Cead cainte, cead cáinte agus cead adhartha do chách más fíor don dlí, ach tá deacracht ar leith dúisithe ag Tionscnamh Córdoba, nó Páirc 51 mar atá anois air. Tá an scéal ag Brian Ó Broin.
Shílfí go mba smaoineamh maith é, teach Dé a thógáil i gceantar an Ionad Trádála Domhanda i ndeisceart Manhattan i gCathair Nua-Eabhrac. Cheana féin, ar ndóigh, tá Eaglais Pheadair ar Shráid Barclay, Eaglais Phóil ar Broadway, Eaglais na Tríonóide ar Wall Street. Tá Sionagóg Battery Park ann, in aice Iarsmalann na nGiúdach, Sionagóg Beth Din Zedek ar Broadway, agus Sionagóg Wall Street. Tá gach ceann de na tithe Dé seo cúpla céad slat ó láthair an Ionad Trádála.
Ach cad a tharlódh dá mba theach Dé Ioslamach é? Sin díreach atá beartaithe ag “Tionscnamh Córdoba”, eagraíocht a bunaíodh chun an caidreamh idir Ioslamaigh agus pobal an Iarthair a fheabhsú agus a neartú. Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do “creideamh an fhuatha”, mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
Rinneadh dochar do 45-47 Park Place i rith ionsaí an 11ú Mheán Fomhair, 2001, nuair a thit rothaí eitleáin anuas air. Ba shiopa éadaí é ag an am, ach rinneadh an iomarca dochair dó sa gcaoi nach bhféadfaí é a athoscailt, agus d’fhan sé dúnta go dtí gur díoladh ar $4.85 mhilliún é i samhradh 2009. Forbróir darbh ainm Sharif El-Gamal a cheannaigh é, agus é i gceist aige ceap árasán a thógáil ar an láthair. Bhí sé ag déanamh a mhachnaimh ar seo nuair a bhuail Feisal Abdul Rauf bleid air, iomám, údar agus scoláire Ioslamach a bhí i gceannas ar Mhosc eile i Nua-Eabhrac agus a bhí mar cheannaire ar Thionscnamh Córdoba.
An Mheasarthacht agus an Mheasúlacht
Dar le Rauf, níl Moslamaigh measartha le feiceáil i Meiriceá a leath chomh minic is atá antoiscigh, cé go bhfuil suas is anuas le 5 mhilliún Moslamach ina gcónaí i Meiriceá. Dá stiúrfaí an t-ionad seo i gceart, thabharfaí próifíl ard dóibh, go háirithe i bhfianaise na háite ina mbeadh sé. Is éard atá i gceist leis an bhfoirgneamh ná lárionad 13 stór a thógáil, le hamharclann, linn snámha, bialanna, siopa leabhair, agus áit adhartha Dé. Lárionad cultúrtha a bheadh ann, seachas mosc amháin, agus é mar aidhm aige saíocht agus creideamh Ioslaim a roinnt le pobal an Iarthair. Dar le Rauf “craobhscaoileann sé a mhalairt de theachtaireacht is a chraobhscaoileadh ar 9/11. Is é ár mian, na haintoiscigh a bhrú ar ais.”
Más togra in aghaidh na n-antoisceach an togra seo, táthar ann i Meiriceá nach bhfeiceann an scéal mar a fheiceann seisean é. Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs” is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm Stop Islamization of America ar mhúnla na buíne Stop Islamisation of Europe sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe). Mura bhfuil aici ach blag, tá sí le feiceáil ar fud na meán i láthair na huaire, go háirithe ar stáisiúin raidió agus teilifíse den eite dheis, mar Fox News, agus is ise is mó atá freagrach as chomh mór is atá an ghluaiseacht in aghaidh an Mhosc anois. Thaínig polaiteoirí mór le rá, mar Sarah Palin, Newt Gingrich, agus Barack Obama, amach ar an ábhar le déanaí, ag cinntiú go mbeadh an scéal i mbéal phobail Mheiriceá ar feadh an chuid eile den samhradh.
An rud is spéisiúla faoin rírá seo ná mar a thagann saíocht traidisiúnta Mheiriceá smig-ar-smig le fealsúnacht Mheiriceá i bhfoirm an chéad leasúcháin den Bhunreacht, a thugann saoirse creidimh agus cainte do gach saoránach Meiriceánach.
Tá an Saol ag Athrú
Dar le cuid mhaith de choimeádaigh Mheiriceá, is tír Críostaí, gealchnis, Eoraipbhunaithe, Béarla í SAM. Go cinnte, ba é sin Meiriceá le fada. I ndomhnach, ámh, tá an tír ag athrú go tapa. Go deimhin, ní ghlactaí le Caitlicigh ná Giúdaigh ar feadh i bhfad, ach anois is cuid lárnach de phobal “traidisiúnta” Mheiriceá iad (is Giúdach í Pamela Geller). Seapánach agus Filipíneach na heitneachtaí is mó i Hawai’i cheana féin, mar shampla, agus Meicsiceach i gCalifornia, Arizona, New Mexico, agus Texas. D’eascair 13% de phobal Mheiriceá as an Afraic.
Ach d’fhéadtaí glacadh leis na daoine seo go léir faoin mbratach “Giúd-Chríostaí”. Ní féidir glacadh le Moslamaigh faoin mbratach úd, agus is as seo a eascraíonn an chonspóid. Ní mór an bratach a athainmniú arís, agus táthar ann nár mhaith leo slí a thabhairt dóibh faoin mbratach. Go cinnte, is rud speisialta é seo. Rinneadh an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda in ainm Ioslaim, agus rinneadh ionradh ar an Iaráic agus ar an Afganastáin mar chúiteamh ar seo. Dar le cuid mhaith breathnóirí, ba chogadh creidimh a bhí ar siúl sna tíortha sin ó shin i leith. Níor chabhraigh an tUachtarán Bush leis an scéal nuair a chuir sé síos go poiblí ar “chrosáid” agus é ag beartú an chogaidh.
Dar le coimeádaigh, mar sin, ní cuid de shaíocht Mheiriceá é Ioslam, agus go deimhin, is masla don tír é, Mosc a thógáil in aice láthair ionsaí a rinneadh in ainm Ioslaim.
Dar leo siúd taobh thiar den Mhosc, baineann seo le saoirse. Dar leis an mBunreacht, tá cead acu a nDia a adhradh ar shlí ar bith, gan bhac ó éinne. Cheannaigh siad an foirgneamh go dlíthiúil, agus tógfaidh siad an t-ionad go dlíthiúil. Freastalóidh an Mosc ar phobal Mheiriceá i gcoitinne, agus cuirfidh sé aghaidh dhaonna ar Ioslam.
Idir an dá linn, tá lucht an fhreasúra ag cur fógraí in airde in aghaidh Ioslaim ar bhusanna i Siceagó, Nua-Eabhrac, agus i San Francisco. Tar éis a ndiúltaithe, bhagair siad Leasú 1 (saoirse labhra) ar na comhlachtaí iompair, agus cuireadh na fógraí in airde arís.
Tá agóidí ar siúl beagnach gach lá anois ar an ábhar seo i Manhattan, ach táthar ag leanacht den obair. Fuair Tionscnamh Córdoba cead an seanfhoirgneamh a leagan le déanaí, agus d’aontaigh coimisiún pleanála na cathrach.
Tosófar ag tógáil an lárionaid an bhliain seo chugainn.