Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.
D’fhoilsigh an nuachtán náisiúnach ó thuaidh, The Irish News, sraith altanna faoin teideal “We Say Stop” an mhí seo caite, sraith a bhí dírithe ar easaontóirí poblachtánacha. Is léir nach bhfuil rún ag easaontóirí éirí as an fhoréigean, beag beann ar thoil na ndaoine. Tá an creideamh atá acu chomh docht daingean leis an bhunchreidmheach is díograisí sa MheánOirthear.
Tá an Phoblacht shóisialach 32-chontae mar airteagal creidimh ag Óglaigh na hÉireann, ag an IRA leanúnach agus ag an fhíor-IRA - mar a bhí ag na glúnta a tháinig rompu - ach go dtí go gcuirfear dúnghaois agus beartas leis an aidhm naofa sin a bhaint amach, is beag meas a bheas orthu i measc mhórchuid náisiúnach na hÉireann. Agus an foréigean? Seo dreamanna a phléasc buama in ionsaí seicteach ar Chaitliceach, ar Gaeilgeoir agus ar imreoir do CLG é, cionn is go raibh sé ina bhall den PSNI. Chaill Peadar Heffron a dhá chois san eachtra. Ach cad é an turas a sheol na daoine seo a fhad leis seo?
Chuala mé míniú amháin ó Bernadette McAliskey agus í ag tabhairt léachta i sraith léachtaí poiblí i gCumann CLG Gort na Mona in iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh. (Tá lucht eagraithe na leachtaí seo le moladh go hard.) Níorbh iad na heasaontóirí ba théama don chaint a bhí ag iarfheisire Westminister atá ag saothrú léi sa ghrúpa pobail STEP i nDún Geannainn faoi láthair. Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - one man, one vote - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
Leasú Dá Laghad
Ní raibh an eagraíocht ag iarraidh athaontú na tíre, bhí siad ag éileamh comhionannais mar gur chreid earnálacha éagsúla náisiúnaíoch go dtitfeadh an tóin as an stát seicteach ó thuaidh dá scoirfí na bunphrionsabail ar a raibh sé bunaithe agus go dtarlódh sin gan dul i dtuilleamaí feachtais mhíleata. Dar le McAliskey gur thuig Aontachtaithe sin agus gurb shin é an fáth a raibh siad chomh diongbháilte sin in éadan an leasaithe ba shuaraí. Ag coinneáil greim an fhir bháite ar a gcumhacht a bhí siad.
“Mar sin, is dócha go raibh an ceart ag seanphoblachtánaithe a chreid go raibh sé dodhéanta an stát ó thuaidh a leasú,” arsa McAliskey. “Dá leasófaí an stát seo aon orlach amháin, é a dhaonlathú frídín, chuirfí an córas ar a raibh sé bunaithe as feidhm agus níorbh fhéidir stát an tuaiscirt a choinneáil ag dul.”
40 bliain anonn, measann McAliskey gur meancóg ollmhór a bhí sa dearcadh sin. Tá Tuaisceart Éireann beo beathach, na struchtúir pholaitiúla beo beathach, a deir sí.
“Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit,” ar sí.
Roth Mór 40 Bliain
Mhair an streachailt ar feadh 40 bliain, arsa Bernie, ag toiseacht amach mar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach, a d’iompaigh ina fheachtas míleata do chearta náisiúnta ach atá iompaithe droim ar ais arís. Mar sin, an dearcadh a bhí ag Poblachtanaithe Oifigiúla, na “Stickies”, agus eite i NICRA a mheas go dtiocfadh aontú na tíre mar thoradh ar leasaithe sna Sé Chontae, tá an dúnghaois sin anois á leanstan ag Sinn Féin an lae inniu chomhair a bheith 50 bliain ó tháinig sé chun cinn.
“Creideann siad gur féidir an stát a dhaonlathú agus go dtiocfaidh Éire Aontaithe mar thoradh ar sin, ar an mhéar fhada féin” arsa McAliskey, “ach ar leibhéal eile, na daoine ar an imeall, daoine atá ag streachailt bia a chur ar an tábla don teaghlach, daoine atá éagsúil ó thaobh eithneachta nó gnéasachta de, ar chruthaigh muid sochaí ina bhfuil cothrom na Féinne acu siúd? Measaim nár chruthaigh.”
Agus tá an dearcadh sin láidir i measc dreamanna éagsúla ó thuaidh, go bhfuil an mheánaicme ag baint tairbhe as an Stormont úr agus go bhfuil an aicme oibre fágtha in áit na leithphingne. Éireoidh an dearcadh seo níos daingne i ndiaidh chiorrú an mhaoinithe atá ag teacht, suas go dtí £2 billiún agus mar is gnách, is ar na daoine is boichte, a thitfidh an t-ualach is mó. Cruthóidh sé seo coimhthíos sna háiteanna is boichte. sna ceantair is mó a bhfuil tionchar ag easaontóirí iontu. Cuirfidh an ghéarchéim gheilleagair leis an chreidbheail nach féidir an stát ó thuaidh a athrú chun leasa na ndaoine sin is mó atá faoi bhuntáiste. Is é an chontúirt é go rachaidh na daoine seo i muinín an ghunna agus an phléascáin le cúrsaí a athrú, ainneoin go léiríonn an stair go bhfuil siad gaibhte isteach ar bhóthar caoch.