AR NA SAOLTA SEO
Neamh ar Thalamh nár Milleadh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá Tony Birtill faoi imní mhór leis an dóigh a chaithfear airgead le Sliabh a Liag a ‘fhorbairt’ trí dhaoine a choinneáil ar shiúl ó áille agus ó fhiántas aiceanta na háite

Íomhá
Béarlóirí sa chomharsain
Íomhá
Bóthar na mBrící Buí ar Shliabh a Liag
Íomhá
Clár eolais
Íomhá
An Mullach Dubh
Íomhá
Seachain an radharc
Íomhá
Suíochán plaisteach

“An unspoilt paradise” a thug Shaun Rodgers ó Real Ireland Tours ar Dhún na nGall agus é ag cíoradh cúrsaí turasóireachta le John Murray ar RTÉ Raidió 1 (Morning Ireland 5/8/10). Ní thugann ach cúig faoin chéad de chuairteoirí eachtracha cuairt ar Dhún na nGall mar go mbraitear gur áit scoite í, de réir Murray. Ach bíonn an cúig faoin chéad sin an-sásta leis an áit, de réir Rodgers agus dhearbhaigh sé go raibh cuairt ar Dhún na nGall mar a gcéanna le ticéad buacach sa Lotto a cheannach.

Bhí mír faoin tionscal turasóireachta gach maidin an tseachtain sin, agus an lá dar gcionn, luaigh an tAire Mary Hanafin an méid airgid atá an rialtas ag caitheamh san earnáil sin ar thogra mar Shliabh a Liag, atá i bpobal Ghleann Cholm Cille. Nuair a chuir Murray ceist uirthi faoin fhiric go measann a lán turasóirí go bhfuil Éire ródhaor mar áit saoire, luaigh sí an méid áiteanna atá saor in aisce, iarsmalann san áireamh.

Ach mar a dúirt mé i m’alt ‘Sliabh a Liag’ ar BEO, beidh ar thurasóirí íoc as cuairt ar an áit álainn seo mar chuid de “fhorbairt” atá ag dul ar aghaidh ansin faoi láthair. Is é sin, tá an dá ráiteas ag Hanafin ag teacht salach ar a chéile

Fiáin agus Galánta

Is cúis imni dom go mbeidh an rialtas ag caitheamh dhá milliún €uro ar ‘fhorbairt’ sa bhreis san áit fhiáin, ghalánta seo. Ní léir go fóill cén sórt forbartha atá i gceist acu, ach is é an rud is tábhachtaí le ‘parthas neamillte’, ná gan é a mhilleadh!

Sin an rud a rinne siad blianta ó shin le Aillte an Mhothair, áit atá mar leathfhocal do drochfhorbairt anois. Chonaic mé iad, buíochas le Dia, sular tógadh an t-ionad cuairteoirí agus carrchlósanna ollmhóra.

Cé go bhfuil Sliabh a Liag mar uimhir 18 sa Lonely Planet Top 25 Irish Tourist Experiences, níl Aillte an Mhothair ar an líosta ar chor ar bith. Is é sin, in ionad an áit a fheabhsú, rinne an rialtas dochar don áit leis an fhorbairt amaideach atá déanta acu ansin. In aice láimhe, ordaíodh dóibh éirí as an obair thógála ar an Bhoirinn agus a raibh tógtha acu a bhaint amach ina dhiaidh sin.

Go bunúsach, ní thuigeann siad go meallann áiteanna mar Sliabh a Liag agus Aillte an Mhothair cuairteoirí mar gheall gur áiteanna fiáine iad. A luaithe agus a chuirtear rudaí saorga mar ionad cuairteoirí, clár fógraí, binsí plaisteacha agus mar sin de san áit, tá sé scríosta. Agus sin mar atá sé cheana féin ag An Radharc Mór ag Bun Glas, áit a bhfuil radharc iontach ar aillte Sliabh a Liag. Romhat anois tá sraith fógraí eolas den teideal “Ag Siúl tríd Dhún na nGall” [sic] faoi ábhar mar “Seabhac Seilge” “iascaireacht” agus a leithéid. Suimiúil go leor, san áit cheart, sa tsráidbhaile cuirim i gcás, ach tá sé amaideach go bhfuil siad idir tú féin agus an radharc is deise in Éirinn.

