Tá an leac oighir ag leá thar mar a bhí riamh cheana le cuimhneamh an duine agus tá oileáin oighir ag síneadh amach ar an snámh thar mar a raibh súil ag éinne leo. Tuigeann Tomás Ó hAodha go bhfuilimid i gcontúirt cheana féin.
Thrácht Naomh Bréanann ina ‘iomramh’ cháiliúil, Navigatio Sancti Brendani, ar ‘colún criostail’ a fheiceáil ar snámh ar an teiscinn mhór. Maítear anois gur chnoc oighir a chonaic sé, agus ceann mór ard ab ea é más fíor an cur síos a d’fhág Breandán againn. Ach le gairid, chonaic saineolaithe cnoc oighir nuabheirthe a chuirfeadh alltacht ar an naomh féin, fiú tar éis na n-iontas go léir a chonaic sé ar an turas aige go Meiriceá.
Ar 5 Lúnasa bheag seo thug réamhaisnéiseoir leis an tSeirbhís Oighir i gCeanada, Trudy Wohlleben, go raibh oileán mór oighir tar éis sceitheadh ón oighearshruth Petermann in iarthuaisceart na Graonlainne. Taispeánann íomhánna satailíte dúinn go bhfuil achar 100 míle cearnach ag an gcnoc oighir seo, beagnach dhá uair níos mó ná Oileán Acla (nó ceithre huaire níos mó ná Oileán Manhattan i Nua-Eabhrac), agus dearbhaítear anois gurb é an cnoc oighir is mó san Artach le beagnach 50 bliain anuas. Tá an t-oighearshruth Petermann ar cheann den dá oighearshruth mhóra a bhogann, fiú más mall féin a bhogann siad, ó lár na Graonlainne go dtí an cósta, agus síneann an 43 míle deireadh amach ar an snámh i bhfarraige. Meastar gur scoilteadh a ceathrú den chuid shnámhach sin.
I ndáiríre, bhí eolaithe ag súil le scoilt mar seo le bliain anuas, cé go raibh ionadh orthu cé chomh mór is a bhí sé faoi dheireadh. Bhí foireann taighde Greenpeace ar an áit ag déanamh grinnstaidéir ar an oighearshruth an samhradh seo caite agus fágadh gléasanna GPS agus ceamaraí iar-aga ann. Tá eolaithe anois ag déanamh leo ar an áit, ag súil go mór leis na sonraí a bheadh ar fáil ón trealamh céanna.
Tíortha fo Thoinn
Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint ag an nGraonlainn, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn. Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta sa réimse 2°C go 7°C ann leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad. Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall 7m dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn, gan trácht ar an léirscrios a bheadh i ndán do chathracha cósta mar Nua-Eabhrac agus Baile Átha Cliath fiú. An comhartha eile é “Oileán Oighear Peterman (2010)”, mar a dtugtar air anois, go bhfuilimid ar chonair chaoch a chríochnóidh i réabadh ár ngnáthóg féin?
Deir Andreas Muenchow, a bhfuil taighde déanta aige ar oighearshruth Petermann leis na blianta, go bhfuil sé deacair ceangal cinnte a dhéanamh idir an sceitheadh seo agus athrú aeráide an domhain. Cé go bhfuil oighearshruthanna na Graonlainne ag cúlú, ní thuigimid gach gné dá bhfuil ag tarlú. Is léir, áfach, go bhfuil athraithe móra ag titim amach san Artach, ó 1970 i leith d’ardaigh teocht an uisce 2.5°C, i bhfad níos tapúla ná áiteanna eile, agus anuas air sin fógraíodh le gairid go raibh, an Meitheamh seo caite, an clúdach muiroighir is lú ann ó chéadtosaíodh a thaifeadta i 1979.
Ní féidir an milleán faoi aon ócáid ar leith a leagan ar athrú aeráide an domhain i gcoitinne – bíodh an tonn teasa is géire riamh sa Rúis i gceist, nó an bháisteach mhillteanach atá ag cur na milliún as riocht agus ó theach is talamh sa tSín, nó fiú an dá mhilliún duine anois gan dídean sa Phacastáin. Tugann samhlacha na gclíomeolaithe dóchúlacht dúinn in ionad na cinnteachta, agus ní féidir ach a rá go mbeadh teagmhais fhoircneacha níos coitianta as seo amach ná mar a bhíodh. Is é an meafar is coitianta a mbaintear feidhm as chun cur síos a dhéanamh ar an staid seo ná na “díslí calaoiseacha”. Le haon chaitheamh amháin, ní fios cén toradh a bheadh ann, ach le himeacht aimsire éiríonn sé soiléir go bhfuil claonadh ann. Bíonn uimhreacha arda, nó na spéirlingí is na tuilte, ag teacht aníos i bhfad níos minice ná mar is cóir. Ach níos measa fós, de réir Steven Sherwood, clíomeolaí ón Astráil, tá na díslí, ní hamháin claonta i dtreo na n-uimhreacha arda, ach tá an uimhir ar gach taobh na ndíslí féin ag dul in airde de réir a chéile. Más dona an scéal é an drochaimsir atá i ndán dúinn, níos measa fós é go mbeidh an drochaimsir chéanna ag dul in olcas an t-am ar fad.
An Maith an Mhaith Dhéanach an Iarraidh Seo?
Ba iad na chéad sé mhí den bhliain seo an tréimhse is teo a taifeadadh riamh, agus ba dhána an mhaise d’aon duine a shéanadh go bhfuil iarmhairtí athrú aeráide á mbrath againn faoi láthair. Ó thaobh Oileán Oighear Petermann (2010) de, tá seans maith ann go leanfaidh a chúrsa chuig an Aigéan Atlantach Thiar, áit ar chuir cnoc oighir eile na Graonlainne an Titanic go toinn poill. Má shroicheann an cnoc oighir nua, nó fiú smionagar de, na lánaí loingseoireachta gnóthacha seo, cuirfidh sé isteach go mór ar thrácht lasta trasatlantach.
Tá ceartas filíochta de shaghas éigin ar fáil, áfach, má chreideann tú i rudaí mar sin. Má théann an cnoc oighir ag fánaíocht san aigéan mór, beidh sé i bhfad rómhór aon athrú slí a chur air, fiú ag na comhlachtaí ola a mbeidh a n-ardáin ola sa tslí roimhe, amuigh ó chósta Thalamh an Éisc. Ní bheadh aon dul as acu ach na hardáin a bhogadh, gníomh a mbeadh costas nach beag ag baint leis. Ach cén mhaith an díoltas suarach sin má tá an domhan caillte againn?