AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

D’éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.

Íomhá
Ag Gael Fest Milwaukee 08
le Shopgirl ar Picasaweb
Íomhá
Féile na nGael, Milwaukee
le Muschka ar Picasaweb
Íomhá
Gearóid Ó Clarion agus a chairde
Íomhá
Triúr húr faoi hataí leipreacháin

Bhí Balor na Súile Nimhe i Meiriceá arís ar an mhí seo caite, a léitheoirí dílse – é ar cuairt ar Fhéile na nGael sa chathair álainn sin cois locha: Milwaukee na beorach saoire agus na feola saorga. Ní miste a rá gur mór an sú a bhain Balor Beadaí as an dá tháirge áirithe sin le linn dó a bheith thall. “How do you like your steak, sir?” a d’fhiafraigh an lucht freastail de arís agus arís eile, ach ba é an freagra céanna a bhí ag Balor gach aon uair: “Hanging over the side of the plate, mura miste leat, a dhuine chóir, agus déan deifir, maith an fear!” Ba é an dá mhar an chéile é i dtaca leis an bheoir: “Would you like a pitcher of beer for the table, sir?” “Níl tart ar bith ar an tábla le hais an tarta atá ormsa, a húirín. Is agam féin a bheas na pitchers, agus cac an diabhail ar an tábla!”

Ach ba mhór an sult a bhain sé as rudaí eile fosta agus é san athbhaile sin ar an taobh eile den domhan. An chéad rud ar bhain sé sult ar leith as ná flaithiúlacht neamhghnách Sheosaimh Mhic Shlua Muirí, eagarthóir Beo Ar Éigean!, a gheall dó go ndéanfadh sé a chuid costas a aisíoc. “Ááááá, Seosamh bocht!” a chluinim ó léitheoirí na liarlóige seo. Níl iontas ar bith go mbeidh gá le hardú mór ar an deontas a fhaigheann Seosamh ó Fhoraois na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn, nó ní thiocfadh le duine ar bith tréanastroscadhféinsmacht féin a chur i leith Laoch na Súile Nimhe agus na Tóna Toirtiúla i dtaca le feoil agus ól.

I ndiaidh do Bhalor trí mhíle go leith dollar a chaitheamh ar lón an chéad lae, as go brách leis síos cois locha go Páirc mhór na Féile Gaelaí. Bhí maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann agus Mheiriceá cruinnithe le chéile arís ina sluaite líonmhara sa pháirc ollmhór chun an tríochadú Irish Fest a cheiliúradh. Bhí idir sheanchaithe agus sheansálaithe ann; bhí idir cheoltóirí agus cheoláin ann; bhí idir dhamhsóirí agus dhruncaeirí ann; agus istigh ina measc bhí Éamó Ó Caoimhnis ag dul thart le stoc fógartha, ag insint do dhuine ar bith nach raibh an scéal cluinte acu cheana féin, go raibh ardú céime faighte aige agus go raibh sé anois ina Aire Imirce Sóisialta (nóta ón eagarthóir: Coimirce Sóisialta, a Bhaloir! Coimirce, le do thoil. Níl muid ag iarraidh colg an Aire a tharraingt orainn féin.)

Cnap Gael ag Féile na nGael

Ar scor ar bith, bhí dea-spionnadh ar Éamó agus bhí sé ag cur in iúl don domhan is dá mháthair nach raibh dualgas ar bith ní ba mhó air, cionn is nach raibh sé ina Aire Gaeltachta ní ba mhó, dul fá scread asail de Ghaeltacht Milwaukee. Níor shamhlaigh Balor go mbeadh comaoincuing riamh ag baint le cuairt a thabhairt ar an Cheathrú Chultúrtha seo den Fhéile. Bhí sé ann cúpla uair cheana agus ba mhór an pléisiúr a bhain sé as a chuid cuairteanna. Is é atá sa Ghaeltacht thall ná an chuid sin de Pháirc na Féile Gaelaí atá fíor-Ghaelach amach is amach; áit a mbíonn na fíor-Ghaeil agus a gcuid fíorchairde fíor-Ghaelacha agus fíor-Ghael-Mheiriceánacha Gaelacha agus a gcuid cairde fíor-Ghaelacha siúd. Murab ionann agus gach áit eile sa Pháirc, ní fheicfí seamróg ar bith ann ná leipreachán, ná léine ghlas ná folt rua bréige, ná bricín beag ná mór. Is ann a thagann lucht Oireachtas na Gaeilge gach bliain chun blaiseadh d’Fhéile an Oireachtais a thabhairt do mhuintir Mheiriceá. Níor thuig Balor cad tuige go raibh Éamó Ó Caoimhnis ag caitheamh anuas ar an Ghaeltacht. As go brách leis go bhfaigheadh sé amach.

