Tá Maidhc Ó Cathail ag saothrú leis ag iarraidh ceann de theoiricí George Washington a léiriú don phobal. An ‘taobhú paiseanta’ a thug Washington air. Bheadh sé mórán ar aon éirim an tseanfhocail ‘an tsúil amuigh, ní fearrde an teach a mbíonn sé ann’.
Sular chríochnaigh sé an dara téarma mar uachtarán SAM, thug George Washington comhairle stuama do mhuintir Mheiriceá. Ar an 19 Meán Fómhair 1796, foilsíodh “aitheasc chun slán a fhágáil” de chuid Washington, inar thug sé rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” do thír ar bith eile. Dar le céad uachtarán SAM:
“a passionate attachment of one Nation for another produces a variety of evils. Sympathy for the favorite Nation, facilitating the illusion of an imaginary common interest, in cases where no real common interest exists, and infusing into one the enmities of the other, betrays the former into a participation in the quarrels and wars of the latter, without adequate inducement or justification.”
Ag an am sin, bhí go leor Meiricéanach báúil le Frainc na Muirthéachta, agus bhí imní ar Washington go dtarraingeodh an “taobhú paiseanta” seo an tír nua isteach i gcogadh tubaisteach i gcoinne na Sasanach. Dhá bhliain ina dhiaidh, mhaígh na Francaigh do thaidhleoirí SAM ar chuairt go Páras go raibh siad níos cumhachtaí i Meiricéa ná rialtas SAM é féin. Nuair a foilsíodh tuairisc John Marshall ar an gcuairt, áfach, nochtadh cairde Meiricéanacha na Fraince mar ghníomhairí thír eachtrannach shotalach, agus bualadh páirtí Thomas Jefferson go dona sa toghchán i 1798.
George Ball, Iar-Leas-Rúnaí Stáit
I réamhrá a leabhair a ghlac a theideal ó aitheasc Washington, scríobh George Ball, “Just as in Washington’s day a powerful American faction was attached to France, today an even more powerful faction is passionately attached to Israel, producing a variety of evils.” Ach murab ionann agus tuairisc Marshall dhá chéad bliain roimhe, is beag Meiricéanach a chuala iomrá ar The Passionate Attachment: America’s Involvement with Israel, 1947 to the Present a tháinig amach i 1992. Roghnaigh an Washington Post an staraí Síónach Walter Laqueur le géarmheas gairid dímholta a scríobh air. Thug na nuachtáin mhóra eile neamhaird air.
Ní gnáth-Mheiricéanach a bhí i George Ball. Bhí sé ina Leas-Rúnaí Stáit i rialtais John F. Kennedy agus Lyndon B. Johnson. Thug sé rabhadh dá chara Kennedy sa bhliain 1961 gan saighdiúirí SAM a chur go Vítneam, agus lean sé air ag comhairliú na n-uachtarán i gcoinne an chogaidh sin ar feadh na seascaidí. Nuair a toghadh Jimmy Carter mar uachtarán i 1976, deirtear gur theastaigh uaidh Ball a ainmniú mar Rúnaí Stáit, ach chuir cairde Iosrael i Meiricéa deireadh leis an smaoineamh sin. De réir Andrew Killgore, iarambasadóir SAM do Chatar agus foilisitheoir Washington Report on Middle East Affairs, “one of the greatest Americans of all times” ab ea George Ball. Mar sin féin, d’éirigh leis na meáin a rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” Mheiriceá do stát na nIosraelach a chur faoi chois.
Cuireadh tús i mbliana le hiarracht eile muintir Mheiriceá agus daoine eile nach iad a chur ar an eolas faoin “taobhú paiseanta” seo. Ar 8 Eanair 2011, bhunaigh an scríbhneoir seo blag comhoibríoch darb ainm The Passionate Attachment. I measc na rannpháirtithe, tá fíor-thírghráthóirí Mheiriceánacha - ní hionann agus an dream a chaitheann brat SAM ar a mbrollach - ar nós Alison Weir, Philip Giraldi agus Jeff Blankfort.
Fíor-Thírghráthóirí Mheiriceá
Iaririseoir is ea Alison Weir, a bhunaigh If Americans Knew i ndiaidh a cuairt go dtí an chríoch Phalaistíneach fhorghafa i 2001. Díríonn an meitheal smaointe seo ar an gcoimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh, beartas SAM sa Mheánoirthear, agus ar thuairisceoireacht na meán ar an gceist. Thaispeáin a chuid taighde go bhfuil na meáin claonta go mór i dtreo na n-Iosraelach. Nocht Weir chomh maith go bhfuil daoine muinteartha san arm Iosraelach ag go leor iriseoirí atá ag tuairisciú ar an gcoimhlint—príomhoifigeach biúró an New York Times ina measc, a bhfuil a mhac san arm Iosraelach. Ceapadh Weir uachtarán anuraidh ar Council for the National Interest, foras a thacaíonn le “Middle East policies that serve the American national interest.”
Is é Philip Giraldi stiúrthóir feidhmiúcháin Council for the National Interest. Iaroifigeach CIA agus speisialtóir frithsceimhlitheoireachta is ea é a chaith ocht mbliana déag thar lear, sa Tuirc, san Iodáil, sa Ghearmáin agus sa Spáinn. Cuireadh faoi agallamh é ag stáisiúin teilifíse ar nós BBC, ITN, Al Jazeera agus Press TV. Scríobhann Giraldi go rialta faoi bheartas eachtrach SAM ar son Antiwar.com agus The American Conservative. Ach muna raibh na meáin chomh claonta i dtreo Iosrael, chuile seans go mbeadh a chuid altanna le feiceáil sa New York Times nó The Washington Post.
Cé go bhfuil aithne ag gach éinne ar Noam Chomsky, ba cheart go mbeadh aithne chomh maith ar a cháinteoir neamhbhalb Jeff Blankfort. Cuireann Blankfort i leith Chomsky go dtugann sé neamhaird ar an gcumhacht atá ag lucht Iosrael i Meiriceá agus an tionchar atá acu dá réir ar bheartas SAM i leith an Mheánoirthir. Mar gheall ar an meas mór atá ag daoine ar Chomsky, ní thugann siad faoi deara ach oiread tionchar an bhrúghrúpa AIPAC—rud a dhéanann an-dochar do leas na síochána agus an cheartais sa réigiún, dar leis. Is fóta-iriseoir é Blankfort, a chuireann Takes on the World, clár raidió faoi chúrsaí polaitíochta, i láthair ar raidió poiblí i gCalifornia. Is beag duine atá níos eolaí ar stair an chaidrimh SAM-Iosrael ná é.
Agus a bhuíochas don idirlíon, is féidir le muintir Mheiriceá agus le daoine nach iad tuiscint níos fearr a bheith acu chomh maith ar an “taobhú paiseanta” fíorchontúirteach seo. Níl le déanamh acu ach dul go dtí www.thepassionatattachment.com.