AR NA SAOLTA SEO
An bhFuil Easpa Misnigh ar an Lucht Oibre a Bheith i gCeannas?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Anois go bhfuil sé socraithe go mbeidh olltoghchán ann, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cé chomh dáiríre is atá an Lucht Oibre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.

Íomhá
Mícheál Martin, brú ar Fhine Gael
(SAM ar Vicipéid)
Íomhá
An Comhairleoir Catherine Murphy
(le Urbanchum ar Vicipéid)
Íomhá
Micheal D., Derek Nolan agus Éamonn Gilmore ar Shr. na Céibhe arú anuraidh
(Galway City Tribune ar Vicipéid)

Ó toghadh Mícheál Martin ina cheannaire ar Fhianna Fáil tá brú ag tíocht ar Fhine Gael agus ar an Lucht Oibre. Caithfidh Fine Gael déileáil leis an gceist faoin gceannaire atá orthu, a bhfuil leisce air dul ag díospóireacht le Mícheál Martin agus le hÉamonn Gilmore. Tá an chuma ar an sal go bhfuil faitíos ar a lucht láimhseála é a scaoileadh amach ar an bpáirc imeartha róluath, ar eagla na heagla go ndéanfadh sé níos mó dochar ná maitheas do chás a pháirtí. Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.

Rinne Ruairí Quinn pointe maith, ar chlár Vincent Brown le gairid, nuair a dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh níos mó Teachtaí Dála ón eite chlé sa chéad Dáil eile ná mar a bheadh ag ceachtar den dá pháirtí eile. Nuair a cuireadh ceist air faoi Shinn Féin a bheith sa Rialtas nua, ní raibh sé sásta a admháil go bhféadfadh aon chomhrialtas eile a bheith ann ach Fine Gael/ Lucht Oibre. I bhfocla eile, is ionann vótáil sa toghchán seo don Lucht Oibre agus vótáil ar son Enda Kenny mar Thaoiseach.

An Lucht Oibre Scantraithe:

Is í mo thuairimse go bhfuil An Lucht Oibre scantraithe roimh an dúshlán a bhainfeadh le Gilmore a bheith ina Thaoiseach. Ba léir go raibh siad scantraithe go dtitfeadh an rialtas nuair a tharraing na Glasaigh amach mar go bhfágfaí an fhreagracht ar an Lucht Oibre i gcomhrialtas le Fine Gael an Bille Airgeadais a threorú tríd an Oireachtas. Tharraing an Lucht Oibre siar an rún mímhuiníne sa Rialtas, mar go raibh faitíos orthu go dtitfeadh an Rialtas agus go dtitfeadh an Bille Airgeadais dá réir. Bheadh ceisteanna crua le freagairt ag Joan Burton agus ag Éamonn Gilmore faoin mBille Airgeadais a réiteoidís féin tar éis toghcháin agus b’fhearr leo na ceisteanna crua sin a sheachaint. Dá gcreidfidís a raibh le rá acu faoin mBille Airgeadais a bheith go dona blah blah blah, chinnteoidís go dtitfeadh an Rialtas sara rithfí an Bille. Is é a mhalairt a rinne an Lucht Oibre. Tarraingíodh siar an vóta mímhuiníne sa Rialtas ó chlár na Dála, ar eagla go dtitfeadh an Rialtas agus nach mbeadh an Bille Airgeadais rite roimh an toghchán!

Gilmore ina Thaoiseach?

Dá mbeadh an Lucht Oibre ag iarraidh go mbeadh Gilmore ina chéad Thaoiseach eile ar an dtír, d’fhéadfadh sé a bheith. De réir an phobalbhreith a d’fhoilsigh an Sunday Business Post, tá níos mó tacaíocht ag An Lucht Oibre (21%) + Sinn Féin (13%) + Comhaontas Glas (2%) ná mar atá ag Fine Gael (33%) agus sin gan vótaí an United Left Alliance agus iarrthóirí neamhspléacha eile ón eite chlé a chur san áireamh. Sa phobalbhreith chéanna de chuid Red C, léiríodh go gceapann 26% den pobal gurb é Éamonn Gilmore ab fhearr mar Thaoiseach le hais 19% ar son Enda Kenny. Tá mé cinnte dá gcreidfeadh daoine go bhféadfadh Gilmore a bheith ina Thaoiseach bheadh níos mó daoine sásta vótáil d’iarrthóirí an Lucht Oibre ar fud na tíre.

