Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #113 · MEÁN FÓMHAIR 2010
Íomhá
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Is mór an gar go bhfuil corraíl éicint ar na bacáin ar an Chreagáin i lár na tíre ar son na teanga, ar son na príomhchathrach agus ar son an gheilleagair.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Caitríona Budhlaeir

seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé, go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Amharcann Breandán Delap ar an dóchúlacht pholaitiúil go gcuirfí beartas Fhine Gael i gcoinne éigeantas na Gaeilge san Ardteist i bhfeidhm.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Fionnbarra Ó Brolcháin

Deir an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur ábhar buartha nach dtuigtear i gceart go fóill conas cur le hacmhainn nuálaíochta na tíre. Is cosúil go bhfuil páirtí polaitíochta amháin ag snámh go tubaisteach ina haghaidh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Bearnaí Ó Doibhlin

Turasóireacht go lár na hAstráile, nó sotal an fhir ghil? Ní féidir líon mór de na ‘fámairí’ a choinneáil anuas de Uluru, ionad naofa Mhuintir Anangu. Caithfidh siad satailt air agus is measa an scéal le tamall anuas, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá an tSín ag athrú, tá an domhan ag athrú agus deir Ciarán Mac Aonghusa go mbeidh do ghasúr féin ag tarraingt teanga eile chuige nó chuici féin, más mian leis nó léi dul chun cinn go gasta sa saol amach anseo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Tá Tony Birtill faoi imní mhór leis an dóigh a chaithfear airgead le Sliabh a Liag a ‘fhorbairt’ trí dhaoine a choinneáil ar shiúl ó áille agus ó fhiántas aiceanta na háite

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Do ghasúr óg a ligean i mbun an ríomhaire, as féin? Ba cheart go mbeadh sé furasta a dhéanamh gan buaireamh. Tá comhairle duit ag Roseanne Smith san alt seo.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Gabriel Rosenstock

Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de shliocht as téacs Sanscraite (nó ‘sainscríobh’) an Ashtavakra Gita ar fáil dúinn. Is maith an t-ábhar machnaimh ag duine é i ré seo an leithleachais. Tá sé le foilsiú i leabhar an bhliain seo chugainn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Cead cainte, cead cáinte agus cead adhartha do chách más fíor don dlí, ach tá deacracht ar leith dúisithe ag Tionscnamh Córdoba, nó Páirc 51 mar atá anois air. Tá an scéal ag Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tomás Ó hAodha

Tá an leac oighir ag leá thar mar a bhí riamh cheana le cuimhneamh an duine agus tá oileáin oighir ag síneadh amach ar an snámh thar mar a raibh súil ag éinne leo. Tuigeann Tomás Ó hAodha go bhfuilimid i gcontúirt cheana féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Maidhc Ó Cathail

Más ait an mac an saol, tá roinnt daoine ag ceapadh gur aite arís saol Osama bin Laden, fear a d’fhág slí seo na bréige ina dhiaidh nach mór naoi mbliana ó shin, ach a eisíonn téipeanna gach re seal ó shin i leith. Tá scéal Osama na draíochta iarbháis seo ag Maidhc Ó Cathail.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Feictear do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil dhá chomórtas éagsúla ag gabháil ar aghaidh faoi chóras Chraobh na hÉireann mar atá agus níl cothrom na Féinne le fáil ann. Ba cheart dhá chomórtas neamhspleácha ar a chéile a bheith a reáchtáil.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

tuairisc ar fheachtas Uachtaránachta na Brasaíle dúinn, ag Alex Hijmans. Is cosúil gur le Dilma Rousseff a bheas an lá óir is í bun agus barr an scéil ag gach éinne ann.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Chonaic Ciara Nic Gabhann léiriú péintéireachta, ceoil agus scéalaíochta in éineacht le gairid, taispeántas a chuir ionadh agus áthas ar a raibh i láthair.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Tá Pat Butler tógtha go mór le céad fhadscannán Momoko Ando, ‘Kakera – A Piece of Our Life’.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

D’éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.