AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Ó mhachairí gailf go spealadh Neascóidí ar fud na hEorpa, bíonn a shá le déanamh ag Balor, ach a theacht slán ó Chumann Meyrickmen a chruinnigh ina dtreibheanna i nGaillimh deireadh mhí Eanáir.

Íomhá
Máirtín Ó Maoil Míchil
le Séamas Bond SAM ar Vicipéid
Íomhá
An Giolla Mór Mac Éamoinn
Íomhá
Bobby i lár an aonaigh
Íomhá
Enda dat Gabharment
Íomhá
Comhan Ó Brain

Níl amhras ar bith fá dtaobh de, a chairde: is cluiche é an galf atá thar a bheith contúirteach; níos dainséaraí go mór ná an dornálaíocht: níos contúirtícaitheamh sceana; níos baolaí ná an iomáint, ná an Iomrascáil Sumo, ná an taekwondo, ná an pholaitíocht féin, fiú.

Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.

Is maith atá a fhios ag Pádraig Dimples Harrington an chontúirt an bhaineann leis an chluiche. Dimple beag thall nó abhus – sin an méid a bhíonn de dhíth chun milliún Euro de dhuaischiste a chaitheamh i dtraipisí. Pádraig bocht! Agus níl ach seachtó nó ochtó milliún aige cheana féin.

Agus ós ag caint dúinn ar chluichí, tá Balor den bharúil láidir go mba chóir go mbeadh a fhios ag daoine roimh an olltoghchán cén cluichí a imríonn polaiteoirí na hÉireann. Níl galfaire eile uainn mar Thaoiseach! Chuir Balor an Bhéil Bhinn agallamh spóirt ar roinnt de na polaiteoirí is mó le rá sa tír.

Ráiteachas an Ghiolla Mhóir

Labhair sé ar dtús le hÉamonn an Giolla Mór, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, nó mar a thugann daoine áirithe orthu: Páirtí an Locht Oraibhse:

“A Éamoinn, caidé an spórt is mó a thaitníonn leat?”

“Bhuel, a Bhaloir na páirte, tá a fhios ag an saol mór an dúil atá agam sa pheil. Is breá liom rith ó cheann ceann agus ó thaobh taobh na páirce agus an liathróid a thabhairt uaim nuair a éiríonn cúrsaí rud beag teanngarbh. Ní haon mhaith a bheith i do sheasamh mar chuaille agus an liathróid i do láimh agat nuair a éiríonn rudaí corraithe. Pasáil – nó mar a deir lucht na Gaeilge snasta seachadadh na liathróide – sin an scil is mó atá agamsa agus sin an ceacht is mó a d’fhoghlaim mé ón pheil. Is breá liom a bheith in ann an liathróid a chur isteach i gcúl an chúil (hó! hó!), ach is tábhachtaí go mór a bheith in ann an trioblóid… an liathróid atá i gceist agam – a thabhairt ar aghaidh do dhuine éigin eile. Anois, tá a fhios agam go maíonn daoine áirithe go mbeadh sé deacair orm aon phasáil a dhéanamh. Bíonn cladhairí agus rógairí áirithe ag cur greamaitheacht i mo leith – stickiness, tá a fhios agat, a Bhaloir. Ach níl sé fíor! Agus fiú má bhí, tá sé thart!”

Spealadh na Neascóide

Ach ní raibh Balor sásta ligean leis gan cheist a chur air faoi Nessacóid Childers, Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Locht Oraibhse, a mhaígh i bParlaimint na hEorpa gur meilt airgid a bhí ann cáipéisí a aistriú go Gaeilge. Dúirt sí go raibh Béarla ag gach Éireannach a bhí ag obair san Aontas Eorpach, agus gur leor, mar sin, na cáipéisí a bheith i mBéarla. Is í an cheist a bhí ag Balor ná: “Ós rud é go bhfuil Béarla ag gach Sualannach, gan Fionlannach agus gach Gearmánach atá ag obair san Aontas Eorpach, ar chóir cáipéisí na dtíortha sin a bheith i mBéarla fosta?”

Ceist eile a bhí ag Balor ná “Cén cluiche is fearr léi?”

“Dodge Ball is maith léi a imirt,” a dúirt Éamonn.”

