Feictear do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil dhá chomórtas éagsúla ag gabháil ar aghaidh faoi chóras Chraobh na hÉireann mar atá agus níl cothrom na Féinne le fáil ann. Ba cheart dhá chomórtas neamhspleácha ar a chéile a bheith a reáchtáil.
Baineann síorathrú go nádúrtha le saol an duine agus saol pobail maidir le saíocht, slí bheatha an duine, cúrsaí geilleagair, polaitíochta, teicneolaíochta agus araile. Ní eisceacht dá bhrí sin cúrsaí spóirt i gcoitinne ná cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael go háirithe. Tá mórán athruithe ar chluichí feicthe ó bunaíodh an CLG, athruithe ar rialacha ballraíochta agus imeartha cuid acu, athruithe ar mhodhanna traenála agus ar stíleanna imeartha agus mar sin de.
Tá cuid de na hathruithe is suntasaí curtha i bhfeidhm le cúig bliana déag anuas, nó mar sin. Is iad na hathruithe a bhaineann le riaradh agus le leagan amach na gcraobhchomórtas sinsear peile agus iomána is mó a bhíonn faoi chaibidil agus ní bréag a rá nach bhfuil gach duine sásta lena bhfuil ag tarlú. I mbliana, agus ní den chéad uair ach oiread, bhí bainisteoirí ag clamhsán faoin gcóras go mór mór i dtaca le cúrsaí peile. An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Sin é go díreach a tharla do churaidh na gcúigí, Tír Eoghain, An Mhí, Ciarraí agus Ros Comáin i mbliana. Lena chois sin, cé go raibh an dara seans ag neasóirí na gcomórtas cúige, An Lú, Muineacháin, Luimneach agus Sligeach, b’éigean dóibh imirt arís go luath (fiú taobh istigh de sé lá) i ndiaidh dóibh a bheith buailte i gcluiche ceannais an chúige agus ní hiontas ar bith é agus iad fós faoi dhíomá agus faoi thuirse gur buaileadh iad sna cluichí cáilithe sin.
An Tráth Ceart le Teip
Is é an botún atá déanta agus an áit a bhfuil an neamhréir le fáil ná go bhfuil comórtais na gcúigí agus comórtas na hÉireann fós ceangailte ina chéile. Tá sé soiléir go leor nach bhfuil contaetha áirithe ag tabhairt faoi chomórtas an chúige leis an díocas céanna is a bhíodh. Léiríonn Áth Cliath go maith an méid sin, ar bhuaigh an Mhí orthu i gcluiche leathcheannais Laighean i mbliana. Ar feadh sé bliana, bhuaigh Áth Cliath craobh Laighean gan dul níos faide na cluiche leathcheannais na hÉireann ina dhiaidh sin. I mbliana, ba é an rud ab fhearr a tharla (mar chuid den phlean, b’fhéidir?) ná cailliúint i gcoinne na Mí mar go raibh cluichí breise acu in aghaidh contaetha laga, Tiobraid Árann agus An Lú sular bhuail siad le curaidh Uladh, Tír Eoghain. Thug na cluichí breise sin deis don bhainistíocht imreoirí difriúla a fhéachaint, snas a chur ar imirt na foirne is araile.
Tuigtear anois nach é an bealach is fearr chun Craobh na hÉireann a bhuachan tabhairt faoi chraobh an chúige a bhuachan i dtosach. Is mar seo a leanas a bhí cluichí ceannais na gcúigí sa pheil i mbliana: Tír Eoghain v Muineachán, Sligeach v Ros Comáin, An Mhí v Lú, Ciarraí v Luimneach. Cad a tharla ó shin? Chaill gach foireann díobh cluiche cáilithe nó ceathrú ceannais in aghaidh chontae a bhí buailte níos túisce sa bhliain agus a rinne dul chun cinn tomhaiste sna cluichí cáilithe i gcaitheamh an tsamhraidh.
