THALL IS ABHUS
Bean ina hUachtarán ar an mBrasaíl?
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

tuairisc ar fheachtas Uachtaránachta na Brasaíle dúinn, ag Alex Hijmans. Is cosúil gur le Dilma Rousseff a bheas an lá óir is í bun agus barr an scéil ag gach éinne ann.

Íomhá
Marina Silva
Íomhá
Na hiarrthóirí
Íomhá
Dilma Rousseff
Íomhá
José Serra
Íomhá
Balla toghcháin

Agus feachtas thoghchán na huachtaránachta sa Bhrasaíl faoi lán seoil, tá an chuma ar scéal go bhféadfadh bean a bheith i gceannas ar an tír is mó sa leathsféar theas gan mhoill. De réir na bpobalbhreitheanna, tá an bhearna idir Dilma Rousseff, iarrthóir Pháirtí na nOibrithe (PT) agus na hiarrthóirí eile ag leathnú. Sa phobalbhreith dheireanach sular foilsíodh an t-alt seo, bhí 47% de na vótaí ag Rousseff, 29% ag José Serra ón PSDB (Páirtí an tSóisialachais Dhaonlathaigh Bhrasaíligh – páirtí ón lár) agus 9% ag iarrthóir an Phairtí Ghlais, Marina Silva. Ní raibh a n-intinn déanta suas ag an gcuid eile de na daoine a ceistíodh, nó bhí sé i gceist acu vóta a chaitheamh do dhuine d’iarrthóirí na bpáirtithe beaga, nach bhfuil seans dá laghad acu buachaint.

Ach in ainneoin go bhfuil Dilma Rousseff, a bhaineann le páirtí an uachtaráin reatha, Lula, go maith chun cinn ar na hiarrthóirí eile, ní dócha go mbeidh sí in ann an seaimpéin a bhearnú oíche an 3 Deireadh Fómhair, lá an toghcháin. Sa Bhrasaíl, teastaíonn móramh de 50% ó iarrthóir chun toghchán uachtaránachta a bhuachaint scun scan, sa chéad bhabhta vótála. Muna mbíonn os cionn leath na vótaí ag iarrthóir ar bith, bíonn leis an dara babhta. Is dócha, mar sin, go mbeidh ar Rousseff fanacht leis an gcomóradh mór go dtí an 31 Deireadh Fómhair, an lá a bhfuil an dara babhta beartaithe.

Cé Bheas ina Presidenta?

Agus beidh ar mhná na Brasaíle fanacht ina cuideachta. Tír í an Bhrasaíl a bhfuil cáil an fhearaíochais uirthi, cé nach bhfuil an deighilt idir fir agus mná baileach chomh leathan inti agus atá sna tíortha i Meiriceá Theas ina labhraítear an Spáinnis. Anois, don chéad uair riamh, tá beirt bhan sa rása don uachtaránacht, agus seans dáiríre ag duine acu buachaint. Tá feachtas Rousseff ach go háirithe ag baint leasa as an ngné sin: “Dilma Presidenta!” a fhógraíonn bratacha agus lamhnáin na bolscaireachta. Focal nuachumtha i bPortaingéilis é ‘presidenta’ agus ‘uachtarán baineann’ an bhrí atá le baint as, le hais ‘presidente’, a chiallaíonn, go simplí, ‘uachtarán’.

Ag caint ar bholscaireacht, bheadh sé deacair ar dhuine ar bith sa Bhrasaíl dearmad a dhéanamh ar feadh oiread agus nóiméad go bhfuil toghchán ar na bacáin. Ní hamháin go bhfuil na meáin ag baint adhmaid as scéalta an fheachtais, tá dhá uair an chloig in aghaidh an lae curtha i leataobh do chraoltaí polaitiúla ar gach stáisiún raidió agus teilifíse – ag príomham. Munar leor an méid sin, tá carranna fuaime seasta ag cúrsáil na mbóithre, ag casadh ceoilíní bolscaireachta ar an leibhéal fuaime is airde. Mar bhuille scoir, tá gach crosbhóthar mór gafa ag arm d’fheachtasóirí proifisiúnta: bochtáin a n-íocann áisíneachtaí poiblíochta luach de thar ar €17 in aghaidh an lae leo chun bratach nó lamhnán héiliam le téacs bolscaireachta a choinneáil ina lámh, ar feadh ocht n-uaire an chloig, faoin ngréin, sa bháisteach, faoi dheatach na tráchta. Lá amháin, chonaic mé bean a bhí torrach agus nach raibh ach mí nó mar sin fágtha sula gcuirfeadh sí páiste ar an saol. Bhí sí ina seasamh in aice leis an mbóthar, bratach de chuid dhuine de na hiarrthóirí i dtoghchán rialtais áitiúla na stát – atá ar siúl ag an am céanna – crochta in airde aici.

