Do ghasúr óg a ligean i mbun an ríomhaire, as féin? Ba cheart go mbeadh sé furasta a dhéanamh gan buaireamh. Tá comhairle duit ag Roseanne Smith san alt seo.
Dúisím. Áit éigin im’ intinn tá fhios agam nach bhfuil sé rómhoch, déarfainn thart fán seacht a chlog. Tuigtear dom gurb é an Satharn. Níorbh é an clog a mhúscail mé mar sin. Cloisim coismeigeanna beaga ar an urlár sa seomra béal dorais, an doras ag oscailt is ansin na cosa sin ag damhsa leo síos an staighre. Cloisim mo mhac, seacht mbliana, ag tosnú an ríomhaire is ag gabháil ar líne. Roimh thitim ar ais chun suain dom, smaoiním ar an gceol sin agus gurb é Brian Eno a chum an píosa ceoil sin 3.8 soicind ar fhad do Microsoft i 1994. A leithid de smaointí a ritheann liom idir codladh is dúiseacht. Níl buairt ar bith orm faoin intinn óg atá ar líne sa seomra suí thíos staighre.
Ní mar sin a bheadh máthair eile a bhfuil aithne agam uirthi. D’inis sí dom go bhfaca sí íníon léi ag bualadh na bhfocal “How to…” isteach i nGoogle agus thairg tuarthéacs Google “…have sex” mar chríoch ar an gcuardach. B’shin deireadh le úsáid an ríomhaire d’iníon an tí sin. Is mór an trua sin mar is fadhb le réiteach fadseasta é seo. Is féidir an t-inneall cuardaigh nó an saibhseálaí féin a shocrú go seachnófaí a leithéid. Is féidir an ríomhaire a shocrú, pé Mac nó PC é, chun do pháiste a chosaint trí “Parental Controls” a fheidhmiú. Tá cúpla naisc thíos mar thús má tá breis eolais de dhíth ar an ábhar sin. San áireamh sa smacht seo, is féidir srian a chur ar na bogearraí is ar na suíomhanna a bhfuil cead ag an bpáiste a úsáid. Níos úsáidí arís ná an rud go gcaithfear cuntas úsáideora a shocrú don leanbh, rud a ligeann duit a rá leis nó léi, “Muna chuireann tú na bréagáin sin in ord, scriosfaidh mé do phroifíl ar an ríomhaire.” Ó an chumhacht!!!
Riarthóir do Ríomhaire
A fhad is gurb é an tuismitheoir “riarthóir” an ríomhaire, mairfidh an chumacht chéanna agus a fhad is a bhíonn níos mó eolas agus muinín ag an tuismitheoir maidir le ríomhairí, beidh an scéal amhlaidh. Bhí mé ag cabhrú le bean amháin le fadhb ríomhaireachta s’aici agus d’iarr mé pasfhocal an riarthóra uirthi chun rud nó dhó a chur i gceart di. Dúirt sí gur ag a mac, déagóir, a bhí an t-eolas sin. Chiallódh a leithéid de shocrú nach mbeadh smacht nó eolas ar bith ag an mbean seo ar cibéard a bheadh ar siúl ar an ríomhaire céanna ag a mac. Tharla go bhfuil aithne agam ar a mac freisin, ní dóigh liom go mbeadh aon ní olc i gceist, ach is ceist sábháilteachta í freisin.
Rinne Laurence Veale ón gcomhlacht iQContent cur i láthair sa Gailéaraí Eolaíoch i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chaite faoin teideal UX for Kidz mar chuid den tsraith Refresh Dublin. Is sraith é seo do dhearthóirí, teicneolaithe is gairmithe Nua-Mheáin i mBaile Átha Cliath. Cé gur dhírigh a chaint ar thaithí an úsáideora, ní le dearadh is cúrsaí teicneolaíochta amháin a bhaineann sin. Chruthaigh a chomhlacht iQContent cúig phrionsabail is iad ag cruthú suíomh do pháistí:
- Dearadh atá aoisoiriúnach
- Dearadh le teorainn soiléir nach ligeann don pháiste gabháil amú ar líne
- Dearadh a áisíonn taiscéalaíocht is fionnachtain
- Dearadh a áisíonn idirgabháil sóisialta sábháilte
- Dearadh a áisíonn forbairt is le luach intreach
Dúirt sé leis muna mbíonn muinín ag tuismitheoir i suíomh agus san UX dá bpáistí, teipfidh air chomh maith céanna. Luaigh sé scéal Nickolodeon mar shuíomh a lig do pháistí gliocáil ar fhógraí agus gabháil ar bóiléagar chuig suíomhanna eile. Ghin a leithéid de scéal ceist ón urlár maidir le ‘cluimhriú’. Dúirt an ceistneoir cé go bhfuil, ar ndóigh, buairt ar gach tuismitheoir faoi chreachadóirí agus tá buaireamh ann freisin faoin ‘gcluimhriú’ atá ar siúl ag lucht margaíochta chun glúin nua tomhaltóirí digithe a chruthú.
Spriocanna Margaíochta
B’fhéidir go bhfuil údar imní ag tuismitheoirí. De réir taighde a foilsíodh ag tús na bliana i Washington DC, tá páistí idir 8 is 18 sa tír sin anois ag caitheamh 7.5 uair sáite sna meáin siamsa. Toisc iltascáil, éiríonn leo beagnach aon uair déag d’ábhar a phulcadh isteach sa tréimhse sin. Bí cinnte nach bhfuil aos óg na hÉireann i bhfad ina ndiaidh. Ceaptar go minic go bhfuil na dúchasaigh dhigiteacha seo níos sofaisticiúla in úsáid na nuamheán seo. Ach tá cúis bhuartha eile ann freisin de réir taighde (ó 2002 faraor!) Jakob Nielsen, an saineolaí inúsáidteachta. Dá réir seisean, bíonn tionchar ag fógraíocht ar líne ar pháistí. Cliceálfaidh siad ar bhratfhógraí, uaireanta de thaisme admhaíonn sé, ach cliceálann siad.
In alt ó Smashing Magazine ina bhfuil cur síos ar na treochtaí is dea-chleachtais i ndearadh suíomhanna do pháistí, is léir gurb ionann iad seo is na treochtaí i mbratfhógraíocht. Is é sin beochain, fuaim, dathanna láidre is teachtaireachtaí simplí le carachtair is íocóin atá inaitheanta agus tarraingteach. Níor thuig páistí an difríocht i 2002 idir fógraí is ábhar na suíomhanna; i 2008 bhí Peadar Drislane, saineolaí margaíochta, in alt ar shuíomh an Internet Advertising Bureau sa Ríocht Aontaithe, ag moladh dóibh siúd le spriocmhargadh óg, airgead fógraíochta a chaitheamh ar líne. Scríobh sé mar fhocal scoir, “At a time when commercial messages to children on TV are under real pressure from regulators, it makes much more sense to explore channels that are not facing the same pressure.” Mar thuismitheoir, tagann a leithéid siúd de mhí-ionramháil idir mé féin agus codladh na maidine Dé Sathairn.