Agus é ar a bhealach isteach sa Cheathrú Chultúrtha, chonacthas do Bhalor go raibh imeachtaí móra na Gaeltachta á bhfógairt ar phostaeir mhóra ar gach taobh de. Samhlaíodh do Bhalor Bocht go raibh sé i ndiaidh titim isteach i gcaise ama de shórt inteacht. Seo mar a bhí scríofa:

Réaltaí an Oireachtais

  • Seisiún Ceoil le Meaití Jó Shéamuis agus Johnny Óg Connolly
  • Lúibín le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail
  • Seisiún Amhránaíochta le Gearóid Ó Mórghuth & Emer de Barra
  • Damhsa ar an Sean-Nós ar Bhairille le Brains Ó Cuinneagáin
  • Agallamh Beirte le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail
  • Tuilleadh Ceoil le Meaití Jó, Johnny Óg, Ray agus Gearóid
  • Ranganna Gaeilge Uladh le Joe agus Ray
  • Ranganna Gaeilge Bhaile Átha Cliath le Gearóid & Emer de Barra
  • Ranganna Seana-Ghaeilge Chonamara le Meaití Jó agus Johnny Óg
  • Ranganna Gaeilge Nua Mheiriceá le Brains Ó Cuinneagáin
  • Ranganna Bladair le Joe, Ray, Mí, Fá, Só, Lá…

In ainm Chroim!” arsa Balor leis féin, “Seo tromluí cinnte. Seo déjà vu den chineál is measa. Ní hiontas ar bith go raibh Éamó sásta éalú as an áit seo.” Agus é ina sheasamh ina staic ag amharc ar an chlár, cé a tháinig an bealach ach Gearóid Ó Clarion ina rothchathaoir mhór ghroí leictreach. “Hé, a Bhaloir,” arsa Ó Clarion, “an bhfaca tú an triúr húr agus hataí leipreachán orthu? Cé? Cé eile ach Joe, Ray agus G.? Bhí siad ag gabháil do lúibín triúir – ag tabhairt Búibín is Crúibín is Lúibín Ó Laoi orthu féin. Thug mé fúthu as a bheith ag magadh faoi mhuintir Mheiriceá, agus chuir mé an triúr acu amach sa loch le mo chathaoir mhór rotha.” “Nach tú atá imníoch faoi mhuintir Mheiriceá?” a d’fhiafraigh Balor de.

Eachtra Charbaid Uí Chlarion

Bhí Jack Mason, duine de Ghaeil dhílse Mheiriceá ina sheasamh fá ghiota díobh, é ag tarraingt ar thodóg mhór agus ag tochas a thóna ag an aon am amháin, cuma ghlinnsúileach, ghéarchúiseach, dhomhainsmaointeach air, mar a bhíonn ó am go chéile. Labhair sé go ciúin is go céillí: “An fúinne nó fúthu féin a bhí siad ag magadh, a fheara? An duine a bhíonn ag magadh faoi dhaoine eile, is minic faoi féin, i ndáiríre, a bhíonn sé ag magadh, má éisteann tú go cúramach leis an fhothéacs…” “Fothéacs mo thóin!” arsa Ó Clarion, agus é ag revvvveáil inneall na cathaoireach. “Is minic nach mbíonn téacs féin ag an triúr sin, gan trácht ar fhothéacs.”

“Tá doimhneacht sa lúibín sin,” arsa Mason. Níor thúisce na focail as a bhéal nuair a tháinig an chathaoir rotha faoi lán luais agus bhuail sa ghabhal é. Amach sa loch leis, áit a raibh an triúr eile ag iarraidh iad féin a tharraingt amach as. “Tá doimhneacht sa loch sin fosta,” a scread Ó Clarion. “Anois, a Bhaloir, tá muid i ndiaidh fáil réidh le ceathrar leipreachán, agus tá puball na beorach gan aon duine ina bhun leis an scliúchas thall ar bhruach Loch Michigan. Ólaimid linn.” Agus d’ól.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.