THALL IS ABHUS
Tabhair ’om Casúr nó Tua!
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Díoladh suas is anuas le milliún cóip de leabhar nuafhoilsithe sa Bheilg agus sa Fhrainc in imeacht ráithe agus cheannaigh PJ Mac Gabhann a chóip féin. Stépane Hessel a scríobh.

Íomhá
Stéphane Hessel ag tionól Écologie na hEorpa anuraidh
Marie-Lan Nguyen ar Vicipéid
Íomhá
Páras sa bhliain 1940
le NARA SAM ar Vicipéid
Íomhá
Cuimhneachán de la résistance ag Vassieux-en-Vercors
le David Monniaux ar Vicipéid

I dtús Twelfth Night de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í. Má tháinig sí agus roinnt daoine eile slán ón longbhriseadh, tá a deartháir, Sebastian, caillte agus is léir faitíos uirthi faoi céard atá i ndán di sa tír iasachta seo darb ainm Illyria. “Agus céard ba cheart dom a dhéanamh in Illyria?” a fhiafraíonn sí.

“Cén tír í seo, a chairde?” Ní hé go gcuirtear an cheist amach díreach ag tús an leabhair ‘Indignez-vous!’ (Bígí feargach!), leabhar a scríobh Stéphane Hessel, duine a sheas le de Gaulle sa Dara Cogadh Domhanda agus arbh é ambasadóir na Fraince é ina dhiaidh sin i Saigon, i gCathair na hAilgéire agus sa Ghinéiv. Ach is é sin atá i gceist aige. Is ar éigean a aithníonn an t-údar an tír inar chaith sé ceithre fhichead bliain dá shaol. Dar leis go bhfuil na luachanna ar a bhfuil an tsochaí sa Fhrainc bunaithe faoi bhagairt.

Maíonn sé go bhfuil neamhaird á déanamh de dhá dhoiciméad ina bhfuil an daonlathas sa Fhrainc iarchogaidh fréamhaithe. Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.

An tSochaí Iata

Is gá dúinn a bheith dílis do na prionsabail sna doiciméid sin,” arsa Hessel in ‘Indignez-vous!’. “Ní aithním an tsochaí,” a deir sé, “ina ndíbrítear daoine toisc nach bhfuil na páipéir chearta aitheantais acu nó ina mbíonn faitíos ar dhaoine roimh an inimirceach. Ní aithním ach oiread an tsochaí ina bhfuil pinsin daoine agus an córas leasa shóisialta trí chéile faoi léigear. Agus diúltaím don tsochaí ina bhfuil na meáin chumarsáide i seilbh lucht an rachmais.”

Foilsíodh leabhar Hessel i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus tá os cionn 900,000 cóip de díolta sa Fhrainc agus sa Bheilg go dtí seo. In agallamh a thug sé don nuachtán Le Monde, dúirt Jean-Marie Sevestre, a bhfuil siopa leabhar aige in Montpellier, go bhfuil ráchairt ollmhór ar ‘Indignez-vous!’. “Níl a leithéid feicthe agam riamh roimhe,” arsa sé, “agus tá ceathracha bliain caite agam i mbun an ghnó seo.” Ocht míle cúig chéad cóip den leabhar a díoladh i siopa Sevestre i rith mhí na Nollag amháin.

Is Gá Athrú

Creideann Hessel go bhfuil údar imní agus feirge ag daoine sa chaoi a bhfuil cúrsaí sa Fhrainc faoi láthair. “Sa domhan, tá rudaí ann nach féidir cur suas leo a thuilleadh,” a deir sé. “Féachaigí thart, feicfidh sibh féin iad.” Níor cheart do dhaoine, óg nó aosta, a cheapadh nach fiú a bheith gafa le ceisteanna dá sórt nó nach féidir linn aon ní a dhéanamh fúthu. Nó a cheapadh ach oiread nach mbaineann na ceisteanna seo linn.

Is gá, dar leis, an córas geilleagair a athrú, córas atá ag brath ar thomhaltas gan srian agus ar chomórtas géar idir thíortha agus idir phobail. Is ceart go mbeadh tús áite feasta ag leas an phobail seachas ag leas an duine aonair agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht. Is olc le Hessel nár éirigh linn fós deireadh a chur leis an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín. Cuireann sé coireanna cogaidh i leith arm Iosrael, mar a chuir freisin tuarascáil Richard Goldstone ar Gaza i Meán Fómhair 2009. Is léir an meas atá ag Hessel ar mhuintir Gaza agus ar an dóigh ina dtéann siad i ngleic leis an saol in ainneoin an ghátair i measc an phobail de dheasca coscanna trádála atá curtha i bhfeidhm ag na hIosraelaigh.

Cáintear lucht an fhoréigin in ‘Indignez-vous!’. Agus fiú más intuigthe féin an foréigean scaití le teann éadóchais agus frustrachais, ní cur chuige feidhmiúil é, dar leis an údar. Síleann sé gur treise i bhfad an gníomh neamhfhoréigin, mar a léirigh Nelson Mandela agus Martin Luther King, an neamhfhoréigean atá bunaithe ar chomhthuiscint agus ar idir-réiteach.

Creideann Hessel go bhfuil dul chun cinn iontach déanta ag an gcine daonna le seasca bliain anuas - luanngo háirithe an próiseas díchoilínithe agus deireadh leis an gcóras cinedheighilte mar aon le titim Aontas na Sóivéide - ach ní leor é. Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne. “Bíodh siocair agaibh ar fad! Bígí feargach faoi chúrsaí,” a deir sé. Agus má bhíonn siocair ag duine, dar leis, is mó seans go mbeidh an duine gníomhach ar son na siocrach sin.

Ábhar Machnaimh an Éireannaigh

Chuirfeadh sé duine ag machnamh. Bliain iomlán caite agus cúrsaí chomh dona céanna i Háítí is cosúil. Agus in Éirinn, céard atá i ndán dúinn? Cá bhfuil an té a thabharfas treoir dúinn? Ní haon Stéphane Hessel mé ná baol air ach tá rudaí ann a chuireann le báiní mé.

Mar shampla, má tá a leithéid de rud agus ráta íosphá ann (€8.65 in aghaidh na huaire), bíodh ráta uasphá ann leis. Roghnóimis uimhir, abair €200,000 in aghaidh na bliana, agus bainimis an farasbarr, más ann dó (is ea, é ar fad!), mar cháin ioncaim. Ach tabharfaidh go leor de lucht ardioncaim na boinn as, a deir tú. Ba bhoichte an tír dá n-éagmais. Bíodh acu, a deirim. Tá neart daoine eile thart a thiocfaidh i gcomharbas orthu. Neart fuinnimh acu agus fonn oibre orthu freisin. Agus ba cheart iarraidh ar dhaoine óga fanacht in Éirinn agus sochaí nua a thógáil mar a d’iarr Theo Dorgan orthu a dhéanamh san aitheasc a thug sé ag searmanas bronnta céimeanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí na Nollag seo caite, aitheasc a foilsíodh ina iomláine san Irish Times: ‘The nation is beaten down, but not defeated. A certain kind of Ireland is over and we are well rid of it. There is a new Ireland to be imagined and worked for, a new kind of Ireland to build and it is you who must build it.’

Tá deis againn tosú as an nua. Bímis cróga! Bímis feargach! Ach thar aon ní eile, bíodh siocair mhaith ár dtiomáint!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.