eile ar gach taobh díom. Ar an drochuair, níl an iarsma is cáiliúla as an cheantar san iarsmalann áitiúil – is é sin, Clogad Ribchester. Fuarthas é i 1796 agus tá sé le feiceáil in Iarsmalann na Breataine i Londain. Deirtear go bhfuil sé bunaithe ar chlogad deasghnách Cheilteach.

Lean mé ar aghaidh in aice leis an Ribble cúpla céad slat go dtáinig mé go teach folctha Rómhánach agus chuig gráinseach. Tógadh iad 100 AD agus ligeadh i léig iad 225 AD, de réir an fhógra. Tá droichead ann taobh thoir den bhaile, agus sin an fáth gur thóg na Rómhánaigh an cheanncheathrú ansin. Thrasnaigh mé an droichead i gcarr mo charad ar an bhealach ar ais, tar éis lá spéisiúil de bhlaiseadh na staire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.