Deir an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur ábhar buartha nach dtuigtear i gceart go fóill conas cur le hacmhainn nuálaíochta na tíre. Is cosúil go bhfuil páirtí polaitíochta amháin ag snámh go tubaisteach ina haghaidh.
Is breá le polaiteoirí a bheith ag maíomh go bhfuil siad ag nochtadh tuairímí nua-aimseartha nuair a bhíd ag plé ábhar ar leith. Ach léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
Is acmhainní atá doláimhsithe, nó dothadhaill, a chothaíonn an nuálaíocht. Na cinn is luachmhaire ná iad siúd atá neamhinste, agus áirímist a leithéid sa tsamhlaíocht, san inspioráid agus san iomas. Spreagtar dearcadh úr sa chomhluadar trí thréithe cosúil le féintuiscint, féinmhuinín agus le féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas, agus i gcás na hÉireann, sa Ghaeilge. Is acmhainní fiúntacha iad na tréithe sin. Taispeánann taighde idirnáisiúnta gurb é an treo is fearr ó thaobh cruthaitheachta de ná deiseanna a thabhairt do dhaoine a bheith ag smaoineamh ar bhealaí difriúla. Buntáiste faoi leith dá bharr is ea teanga dhúchais i leith geilleagar nuálaíoch, nó mar a thugtar air ar na saolta seo, an ‘geilleagar cliste’, a fhorbairt. Soláthraíonn an Ghaeilge méan ídéalach a fhréamhaíonn acmhainní sa dúchas. Is foinse mhothúchánach í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú. Seo ról criticiúl a bhaineann leis an bhféinfhios, agus is botún bunúsach ó thaobh an gheilleagair, a bheith ar an míthuiscint faoi.
I gcúrsaí oideachais, is í an tslí a fhoghlaimaíonn an duine atá tábhachtach, agus, más aisteach le rá é, ní hé an t-ábhar a fhoghlaimíonn an duine an rud is tábhachtaí. Ní féidir le tír a bheith nuálaíoch mura bhfuil tuiscint ag daoine orthu féin, ar an gcúlra as a dtagann siad agus an áit a bhfuil siad ag iarraidh dul. Tugann beartais a aithníonn nádúr na sochaí buntáiste iomaíoch do dhream daoine atá cumhachtach agus inathraithe. Is é sin, an dream daoine atá fréamhaithe go maith agus atá misniúil agus staidéartha dá bharr. Ní hionadh mar sin gurb é an íomhá atá á dhíol ag IDA Ireland le hinfheisteoirí idirnáisiúnta ná cruthaitheacht, samhlaíocht agus solúbacht mhuintir na Éireann i mbun fiontar núalaíoch atá fréamhaithe sa tsainiúlacht. Deir an IDA go léirítear an tsícé Ghaelach sa litríocht, sa cheol agus i ngaolmhaireachtaí, go bhfuilimid in ann débhríocht a láimhseáil níos fearr ná a fhormhór de na cultúir eile. Is fiúntach na tréithe iad seo i saol na linne seo ina gcaithfear réiteach tapaidh a aimsiú tráth nach mbíonn ach eolas neamhfhoirfe ar fáil. Ní giniúint eolais nua is tábhachtaí sa lá inniu ach teacht ar eolas domhanda, líonrú agus cothú cónaisc. Spreagann oidhreacht fhada litríochta na tíre, i nGaeilge agus i mBéarla, forbairt theicneolaíocht an eolais, forbairt atá bunaithe ar an gcruthaitheacht. Baineann bogearraí go háirithe, cuirim i gcás, le gnéithe doláimhsithe geilleagair atá bunaithe ar an intinn chruthaitheach agus ar naisc idir daoine.
An ‘Dá Arm Aigne’ Úd
Soláthraíonn oidhreacht chúltúrtha na hÉireann, ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta, mar shampla, sár-bhonn don chruthaitheacht. Lenár dtraidisiúin dhifriúla, idir Bhéarla agus Ghaeilge, nó an éagsúlacht chultúir, tá bríonna difriúla scaipthe tríd an tír, buntáiste ann féin. Tá an ‘aigne roinnte’ seo, téarma de chuid an fhile Thomas Kinsella, le feiceáil i saothar leithéid an ealaíontóra Louis le Brocquy agus an fhealsaimh George Berkeley. Chothaigh James Joyce cialla difriúla ina shaothar Finnegan’s Wake chun ‘two thinks at a time’ a sholáthar, mar a dúirt sé. Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.
