COMÓRTAIS
Comórtas Mí Meán Fómhair
Íomhá
Gluaiseacht

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin An tSiopa Ghaeilge chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cé mhéad atá ar an leabhar ‘Gluaiseacht’ sa tSiopa Ghaeilge?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 25 Meán Fómhair 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mheán Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar:

Gluaiseacht, le Alan Titley.

Ainmníodh an leabhar seo ar Ghearrliosta Ghradaim Leabhair na Bliana do pháistí a eagraíonn Leabhair Pháistí Éireann agus Bisto.

Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt cogaidh san Afraic agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Scéal a bhfuil an t-uafás agus an daonnacht taobh le taobh ann agus a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha. Gaeilge shnasta shimplí inléite atá ann.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.