CÚRSAÍ SPÓIRT
Eolaithe Óga agus Nithe Eile
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta. Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais.

Íomhá
An buailteoir
Íomhá
An tarraingt
Íomhá
An imirt

Ar an Aoine 14 Eanáir, fógraíodh príomhbhuaiteoir an 47ú Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT 2011 nó an BT Young Scientist & Technology Exhibition mar a thugtar air go coitianta, faraor. Ba é sin Alexander Amini de chuid Choláiste Chaisleán Cnuca i mBaile Átha Cliath. Tennis sensor data analysis an teideal a thug an buaiteoir óg, nach bhfuil ach cúig bliana déag d’aois, ar an tionscadal a rinne sé agus bhainduais €5,000 móide comhramh de chuid Chriostal Phort Láirge as ucht a chuid oibre.

Tharla go raibh mé ag éisteacht le Seán Bán Breatnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Aoine sin ar fógraíodh na duaiseanna. Bhí sé ag cur agallaimh ar chuid den dream óg daoine a raibh saothar acu sa taispeántas. Saothar trí Ghaeilge a bhí i gceist agus ba spéisiúil agus ba spreagúil a bheith ag éisteacht leo agus iad ag déanamh cur síos ar an obair a rinne siad. Thug mé cuairt ina dhiaidh sin ar láithreán Gréasáin an Eolaí Óig agus, chomh fada agus bhí mé in ann a fheiceáil, ní raibh Gaeilge ar bith le fáil ar an ngréasán seachas i gcás teachtaireachtaí Mháire Uí Chochláin, T.D., Aire Oideachais agus Scileanna, agus Caitríona Ruane, MLA, Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, a bhí dátheangach. Fuair mé amach gur bronnadh duais nó ardmholadh ar 262 de na tionscadail ach nach raibh ach aon cheann déag, nó 4%, díobh sin i nGaeilge.

Teanga ar Iarraidh

I gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Straitéis 20 Bliain an Oireachtais don Ghaeilge, ní dóigh liom go mbeadh sé míréasúnta a bheith ag súil amach anseo go mbeadh áit níos lárnaí ag an nGaeilge in imeachtaí ar nós Thaispeántas an Eolaí Óig. Níorbh fhearr áit tosaithe don straitéis nua dar liom ná i measc na hóige. An Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag leithéidí Thaispeántas an Eolaí Óig a theastaíonn. D’fhéadfaí áitiú ar lucht a eagraithe go bhfuil gach duine de na daltaí scoile i bPoblacht na hÉireann a bhfuil an comórtas dírithe orthu ag foghlaim na Gaeilge agus má tá €5,000 ar fáil don bhuaiteoir, ní bhrisfeadh sé an banc dá mbeadh €1,000 breise ar fáil ach an iarracht a bheith i nGaeilge nó dátheangach. Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.

Ach, cén bhaint atá ag an Eolaí Óg le cúrsaí spóirt? Bhuel, is ar chúrsaí spóirt a dhírigh cuid de na heolaithe óga a n-aird, ní nach ionadh. Rinne an príomhbhuaiteoir, Alexander Amini, tionscadal faoin gceannteideal Tennis sensor data analysis - anailís ar luascadh an mhaide leadóige agus ar thorthaí a bhaineann le cineálacha éagsúla buillí a tharraingíonn imreoir leadóige ar an liathróid. Chuir mé suim sa tionscadal seo ar an ábhar go mb’fhéidir go bhféadfadh an t-aireagán nua seo anailís a dhéanamh chomh maith céanna ar luascadh an chamáin agus ar an mbuille a tharraingítear ar an sliotar. An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.

Gaoth Dobhair

Tionscadal eile a tharraing m’aird ó thaobh na gcluichí Gaelacha de ná ceann a rinne scata buachaillí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar mhinicíocht an drochíde béil móide an droch-chaint a thugann imreoirí d’oifigigh an CLG i gcodarsnacht leis an iompar i gcás imreoirí rugbaí. Proinnsias Ó Gallchóir, Shane Mac Grianna agus Tomás Ó Duibheannaigh a rinne an tionscadal ar thug siad ‘Fiosrú ar an mhí-úsáid a fhaigheann oifigigh CLG i gcomparáid le hoifigigh rugbaí ar an pháirc’ air. I mbeagán focal, fuair siad amach go bhfuil droch-chaint agus an íde béil dírithe ar réiteoirí agus ar oifigigh eile níos coitianta ar pháirceanna CLG ná mar atá ar pháirceanna Chumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU.

