THALL IS ABHUS
An Bhrezhoneg abú!
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Tá Ruth Nic Giolla Iasachta i measc na mBriotánach agus tá sí ag cur aithne dá réir ar mhuintir na Briotáinise. Bíonn a dteanga, urlabhra na ‘collabos’ - lucht tréasa - ina hábhar grinn i measc lucht na Fraincise.

Íomhá
Leabhar Hervé Lossec agus Bretons
Íomhá
'Oifig na Briotáinise' ar thaobh cairr
le Man Vyi ar Vicipéid
Íomhá
Gwenn ha Du - Fionn agus Dubh, bratach na Briotáine
Íomhá
A L'Aise Breizh
Íomhá
Comhartha dhá theanga
le Man Vyi ar Vicipéid

Tá mé tar éis tabhairt faoi theanga Cheilteach na Briotáine, an Bhriotáinis (nó brezhoneg) ón am a tháinig mé go Brest. B’fhéidir go ndéanfaidh mé cur síos ar chuma na teanga am éicint eile, ach ba mhaith liom scríobh ar stair agus ar choinníollacha comhaimseartha na Briotáinise anseo. Cé nach bhfuil an teanga ar fáil i ngach scoil, tá an-chuid spéise inti anois, agus tá neart páistí ag freastal ar scoileanna Diwan nó scoileanna dátheangacha. Tá stair na Briotáinise éagosúil le stair na Gaeilge. Roghnaíodh an Ghaeilge mar chomhartha neamhspleáchais ag an Saor-Stát nua siar sna 1920í, agus cuireadh béim uirthi mar chuid dár bhféiníomhá náisiúnta. Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus feiceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha. Ní chloistear ‘canúintí ceantair’ ar an teilifís ná ar an raidió, go fiú sa lá inniu, ach amháin mar ábhar grinn.

Ní bhíodh cead ag daltaí (ná ag múinteoirí) ach an Fhraincis a labhairt i scoileanna na Poblachta faoi stiúir an Aire Jules Ferry thart ar chéad bhliain ó shin. Cuireadh cosc ar an mBriotáinis san eaglais ó 1902 ar aghaidh. Bhí sé ina raic ag an am, mar ba Chaitlicigh láidre iad formhór na mBriotánach. B’iad na sagairt i ndáirire a chothaigh scileanna léitheoireachta i mBriotáinis, chun go mbeadh an pobal in ann a gcuid paidreacha a rá. I measc na bhfoilseachán i mBriotáinis ag an am, bhí neart ábhar creidimh, ach go hoifigiúil, ní raibh stádas ag an mBriotáinis.

Urlabhra na Cosmhuintire

D’ainneoin an mhéid sin, an easpa stádais sin, labhraíodh an Bhriotáinis go forleathan i 90% de theaghlaigh na Briotáine ‘Ísle’, nó Thuaidh, go dtí 1914. Lean na daoine orthu ag labhairt an teanga seo ar bhonn laethúil ar an bhfeirm nó amuigh ag iascach go dtí deireadh an dara cogaidh domhanda. Tharla an t-athrú is mó mar gheall go raibh ar dhaoine Fraincis a úsáid san airm, agus leis na hathruithe eile sóisialta ag an am (raidió, aistriú go cathracha in ionad fanacht faoin tuaith), thosaigh daoine ag casadh i dtreo na Fraincise. Le linn na 40í, thosaigh gluaiseacht litríochta faoi stiúir Roparz Hemon ag iarraidh litriú agus cultúr na teanga a tharrtháil. Nuair a tháinig na Gearmánaigh chun an Fhrainc a chur faoi chois i 1940, thapaigh roinnt Briotánach an deis chun tacaíocht a fháil dá dteanga. Bhí na Gearmánaigh sásta tacú le haon duine a bhí i gcoinne na bhFrancach, ach ní raibh mórán tionchar feidhmiúil leis an ngluaiseacht seo. Tar éis an chogaidh, chas go leor Briotánach ón dteanga, mar cuimhníodh uirthi mar urlabhra na bhfealltóirí, nó ‘collabos’ - lucht tréasa.

