Mheas an Taoiseach úrthofa achar gairid ó shin ar bonn ‘hunch’ an Ghaeilg a chartadh amach as aicme na gcroí-ábhair ardteiste. De réir Raidió na Gaeltachta faoin 16 Feabhra 2011, bhí leagan amach an Taoisigh, agus Fine Gael dá réir, athraithe go port eile: “nuair a bheidh an taighde déanta”.
»»»Bhí an saol ag múineadh Aire Oideachais na Sé Chontae, Caitríona Ruane, sa dóigh gur shiúil sí cuid de Mheiriceá Láir, taithí a thug uirthi a hamhail a dhíriú ina dhiaidh sin ar dheacrachtaí an Tuaiscirt. Chuaigh Robert McMillen chun cainte léi i mBeannchar, Contae an Dúin.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar thoradh an olltoghcháin. Deir sé nach n-athróidh mórán ag deireadh thiar thall, má shocraíonn An Lucht Oibre dul i gComhrialtas le Fine Gael.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!
»»»Bhásaigh na céadta d’aon bhéim amháin i dtuilte na Brasaíle Mí Eanáir agus níor bhásaigh ach 35 duine i dtuilte Queensland na hAstráile. Míníonn Alex Hijmans cén fáth gur thit an tubaiste chomh trom ar mhuintir a atíre féin, an Bhrasaíl.
»»»Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.
»»»Ní beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí. Tá fios an scéil ag Bearnaí Ó Doibhlin sa domhan theas.
»»»Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
»»»Beidh tionchar ag an toghchán ó dheas ar an toghchán ó thuaidh faoi cheann dhá mhí. Bhí Robert McMillen ag meá oibriú imeachtaí ar na páirtithe go léir.
»»»Rianaíonn Tony Birtill scéal an ealaíontóra David Jacques san alt seo. Is fear é Jacques a spreagadh i mbun na healaíne as leabhar Robert Noonan a léamh agus as saothar Diego Rivera a fheiceáil.
»»»Deirtear nach mbíonn tréan buan. Tá Brian Ó Broin ag faire ar eachtraíocht Scot Walker, rialtóir Wisconsin, a bhí chomh tréan in achar seachtaine is gur tionscnaíodh éirí amach i gcoinne a reachta.
»»»Míníonn Maidhc Ó Cathail san alt seo a bhfuil taobh thiar d’eachtraí uafáis an Mheánoirthir le roinnt seachtainí anuas. Ní as an aer a thosaigh an réabadh agus an marú.
»»»Tá ré an nuachtáin, mar pháipéar nuachta, tugtha. Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.ie, storyful.com nó ar an irishtimes.com féin.
»»»Chuaigh an scéala brónach amach go bhfuair an t-ealaíontóir TP Flanagan bás ar na mallaibh, fear a bhí ag obair suas go lá deiridh a shaoil. Amharcann Ciara Nic Gabhann siar ar a shaol agus ar an saothar mór luachmhar atá fágtha ina dhiaidh.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige. D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.
»»»An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.
»»»Tá Tomás Ó hAodha den tuairim go bhfuil ceacht le foghlaim againn in Éirinn ón tslí ar sheas dreamanna i Sasana an fód in éadan dhíol a sócmhainní aiceanta mar a bhí ceaptha a dhéanamh ag rialtas na Breataine. Níor díoladh a gcuid coillte siadsan.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.