Ní dóigh liom go gcuirfeadh tátail ghasra Ghaoth Dobhair ionadh ar aon duine agus tagann siad le mo thaithí féin (d’imir mé rugbaí sa mheánscoil agus peil agus iomáint taobh amuigh den scoil). Bhí difríocht an domhain an uair sin, agus b’fhéidir go bhfuil fós, idir iompar teanga an imreoir rugbaí agus a mhacasamhail i mbun peile nó iománaíochta. Ní osclódh an t-imreoir rugbaí a bhéal leis an réiteoir, ach ba mhinic don pheileadóir nó don iománaí a bheith drochbhéasach, béalscaoilte. Nílim á rá go scaoiltí ar fad leis an mí-iompar, ach ghlactaí, agus glactar fós, bíodh sé ceart nó mícheart, le méid áirithe drochchainte i measc sean agus óg ar pháirceanna CLG.

An Taithí

Ar son léargas breise a fháil, labhair mé le réiteoir cáiliúil idirchontae a bhfuil taithí mhór, fhairsing aige ar chluichí gach leibhéal, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh. Dúirt sé gur gnáthiompar teanga í an droch-chaint fhánach ar pháirceanna CLG. “Déanaim agus déanann formhór na réiteoirí” a dúirt sé, “ idirdhealú idir úsáid fhánach na droch-chainte agus úsáid mhailíseach le céile comhraic nó le réiteoir. Níl úsáid na droch-chainte chomh coitianta sin sna cluichí sinsearacha idirchontae ar an ábhar go mbíonn níos mó smacht ag na himreoirí ag an leibhéal sin orthu féin seachas mar a bhíonn ag imreoirí cumainn”.

Ach, cad é dúnghaois oifigiúil an CLG? Tagann polasaí iompar teanga na heagraíochta faoi Cód Iompair agus Rialacha Imeartha araon. Deirtear go dtéann ‘an Cód Iompair seo i ngleic leis na híosleibhéil chuí iompraíochta, cleachtais agus iompair a theastaíonn ónár n-imreoirí óga, cóitseálaithe, meantóirí, tacadóirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, réiteoirí agus Cumainn’. Comhairlítear sa chód do bhaill éagsúla gan:

‘drochtheanga nó teanga/comharthaí gríosaitheacha le himreoir, céile comhraic nó [le h]oifigeach’ a úsáid

‘imreoirí, meantóirí ná oifigigh a chiapadh’.

‘drochtheanga nó tagairtí ciníocha agus/nó seicteacha a úsáid’.

Maidir le hiompar ar pháirc na himeartha míníonn an Treoraí Oifigiúil go bhfuil cosc ar ‘caint mhaslachbhagrach a úsáid le réiteoir, moltóir, maor, feidhmeannach’ agus an smachtbhanna sa chás seo ná cur an imreora den pháirc. Ach, i gcás ‘caint nó gothaí maslacha nó gríosaitheacha a úsáid le céile comhraic’ is é an smachtbhanna ná fainic a chur ar an gciontóir agus i gcás an dara coir é a dhíbirt den pháirc.

Pé ní faoi pholasaithe oifigiúla, is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil deighilt idir fhoclaíocht agus cur i bhfeidhm na rialach agus go bhfuil a leagan féin ag na réiteoirí air mar scéal. Mar a dúirt an réiteoir aitheanta liom: “b’fhearr liom féin agus le réiteoirí eile, fearg agus droch-chaint mhailíseach a bheith dírithe orainn féin ná ag imreoirí ar a chéile mar go mbíonn sé níos éasca fearg an imreora a láimhseáil sa chomhthéacs sin ná mar a bhíonn nuair a dhíríonn sé a fhearg ar imreoir eile”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.