Faoi na 1950í, bhí go leor daoine nach raibh in ann an teanga a labhairt, bíodh gur thuig siad í go fóill. Ach ní raibh mórán ag tarlú sa saol poiblí, agus diaidh ar ndiaidh, thosaigh an teanga ag cailleadh nirt. D’athraigh sé sin sna 70í. Maraon le gluaiseachtaí féinmhuiníne timpeall an domhain ag an am (cearta sibhialta i Meiriceá agus i dTuaisceart Éireann, cearta teanga do na Māori sa Nua-Shéalainn), thosaigh na Briotáinigh ag cur spéise ina saíocht agus ina dteanga arís. Ba sa bhliain 1977 a thosaigh an chéad scoil Diwan (ar nós naíonra) agus d’fhás córas bunscolaíochta agus meánscolaíochta as sin de réir a chéile. Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan [canadh agus freagra] cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou [píobaí Briotánacha] agus an bombarde [feadóg] le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile. Deirtear san iris Bretons gur tharla rud as an ngnáth thiar sna 1970í nuair a chuir Alan Stivell nasc aibhléise lena chláirseach.

Athshealbhú na Briotáinise

Ar bhealach, bhí an ceol i bhfad níos éasca a athshealbhú ná an teanga, mar, cosúil le cás na hÉireann, bhí dearcadh aisteach i gcoinne na teanga mionlaithe agus mar gheall ar í a bheith nasctha le fada an lá le polaitíocht ar leith. Bhí an-chuid oibre le déanamh faoi íomhá na teanga i measc na ndaoine, chun mórtas a fháil ar ais. Sin rud atá ar siúl i láthair na huaire, agus tá na Briotánaigh ag teacht i dtreis ina n-oidreacht ceilteach.

Shocraigh beirt dearthóirí óga seaníomha na tíre a athrú, nuair a thosaigh siad a ngnó ‘A L’Aise Breizh’ [‘tóg go bog é’ na Briotáine] i 1996. Chas an ‘ermine’ – atá le feiceáil i gcúinne bhratach na Briotáine - ina dhuilleog cnáibe agus rinneadh carachtar cartún den tseanbhean ‘bigoudin’ [hata bán ard traidisiúnta] agus cuireadh ar T-léinte iad. Anois díoltar níos mó ná 200,000 in aghaidh na bliana, agus tá beagnach 20 daoine fostaithe acu. Is minic a fheictear a gcomhartha bigoudin ar charranna timpeall na cathrach (mar atá sa ghrianghraf ar dheis).

D’fhoilsigh Hervé Lossec leabhar le déanaí dar teideal Les Bretonnismes, a mhíníonn nathanna cainte i bhFraincis na Briotáine a d’eascair as an mBriotáinis. Díoladh 3,000 leabhar le trí lá, agus ina dhiaidh sin, 40,000 taobh istigh de dhá mhí. Dar leis an iris Bretons, tugann sé seo le fios go bhfuil mórathrú tar éis teacht ar fhéiníomhá na Briotáine. Tá siad ag cur spéise ina nathanna cainte féin, agus tá siad ag éirí mórtasach astu. D’fhás an leabhar as sraith altanna a scríobh Lossec do nuachtáin áitiúil i rith an tsamhraidh. Chuile lá, dhéanadh sé cur síos ar nath nó ar fhocal faoi leith i gcolún dea-scríofa agus greannmhar. Fuair sé an-chuid litreacha isteach le tuilleadh eolais ar nathanna eile, nó ag moladh a chuid oibre, agus faoi dheireadh, d’iarr an t-eagarthóir air an t-eolas seo a chur ar fáil i bhfoirm leabhair.

Tá neart eile is féidir a rá faoi leabhar seo Lossec, ach fágfaidh mé sibh le blaisín spéisiúil. Deirtear ‘Je suis content d’aller avec toi’ [Tá mé sásta dul leat] sa Bhriotáin in ionad ‘Je suis d’accord d’aller avec toi’ [Aontaím dul leat], mar a deir na Francaigh. Tagann an dul cainte sin as an mBriotáinis ‘Kontant on da vont ganit’ [lit. ‘Sásta atá mé dul leat’ – nó ‘Tá mé sásta dul leat’].

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.