“Is maith sin,” a d’fhreagair Balor, “nó beidh scileanna an chluiche sin de dhíobháil uirthi le fanacht amach ó na haistritheoirí Gaeilge ar fad atá ag brath ar na haistriúcháin sin chun slí bheatha a bhaint amach.”

Enda da Gabharment

Ar aghaidh le Balor chuig ceanncheathrú Fhine Gael, áit ar bhuail sé le hEnda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ag stánadh isteach sa scáthán agus ag cinntiú nach raibh oiread is ribe dá dhlaoi as alt.

“Is dócha, a Enda,” a d’fhiafraigh Balor den chéad Taoiseach eile, “go dtaitníonn an pheil leatsa fosta – go háirithe an phasáil?”

“Ó ní thaitníonn ar chor ar bith,” arsa Enda. “Ní maith liomsa rudaí a thabhairt uaim in aon chor. Tá mé ag fanacht le fada le seans mar seo a theacht ’fhad liom, agus ní bheinn sásta rud ar bith a ligean uaim ná a chur thart, fiú dá mbeinn ag iarraidh é a dhéanamh.”

“Agus cén spórt is maith leat, más ea, a Enda?” a d’fhiafraigh Balor.

“Is é an spórt is fearr liomsa, a Bhalóir, ná an uaimheadóireacht – potholing mar a deir lucht an Bhéarla. Tá potholes go leor sa tír anois, i ndiaidh a raibh againn de shioc agus sneachta agus oighear – a bhuíochas sin do scabhaitéirí Fhianna Fáil nach raibh sásta na píobáin teasa a chur faoi na bóithre mar a mhol mé. Is breá liom dul síos síos síos, chomh fada agus a thig liom. Agus an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir, san áit nach mbíonn pothole ar bith, is breá liom poll a thochailt dom féin agus dul síos ann chomh domhain agus is féidir liom. Sin agat anois é, a Bhaloir: uaimheadóireacht!”

Máirtín Mac Giolla Mhicí

As go brách le Balor chuig tithe an Rialtais, agus é ag iarraidh teacht ar Cheannaire Fhianna Fáil. Bhí daoine ag rith anonn is anall, suas síos, isteach is amach, agus gach bealach dar chruthaigh Crom Dubh riamh. Chuir sé ceist arís agus arís eile cá raibh an Ceannaire, ach ní raibh a fhios ag duine ar bith.

“An é an Taoiseach atá uait, nó an Ceannaire?” a fiafraíodh dó. “An é an Ceannaire nó an Ceannaire Nua, nó an Ceannaire páirtaimseartha?”

“Cá bhfuil Mickey Martin?” a scread Balor.

Faoi dheireadh agus faoi dheoidh tugadh Balor isteach i seomra beag cúil ar bharr an tí, áit a raibh Mickey ina shuí ar inneall rámhaíochta, é ag dul chun tosaigh agus ar chúl, chun tosaigh agus ar chúl, gan stad.

“Á a Bhaloir, tá fáilte romhat,” a dúirt Mickey. “Cad is féidir liom a dhéanamh duit?” Bhí sé doiligh ar Bhalor Gaoluinn na Mumhan a thuigbheáil, go háirithe agus Mickey as anáil. Shocraigh sé ar an cheist a chur láithreach: “Cén spórt is maith leat a imirt, a Mhickey?”

“Bhuel, a Bhaloir, is aisteach an cheist í sin ag am mar seo. Ach ós rud é gur chuir tú ceist dhíreach, is freagra díreach a gheobhaidh tú uaim. Is maith liom an rámhaíocht.”

“Rámhaíocht, leoga,” arsa Balor. “Agus cén fáth sin, a Mhickey?”

“Bhuel, a Bhaloir, tá taithí chomh mór sin againn sa pháirtí seo ar dhul siar le cúpla bliain, go bhfuil sé chomh maith againn buntáiste a dhéanamh as. Is í an rámhaíocht an t-aon spórt is féidir liomsa smaoineamh air, a mbíonn tú ag dul chun cinn ’fhad is a bhíonn tú ag dul siar. Agus tá an dul chun cinn ag teastáil go géar uainne. Anois, gabh mo leithscéal, a Bhaloir, ach caithfidh mé dul ar aghaidh leis an chleachtadh seo. Slán anois.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.