COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Feabhra
Íomhá
Ciara Chainteach
Íomhá
Bronntanais agus Féiríní Eile
Íomhá
Cad a tharla don Eolaí Óg
Íomhá
Cé Chomh Mór is atá an Ghealach

Tabhair cuairt ar shuíomh Chló Mhaigh Eo chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Ainmnigh an baile mór i Maigh Eo ina bhfuil Cló Mhaigh Eo?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21 Feabhra 2011 agus bíodh na focailComórtas Mhí Feabhra’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais beirt de na leabhair seo:

Ciara Chainteach

Bronntanais agus Féiríní Eile

Cad a tharla don Eolaí Óg?

Cé Chomh Mór is atá an Ghealach

‘Ciara Chainteach’:

Cailín deas, gealgáireach í Ciara agus is maith le gach duine í. Tá cuid mhaith cairde aici ach, ar an drochuair, tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach!

Ansin cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti… go fóill beag!

‘Bronntanais agus Féiríní Eile’:

Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe... Faigheann Mamó luchóg bheag fáiscithe agus triomaithe mar bhronntanas ón gcat... Féiríní fíoraisteacha agus bronntanais bharrúla!

Tuilleadh seoda fileata ó Áine Ní Ghlinn léirithe go gleoite ag Carol Betera.

‘Cad a tharla don Eolaí Óg?’:

Buachaill an-chliste é Alecs. Socraíonn sé cur isteach ar Chomórtas Eolaí Óg na Bliana ach ní fada go bhfaigheann sé amach gur leacht ar leith atá déanta aige! Is ansin a thosaíonn an spórt!

Eachtra spleodrach eile ó pheann oilte Liam Mhic Uistín.

‘Cé Chomh Mór is atá an Ghealach’:

  • “Cé chomh mór agus atá an ghealach?”

  • “An mbíonn an ghealach ar snámh cosúil le scamall?”

  • “An bhfuil an ghealach i bhfad ar shiúl uainn?”

  • Bíonn go leor, leor ceisteanna ag Cáit bheag do Mhamaí.

Is cinnte go bhfuil dúil as cuimse aici sa ghealach mhór bhuí. Ach chun a cuid ceisteanna uilig a fhreagairt is gá di turas beag a dhéanamh!

Tá Beo.ie an-bhuíoch de Chló Mhaigh Eo as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.