Ach níl sa méid seo ag an Lucht Oibre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ach baothchaint. Dá mbeidís dáiríre faoi, ní bheidís ag diúltú do Shinn Féin ach a mhalairt. Mar a sheasann rudaí, níl an Lucht Oibre ag tabhairt aon rogha dúinn ach glacadh le Enda Kenny mar Thaoiseach, cé nach bhfuil ach 19% tacaíocht aige i measc an phobail.

Rogha Eile don Lucht Oibre:

Mura mbeadh an Lucht Oibre sásta a bheith ag brath ar thacaíocht a lorg ón “ragbag of Independents and other hard left groupings” mar a thug Róisín Shortall orthu le gairid, tá rogha eile ann do chomhghuaillíocht a bheadh níos seasamhaí. Céard faoi Fhianna Fáil faoi Mhícheál Martin? Bhí Fianna Fáil ar a gcosaint féin an t-am ar fad faoi cheannaireacht Brian Cowen agus ag cailliúnt tacaíochta dá réir. Faoin captaen nua ar an bhfoireann, tá Fianna Fáil ag troid ar ais. Tá Mícheál Martin ag dul i bhfeidhm ar an bpobal. Is ábhar misnigh do lucht Fhianna Fáil go raibh Mícheál Martin roghnaithe ag 31% de na vótairí mar Thaoiseach i gcomórtas le 24% i bhfábhar Gilmore agus 19% i bhfábhar Enda Kenny! Cé nach bhfuil ach 16% ag admháil faoi láthair go vótálfaidh siad d’iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghcháin, creidim go mbeidh an leibhéal tacaíochta níos airde ná sin ar an lá agus go bhféadfadh vóta Fhianna Fáil a bheith gar do 25% sa toghcháin, rud a thabharfas 35+ suíochán dóibh.

Tá an scagadh á dhéanamh agam, ar cé mar a líonfar na suíocháin sa 43 Dáilcheantar, á fhoilsiú ar Gaelscéal sna seachtainí idir sinn agus an toghchán. De réir mo chuid taighde ag an bpointe seo, creidim gur mar seo a bheas an roinnt ar an 166 suíochán: FF (35); FG (65); LO (35); SF (16); Eile (15). Ar na figiúirí sin, d’fhéadfadh Gilmore a bheith ina Thaoiseach ach a bheith oscailte do thacaíocht ó Fhianna Fáil agus ó Shinn Féin, rud a thabharfadh 86 vótaí dhó. Is móramh sa Dáil 83 vóta nó níos mó.

Dílis do Fhine Gael

Mar gheall ar an gcíorthuathail ina bhfuil cúrsaí polaitíochta, tá deis iontach tugtha don Lucht Oibre, duine cumasach ón eite chlé a chur i gceannas an chéad rialtas eile. Ach an bhfuil sé de mhisneach ag an Lucht Oibre an deis seo a thapú? Is mó seans a bheadh ag Comhrialtas faoi chinnireacht Gilmore polasaithe an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm ag bord an Rialtais. Ach tá an chuma ar an scéal go mb’fhearr leis an Lucht Oibre a bheith i rialtas faoi Enda Kenny ag cur dúnghaoisí Fhine Gael i bhfeidhm.

Tá Gilmore ina ghéibheannach ag an mbladar is bladhmann polaitíochta a bhíonn ar bun ag daoine, ar nós Pat Rabbitte, faoin gceist seo. “I’d rather go into government with the Hezbollah” a d’fhreagair Rabbitte nuair a ceistíodh é, le gairid, ar an dteilifís faoi dhul isteach i Rialtas le Fianna Fáil. Ba cheart don Lucht Oibre a admháil nach mar a chéile FF caithréimneach le 75 Teachta Dála tar éis toghcháin agus Fianna Fáil umhlaithe le 35 suíochán sa Dáil. B’fhearr, dar liom, an rialtas a d’fhéadfaí a chur le chéile idir An Lucht Oibre, Fianna Fáil agus Sinn Féin faoi cheannas Gilmore ná comhrialtas faoi cheannas Enda Kenny idir FG agus An Lucht Oibre. Má tá an Lucht Oibre ag diúltú an deis seo a thapú, bheadh leisce orm vóta a thabhairt dóibh, mar nach bhfuil mé ag iarraidh Enda Kenny mar Thaoiseach. Domsa, sin é croí na ceiste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.