Ní de bhíthin an Bhéarla amháin a éireoidh linn tionscadail nuálaíochta agus iomaíochta domhanda a chothú in earnálacha na mbogearraí, na seirbhísi idirnáisiúnta, na meán digiteach agus ina leithéid eile. Ciallaíonn úsáid fhorleathan an Bhéarla inár measc, scartha ón traidisiún, gur dearcadh cúng agus éadoimhin atá againn sa tír go minic. Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach agus is minic a fhágtar na hathchoinceapa sin gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíornuálaíoch a chothú.
Fáth nach leor an Béarla – teanga sholúbtha na meán cumarsáide – mar ghnáth-theanga gnó na tíre seo ná nach linne amháin go sainiúil í. Mar thír bheag, níl sé de chumas ionainn an Béarla a bheith mar gné phríobháideach againn chun sinn a chosaint ó fhórsaí iasachta. Is ar a son féin, dá réir sin, ba chóir do lucht gnó na tíre a bheith ag tacú leis an nGaeilge chun sainiúlacht, féiniúlacht agus nuálaíocht a chothú, in ainneoin nach raibh teanga ann riamh a bhí chomh forleathan agus atá an Béarla anois. Ach tá caintéoirí dúchasacha Béarla ina mionlach ar domhan (7%), agus is céatadán iad atá ag éirí níos lú de réir a chéile; ní cainteoirí dúchais Béarla formhór an lucht gnó idirnáisiúnta, agus tá tábhacht leis seo: níl cainteoirí dúchais go maith i mbun a chinntiú go dtuigtear iad. Go deimhin, deirtear go reáchtáltar cúrsaí gnó as Béarla níos fearr nuair nach bhfuil aon chainteoirí dúchais Béarla i láthair ar chor ar bith.
Stíl na Loighce agus an tSúil Eile
Is minic a luaitear gur buntáiste mór do na Gaeil go labhraíonn siad Béarla, ach gan an míbhuntáiste ar thagraíos dó a bheith ag cur as dóibh. Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla. Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na habairtí ann a bheith roinnte ina ainmní-briathar-cuspóir. Sa stíl loighciúil smaointeoireachta seo, feicter an domhain ina aonáin scoilte; feictear é trí lionsa a fhágann gnéithe dinimiciúla agus gaolmhaireachta as an áireamh. A mhalairt de theanga is ea an Ghaeilge, mar a bhfuil an tsintéis – fréamh an bhriathair, gas na haimsire agus an phearsa, iad a dtriúr in éineacht – agus an briathar chun tosaigh san abairt (briathar +ainmní+cuspóir móide fonathanna dobhriathartha ama/áite/modha)
Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a mbeidh siad ag comhoibriú leo. Foghlaimíonn siad conas difríochtí a aithint. Gineann seo níos mó measa ar a saintréithe féin, agus aigne oscailte acu i leith tionchair sheachtracha. Is féidir leo smaointí difriúla a shú chucu, agus gan a bheith faoi smacht ag tionchar an chultúir dhomhanda. Is trína bheith fréamhaithe i gcultúr agus i dtraidisiún, agus sa mhórtas cine is ceantair, a chruthófar an deis is fearr chun sochaí rathúil iomaíoch a bhaint amach in Éirinn. Is láidre de i bhfad a bheimid ó thaobh iomaíochta i ngeilleagar dhomhan na nua-aoise tír shainiúil a bheith againn, tír atá féintuilleamaíoch ag a bhfuil ardchaighdeáin, ach a bheas iltíreach chomh maith.
Ba thubaiste don tír é dá ligfí acmhainn shuntasach, uathúil na Gaeilge le sruth, mar a tharlódh dá mbeadh dearcadh Fhine Gael ar an teanga i mbarr réime. Caithfear an cheist a chur: má tá míthuiscint chomh mór sin ag an bPáirtí faoi ról agus faoi thábhacht teanga i spreagadh na nuálaíochta, an maith an rud é go mbeadh Fine Gael i gceannas ar gheilleagair na tíre? Ba scanrúil é, cinnte, dá nglacfaí lena leithéid de dhearcadh ar réimse chomh tromchúiseach.