An Lár le Líonadh

Fásfaidh a páíste suas i dtír thar a bheith éagosúil leis an tír inar fhás a m(h)áthair aníos. Le hocht mbliana anuas, agus an Bhrasaíl faoi stiúir an uachtaráin Lula, tá fás agus forbairt ollmhór tagtha faoin tír. Ba é láidreacht uachtaránacht Lula ná go raibh fás i ndán do gach uile aicme, idir shaibhir agus dhaibhir.

Sin ráite, in ainneoin gur fheabhsaigh caighdeán saoil gach uile dhuine, d’fhan an bhearna idir na boicht agus an uasalaicme chomh leathan is a bhí sí riamh - ach tá an cheist sin fite fuaite le cúrsaí nach féidir a athrú thar oíche, nó le linn dhá thréimse uachtaránachta, fiú amháin. Táimid ag caint ar réamhchlaontaí i gcoinne dhuine ar bith atá bocht, gorm nó bundúchasach; réamhchlaontaí a théann siar go dtí gur ghabh máirnéalaigh Phortaingéileacha cuan is caladh na Brasaíle i 1501. An dúshlán atá roimh an gcéad uachtarán eile na tógáil ar oidhreacht Lula agus iarracht a dhéanamh an scoilt i lár na sochaí a laghdú.

Má éiríonn le Dilma Rousseff an uachtaránacht a bhaint amach, is cinnte go gcloífidh sí le cúrsa polaitiúil Lula: tá an méid sin geallta do na vótóirí aici. Thar aon rud eile, is í aidhm Pháirtí na nOibrithe postanna agus fás geilleagair a sholáthar – beagnach ar chostas ar bith. Botún a bheadh ann a cheapadh go mbainfeadh an timpeallacht tairbhe as bua Rousseff. Tá sé i gclár rialtais an PT stáisiuin ginte leictreachais niúcleacha a thógáil agus tacaíonn an páirtí le plean conspóideach Belo Monte, áit gar don Amasóin a bhfuil sé beartaithe cúrsa abhann a athrú, treibh bhundúchasach a dhíbirt as a gcuid talún agus gleann mór a líonadh le huisce a thál ar stáisiún cumhachta eile.

Díol Maith d’Uachtarán

Sin go deimhin na fáthanna gur éirigh Marina Silva, a bhí ina hAire Timpeallachta i gcéad rialtas Lula, as an PT. Chuaigh sí leis an bPáirtí Glas anuraidh agus is í a n-iarrthóir i rás na huachtaránachta. Níl baol ar bith go mbeidh an bua aici, ach ciallaíonn a cinneadh seasamh gur dócha go mbeidh gá leis an dara babhta vótála.

Má éiríonn le José Serra, atá tar éis titim siar sna pobalbhreitheanna ó thosaigh an feachtas, míorúilt a oibriú agus an uachtaránacht a bhaint amach, athróidh cúrsa polaitiúil na Brasaíle rud beag. Dhéanfaí príobháidiú ar chomhlachtaí stáit agus ní dócha go gcaithfí oiread airgid ar chúrsaí oideachais agus cultúir is a chaitear anois, cé go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa bhonneagar.

Ach eadrainn féin, ní bhaineann sé sin le hábhar. Tá a fhios ag muintir na Brasaíle le fada an lá cé aici a mbeidh an bua sa toghchán seo. Tá ainm Dilma ar bheola gach uile dhuine.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.