Thíos le Bua nó Céim Suas as an gCailleadh
Cé nach bhfuil an scéal ceannann céanna le ríomh maidir le cúrsaí iomána, tá sé thar a bheith soiléir nach ndearna sé dochar do fhoireann Thiobraid Árann an chéad bhabhta de chraobhchomórtas na Mumhan a chailliúint i gcoinne Chorcaí. Bhí am acu agus deis i ndiaidh na cailliúna sin a n-intinn agus a gcuid traenála a dhíriú go huile is go hiomlán ar chraobhchomórtas na hÉireann agus a fhios maith acu gur dóigh go sroichfidís cluiche leathcheannais na hÉireann ar aon nós. Faoi mar a tharla, ba chabhair mhór dóibh na cluichí cáilithe i gcoinne Loch Garman agus Uíbh Fháilí sular imir siad i gcoinne na Gaillimhe agus Phort Láirge, curaidh na Mumhan. I gcodarsnacht le scéal Thiobraid Árann, chaill Corcaigh craobh na Mumhan agus thug Cill Chainnigh léasadh agus ceacht iomána dóibh ina dhiaidh sin.
Is léir anois agus le roinnt blianta anuas, nach i mí Bhealtaine, mí Mheitheamh ná i mí Iúil féin a imrítear na cluichí móra, cinniúnacha a shocraíonn cé a bheas san iomaíocht faoi dheireadh na biaiste. Seachas eisceacht amháin, Cill Chainnigh, ní mór do gach contae eile a n-intinn a dhíriú ar dhuais amháin, ar sprioc amháin. Más é Craobh na hÉireann an sprioc sin, ní maith an beart a bheith rómhór chun cinn ar fhoirne róluath sa bhliain. Is fearr teacht aniar aduaidh ar an bhfreasúra faoi mar a dhéanann lúthchleasaí atá ag díriú ar chraobh an domhain nó ar chraobh Oilimpeach.
Cothrom na Féinne
Is é fírinne an scéil go bhfuil dhá chomórtas ag dul ar aghaidh agus iad ag cur as dá chéile. An rud is mó a chuireann isteach ar imreoirí agus ar lucht bainistíochta foirne ná éagothroime d’aon saghas. Níl uathu ach cothrom na féinne a bheith ar fáil, gan aon bhuntáiste suntasach a bheith ag aon fhoireann seachas a chéile. Ar feadh na mblianta atá thart, bhí éagothroime i gcóras chraobhchomórtas na hÉireann ar an ábhar go raibh sé níos deacra comórtais cúigí áirithe a bhuachan, Laighin sa pheil, an Mhumhain san iomáint, cur i gcás. Bhí sé ráite gurb é an fáth go mbuadh Ciarraí chomh minic ná nach mbíodh ach dhá chluiche dheacra le himirt acu roimh chluiche ceannais na hÉireann, ceann i gcoinne Chorcaí agus cluiche leathcheannais na hÉireann. Ina choinne sin, ní mór a admháil go bhfuil buaite ag Ciarraí faoi gach córas a trialladh go nuige seo. Mar sin féin, is cosúil nach dtaitníonn sé le Ciarraí ach oiread le haon chontae eile nach mbeadh an dara seans ar fáil tar éis a mbuailte.
Is léir gurb é a theastaíonn, ionas go mbeidh cothrom na Féinne ar fáil do chách, ná dhá chraobhchomórtas neamhspleácha agus go mbeadh comórtas an chúige agus comórtas na hÉireann beag beann ar a chéile. Bíodh comórtas na gcúigí thart faoi dháta áirithe, an chéad lá de mhí Iúil cuir i gcás. Ansin bheadh mí Iúil agus mí Lúnasa ann do chraobhchomórtas na hÉireann agus cibé córas a d’úsáidfí go mbeadh a oiread céanna cluichí taobh istigh den amscála céanna le himirt ag gach contae a shroichfeadh an chraobh. Thiocfadh an córas seo le haidhm an CLG mar atá foilsithe go minic ag urlabhraithe na heagraíochta: go mbeadh dhá chluiche craoibhe thrombhríocha ar a laghad ag gach contae le linn biaiste an tsamhraidh