AR NA SAOLTA SEO
Cé atá ag Coinneáil Bin Laden ‘Beo’?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Más ait an mac an saol, tá roinnt daoine ag ceapadh gur aite arís saol Osama bin Laden, fear a d’fhág slí seo na bréige ina dhiaidh nach mór naoi mbliana ó shin, ach a eisíonn téipeanna gach re seal ó shin i leith. Tá scéal Osama na draíochta iarbháis seo ag Maidhc Ó Cathail.

Íomhá
Hillary Clinton, Rúnaí Stáit SAM
Íomhá
Elvis, sula bhfuair sé beo, le Nixon
le Ollie Atkins ar Vicipéid
Íomhá
Osama bin Laden
ar Vicipéid
Íomhá
Adam Gadahn
ar Vicipéid

Ó 9/11 i leith, níl sé éasca ag aon tír a bheith ina tír Ioslamach.

Rinneadh ionradh ar an Iaráic mar nach raibh siad in ann a chruthú nach raibh airm ollscriosúla acu. Bítear de shíor ag bagairt na hIaráine a ionsaí muna bhfuil siad in ann a thaispeáint nach bhfuil siad ag iarraidh airm eithneach. Agus anois táthar ag cáineadh na Pacastáine as dídean a thabhairt do Osama bin Laden—fear a fuair bás ocht mbliain ó shin de réir gach cosúlachta.

Mar sin féin, d’inis Rúnaí Stáit SAM Hillary Clinton do chipe eagarthóirí ón bPacastáin anuraidh: “I find it hard to believe that nobody in your government knows where they are and couldn’t get them if they really wanted to.” Mhaígh Clinton in agallamh le Fox News le déanaí go raibh a fhios ag “eilimintí” i rialtas na Pacastáine cá bhfuil bin Laden i bhfolach. Ach muna bhfuil bin Laden i bhfolach sa Phacastáin? Má tá sé marbh ó Mí na Nollag 2001? Cén chaoi gur féidir le hIslamabad a chruthú ansin nach bhfuil oifigigh rialtais á cheilt? Ní minic a chaitheann na mórmheáin amhras ar an gcreideamh go bhfuil bin Laden beo fós, ach tá eisceachtaí ann. Ar 11 Meán Fómhair, 2009, d’fhiafraigh Sue Reid sa Daily Mail: “What if everything we have seen or heard of him on video and audio tapes since the early days after 9/11 is a fake—and that he is being kept ‘alive’ by the Western allies to stir up support for the war on terror?” Agus ar 26 Iúil, 2010, ina alt dar teideal “Elvis bin Laden,” scríobh Arnaud de Borchgrave, eagarthóir UPI,“some key intelligence officials are taking bin Laden’s reported demise seriously.”

Elvis bin Laden

Luaigh an dá alt saineolaithe a rinne staidéar ar na clostéipeanna agus ar na fístéipeanna a cuireadh amach i ndiaidh lár Mí na Nollag 2001 agus atá den tuairim go bhfuil siad bréagach. Is é an gnó atá ag Foras Dalle Molle um Intleacht Shaorga, guthanna daoine a aithint le haghaidh slándáil bainc agus is é a meas siadsan nach ionann na guthanna ar na taifeadtaí i ndiaidh lár Mhí na Nollag 2001 agus na taifeadtaí níos luaithe de bin Laden. Thug an tOllamh Bruce Lawrence, ceann roinne staidéar creidimh in Ollscoil Duke agus an saineolaí tosaigh ar bin Laden, faoi deara an difríocht idir urlabhra shaolta sna clostéipeanna agus fístéipeanna i ndiaidh 2001 agus urlabhra dhiaganta de chuid bin Laden roimhe sin. Tá an fhianaise uile ag cur le chéile mar chruthú go bhfuil Elvis Presley níos beo ná Bin Laden, dar le Angelo M. Codevilla, iaroifigeach faisnéise SAM atá anois ina ollamh le caidreamh idirnáisiúnta in Ollscoil Boston.

Má tá bin Laden chomh marbh le hElvis, cé atá ag cumadh na bagairtí scanrúla ina ainm siúd? De réir oifigigh faisnéise SAM agus na Breataine, tá As-Sahab, brainse de chuid al-Qaeda atá i mbun táirgeadh fístéipeanna, á reáchtáil ó 2001 ag Adam Gadahn, fear a rugadh agus a tógadh i gCalifornia. D’iompaigh Gadahn ina Mhoslamach radacach agus tugann sé Azzam al-Amriki air féin anois.

Nuair a bhuail Gadahn isteach sa Chumann Ioslamach Orange County den chéad uair, bhí sé ag fanacht lena sheanathair Carl Pearlman, ball den Chonradh Frithchlúmhilleadh (ADL). Is eagraíocht cearta daonna í an ADL a bunaíodh chun troid in aghaidh frith-Ghiúdachais mar dhea, ach i ndairíre, déanann siad bolscaireacht ar son Iosrael, agus rugadh orthu ag spiaireacht ar Mheiriceánaigh a cháin Iosrael fiú. D’athraigh tuismitheoirí Adam a sloinne go Gadahn sna 70í. Tagann sé as Gideon, an laoch Bíobla a fuair an ceann is fearr ar naimhde Iosrael. Mar a chuir Justin Raimondo, eagarthóir Antiwar.com, é, is duine fíoraisteach é Adam Gadahn “whose sudden evolution from a nice Jewish boy into Osama bin Laden’s Goebbels is just a little hard to take.”

Béal na Fírinne Ann?

Is deacair a chreidiúint chomh maith an tslí a chuirtear os comhair an phobail na fógartha is deireanaí de chuid bin Laden. “Almost every statement by Osama bin Laden published on the Internet ... is first made public by SITE and IntelCenter,” de réir alt i Spiegel Online faoi Rita Katz, Josh Devon agus Ben Venzke, an triúr a bhunaigh na comhlachtaí atá in ainm is a bheith ar thóir al-Qaeda ar an idirlíon. Is Giúdach a rugadh san Iaráic í Rita Katz, comhbhunaitheoir SITE. Crochadh go poiblí a hathair sa tír sin i 1968 as a bheith ina spiaire Iosraelach. D’fhreastail Katz san arm Iosraelach ar ball. Cé go ndéanann sí iarracht gan bhéim a chur ar a cúlra, ní éiríonn léi a claonadh a cheilt i gcónaí. “When you grow up in a place like Iraq,” a d’inis sí do Spiegel, “you understand maybe a little bit about how Arabs think, and also what they are capable of.”

Nuair a rinne Neal Krawetz, taighdeoir agus comhairleoir slándáil ríomhaireachta, anailís ar fhístéip al-Qaeda ó 2006 le Ayman al-Zawahiri, fuair sé amach gur cuireadh meirgí (lógónna) de chuid As-Sahab agus IntelCenter leis an bhfístéip ag an am céanna.

Déanann Spiegel fonóid díobh atá san amhras faoina “lorgairí sceimhle,” áfach: “And the conspiracy theories pontificating that SITE and IntelCenter shoot the bin Laden videos themselves will continue to exist in the future. And Katz, Venzke and Devon will continue to see the humor in such theories: Yep, this is Mossad Headquarters. Exactly!”

Ach leis na mílte caillte agus na trilliúin caite sa tseilg ar bin Laden doghabhála, b’fhéidir gur chóir do Mheiriceánaigh cruthú dearfa a éileamh ó Iosrael nár buaileadh bob orthu dul i mbun “chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.