AR NA SAOLTA SEO
David Ervine, PUP
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chaith Robert McMillen cuid de lá i gcuideachta cheannaire an PUP, Brian Ervine, agus mhothaigh tuairim iontach spéisiúil á nochtadh aige faoi aontas traspháirtí na heite clé ó thuaidh, aontas nach samhlaítear leis an eite chlé fá Bhaile Átha Cliath.

Íomhá
Brian Ervine, ceannaire an PUP
Íomhá
Droichead Choinn Uí Néill
Íomhá
Bóthar na Seanchille c. 1970
le Fribbler ar Vicipéid

Léirigh an lá dom chomh sealadach agus chomh athraitheach is atá cúrsaí polaitíochta agus staire ó thuaidh.

Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an Connswater anois air. Ba é Conn - a mhair idir 1480 - 1559 - céad Iarla Thir Eoghain ach tá an droichead áirithe seo inniu in iarthar Chathair Bhéal Feirste, ceann de na ceantracha is dílse dá bhfuil ann.

Tharla gan eolas a bheith agam ar an cheantar, ar íorónaí an tsaoil, ba é Brian Ervine, deartháir duine de na polaiteoirí dílseacha ba mhó clú, David Ervine nach maireann, a thug ann mé. Is é Ervine ceannaire úr an Progressive Unionist Party (PUP), páirtí polaitíochta a bhfuil léargas aige ar smaointeoireacht an UVF (an bhfuil cuimhne agaibh ar an bhéarlagair amaideach sin?)

Toghadh Ervine mar cheannaire ar an pháirtí i ndiaidh géarchéime a d’fháisc as dúnmharú uafásach Bobby Moffet ar Bhóthar na Seanchille i mí Bealtaine anuraidh. Cheadaigh ceannaireacht an UVF an dúnmharú, ainneoin iad in ainm is a bheith ar sos comhraic. Chuir an feallmharú samhnas ar mhuintir na Seanchille, daoine a mbeadh an PUP ag brath orthu. Sa ruaille buaille a tháinig de thoradh air, d’imigh ceannaire an pháirtí, Dawn Purvis, agus tháinig an Dr Jack Kyle mar chomharba uirthi ar feadh tamaill bhig go dtí gur toghadh Ervine i mí Dheireadh Fómhair 2010.

In Aghaidh a Thola

Cén fáth a raibh an fear as oirthear Bhéal Feirste ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an pháirtí a bhí ag máirseáil go diongbháilte go bun an bhóthair chaoch.“Bhuel, i bhfírinne, bhí leasc orm an jab a ghlacadh,” ar sé. “Bhí mé mo scaoileadh saor ón pháirtí diaidh ar ndiaidh, mar chreid mé nach raibh sé ag déanamh ionadaíochta mar ba cheart ar son aicme oibre na bProtastúnach.
“Mhothaigh mé go raibh siad ag leanstan polasaithe lár-an-bhealaigh liobrálacha nach raibh aon bhaint acu le riachtanais na ndaoine ag an leibhéal is ísle sa tsochaí seo.

Bhí rún agam an páirtí a fhágáil go ciúin nuair a tháinig an ghéarchéim (marú Moffett). Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe. Measann sé gur fo-aicme dearmadta atá san aicme oibre aontachtach ainneoin go bhfuil daoine aonair i ngach ceann de na páirtithe atá ag déanamh obair mhóir ar an heastáit tithíochta dílseacha ach ní theann siad i bhfeidhm ar chor ar bith ar cheannaireacht a bpáirtithe, dar leis. Is oilbhéim é seo agus deir Ervine go bhfuil sé ag iarraidh aird a dhíriú ar a dhonacht is atá sé sna ceantracha seo.

Ba mhaith liom cur ina luí ar dhaoine nach bhfuil cáilíocht dá laghad ach ag buachaill amháin as gach deichniúr a fhágann an scoil i gcríocha aontachtacha den aicme oibre. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an dímheas agus ar an lochtú a dhéantar ar na ceantracha seo agus ar an dóigh a bhfuiltear ag déanamh ceap milleáin díobh cionn is nach bhfuil cumhacht pholaitiúil acu.