Mar chuid eile den fhorbairt, socraíodh brú a chuir ar shiúlóirí feidhm a bhaint as Cosán an Oilithrigh. Síneann an cosán seo ó Shráidbhaile Teileann suas cúl Shliabh a Liag go Séipéal Aoidh Mhic Bhricne. Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann!

Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: “Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé. Ach má tá tú thuas ag Bun Glas, leis an radharc álainn, an mbeifeá sásta dul síos arís agus tús a chur leis an siúl as Teileann, suas cosán cúil, áit nach bhfuil radharc ar bith ann ? Is airgead amú é an fógra seo. Cén fáth nach gcaitheann siad an t-airgead ag deisiú an chosáin thraidisiúnta?

Tarlaíonn an cineál dochair seo ar chosáin cháiliúla mar Striding Edge sa Lake District i Sasana - ach deisíonn siad an dochar ansin, ní dhúnann siad an cosán, mar tuigeann siad go gcaillfidh siad cuairteoirí má dhéanann siad sin.

Chas mé le roinnt cuairteoirí míshásta ar bharr Shliabh a Liag an samradh seo. Nuair a tháinig siad isteach i dTeileann, chonaic siad fógra nua le saighead ar chlé, a deir “Bun Glas. Láthair amhairc ar Shliabh a Liag “ agus saighead ar dheis a deir “Cosán an Oilithrigh- Bealach siúil go Barr Shliabh a Liag” Ár ndóigh, chuaigh siad ar dheis agus bhí siad leath bealaigh suas an cosán leadránach seo sular thuig siad go raibh cleas buailte orthu.

Is Páirc Náisiúnta é The Lake District agus bíonn maor machaire ag coinneáil súil ghéar ar an áit. Cé go bhfuil Gleann Cholm Cille ina Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCS) faoi chúram an tSeirbhis Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (féach ar www.npws.ie) ní fiú faic an stádas seo. Mar a luaigh mé i mBeo anuraidh (Eagrán 101 Meán Fomhair 2009), bhí graffiti péinteáillte i litreacha móra dearga ‘Carl loves Breege’ díreach ag deireadh Cosán an Aon Fhir, cóngarach do bharr Sliabh a Liag. Bhuel, tugaim faoi deara go bhfuil sé ann go fóill, d’ainneoin na forbartha atá ag dul ar aghaidh ansin. An bhfuil sé rófhada le siúl dóibh? Is fearr leo airgead a chuir amú ar fhógraí amaideacha sa charrchlós ag Bun Glas.

Marach Buí na Léige

Mar cuid den iarracht siúlóirí a bhrú i dtreo Cosán an Oilithrigh, tá líne carraigeacha atá péinteáilte buí geal ón fhothrach séipéil go dtí imeall na haille, áit a bhfuil fógra nua ann. “Rabhadh” deir sé: “Tá deireadh leis an chosán rochtana anseo.” Ach ní raibh fadhb agam le rochtain ar Sliabh a Liag riamh i mbeagnach 40 bliana dul suas ansin.

Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh tú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh. Ná fág aon rian de do thuras le do thoil,” a deir an fógra.

Ach cad é atá i gclocha buí ach rian gránna millteanach, déanta ag daoine gan meas ar bith acu ar an timpeallacht? Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo. An bhfuil aon difir idir é agus an graffiti thuasluaite?

Luaigh mé in eagrán 101 fosta an Crann Cumarsáide atá tógtha thuas ar an Mhullach Dhubh (219 méadar), i gceantar Shliabh a Liag. Níos meas i mbliana, tá crann cumarsáide nua, atá níos mó agus níos gránna (más féidir) ná an chéad cheann thuas ansin anois. Tá bóthairín lábánach chuige mar cholm trasna an phortaigh.

Tá ceacht an-simplí a mhúineadh don rialtas sa chás seo: ní féidir leat Neamh ar Thalamh a fheabhsú, ach is féidir leat dochar a dhéanamh dó. Mar sin, in ionad tograí ‘forbartha’, ba chóir don rialtas an t-airgead a chaitheamh chun an áit a chosaint : cosáin a dheisiú, graffiti a ghlanadh agus stad a chuir le tógáil rudaí saorga in áiteanna fiáine, áille.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.