An Chosmhuintir agus an Sóisialachas

Mar mhúinteoir scoile a theagasc i bpríosúin chomh maith, aithníonn Ervine an tábhacht atá leis an litearthacht. “Sna príosún, bhuail mé le fir óga sna 20i nach raibh an aibítir acu, nach dtiocfadh leo a n-ainmneacha féin a scríobh. Seo na daoine a thiteann fríd eangach sábhála an oideachais agus a chríochnaíonn suas le fadhbanna drugaí agus an deoch mheisciúil nó sna paraimíleataigh nó an dá rud. Tá nasc díreach idir an díobháil litearthachta agus an choiriúlacht,” ar sé.

Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
Is annamh a chluin tú aontachtach nó Protastúnach féin ag moladh an tsóisialachais agus shílfeá go dtagann an dá rud salach ar a chéile ach a mhalairt atá fíor dar le Ervine.

Le Gnéithe de Shinn Féin

“Ó mo thaithí féin de, faighim spreagadh ón duine is mó dar shiúil ar dhromchla an domhain riamh, an Tiarna Íosa Críost, a dúirt ‘Gráigh do chomharsa mar thú féin’”, ar sé, ag rá go raibh fréamhacha an tsóisialachais sa Bhreatain bunaithe cuid mhór ar an Athnuachan Modhach. “Seanmóirithe tuata a bhí sna Tolpuddle Martyrs, cuir i gcás. Baisteadh chapels ar craobhacha ceardchumainn mar sin, an áit a raibh cruinnithe acu. Mar sin, bhí an ghné sin i gcónaí ag sileadh fríd chuislí an Phrotastúnachais.”
Mar pháirtí polaitíochta, tá an PUP an-bheag. Ní bheidh siad ach ag seasamh in aon dáilcheantar amháin sa toghchán don tionól agus gan ach ochtar sna toghcháin áitiúla ach cad é mar a fheiceann Ervine a a pháirtí i gceann cúig bliana? “Ba mhaith liom go mbeadh suíocháin againn ar fud Thuaisceart Éireann,” ar sé agus ansin dúirt sé rud éigin thar a bheith suimiúil.
“Feicim an PUP agus gnéithe de Shinn Féin chomh maith le guthanna sóisialacha sa Workers Party agus Northern Ireland Labour ag teacht le chéile ar na ceisteanna a chránn an aicme oibre agus é mar aidhm againn páirtí aontaithe sóisialach a bhunú,”

Bealach Amach don UVF

Agus an chaint seo uilig faoin Chríostaíocht agus faoin tsóisialachas, tá eilifint (mheafarach) sa seomra, an UVF, eagraíocht atá freagrach as 400 éigin dúnmharú le linn na dtrioblóidí. Cá bhfuil an Chríostaíocht le fáil ansin? D’fhiafraigh mé de Ervine, cad é go díreach an nasc PUP agus an UVF? 

Tuairiscíodh sna nuachtáin go raibh rún ag an PUP an nasc idir iad féin agus an UVF a choinneáil, ach caithfidh tú fios a bheith agat cén cineál naisc atá i gceist,” ar sé. “Tá an nasc ann le go n-éascóidh muidinne bealach amach as dufair an fhoréigin agus an bhithiúntais dóibh le go dtig leo a bheith ag saothrú ar son a bpobail. Tá réimse leathan imeachtaí curtha ar bun againn leis an mhéid sin a éascú. Is é an ról atá agamsa na iad a chur as gnó mar eagraíocht pharamíliteach.”
Ach cad é faoi bhagairt na n-easaontóirí Poblachtánacha?

Is cuma,” arsa Ervine. “Tá an tAontas sábháilte, agus más mian leis an UVF freastal ar a mhuintir, thig leo sin a dhéanamh fríd obair a dhéanamh le daoine óga, le dreamanna pobail nó fríd an pholaitíocht. Níl feidhm ar bith leis an fhoréigean níos mó.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.