CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Táimid Tosaithe Arís, An bhFuil?

Is mór an gar go bhfuil corraíl éicint ar na bacáin ar an Chreagáin i lár na tíre ar son na teanga, ar son na príomhchathrach agus ar son an gheilleagair.

Íomhá
Daimhliag - ardeaglais - na Cluana
a bhuí le John Armagh ar Vicipéid
Íomhá
Macasamhail Chrois Mhór na Cluana
a bhuí le Stefan Fischer ar Vicipéid

Ar Son na Príomhchathrach

Ba léir cúig bliana déag ó shin go raibh ag teip ar Bhaile Átha Cliath soláthar ar mhuintir na cathrach ar mhórán bealaí. Oibríonn cathair nó ní oibríonn, agus is léir nach n-oibríonn BÁC mar chathair, le taisteal, le hobair, le cónaí ann ná le caint sa tsráid fiú amháin. Ní thig leat an duine eile a chluinstean. I gcathracha eile, thig leat taisteal, cloisfidh tú duine ag caint in aice leat agus ní bhodhróidh callairí, inneall capacino, ná cártadh sceanra thú i mbialann. Is tréith de chultúr cathrach iad siúd a léiríonn stuaim, cur chuige agus socracht na ndaoine ann. Tá tuairim ag daoine thar lear nach féidir le duine caife a ól mar is ceart in áit a bhfuil 130 deicibeil ag siabadh fá do chluais! An fáth gur tógadh BÁC, Béal Feirste, Corcaigh, Doire, Droichead Átha, Dún Dealgan, Gaillimh, Luimneach, Loch Garmain, Port Láirge, Sligeach agus cibé áit eile, mar gur sráidbhailte calafoirt iad. Bhí áth le trasnú chomh maith ag bun na habhann mar a raibh slí ag daoine agus thug an slua roinnt airgid leo le díol is le ceannach. D’fhás na bailte calafoirt sin mar gheall ar chúrsaí taistil an ama. Dá mba chathair bheag nó baile mór 100,000, nó baile beag fiú amháin, abair 20,000 duine, ár linne féin a bheadh i gceist, níor cheart a shuíomh le taobh cósta ar an ábhar nach féidir taisteal isteach is amach ann 360° céim den chompas. Níl BÁC chomh dona le roinnt cathracha sa mhéid go síneann dhá thaobh an chuain soir cúpla míle ar aon nós. Cosnaíonn BÁC na billiún €uro gach bliain mar gheall nach bhfuil sé leath bealaigh trasna nó istigh san oileán. Dá mbeadh milliún duine ina gcónaí i lár na hÉireann, an dream líonmhar sin a dteastaíonn uathu cuairt a thabhairt ar a gcairde nó a ngaolta i nGaillimh nó i mBinn Éadair, i nDoire nó i gCorcaigh, ní bheadh ach leath an achair le taisteal acu, thar mar a tharlaíonn achan deireadh seachtaine, ó thús deireadh na bliana. Sheol TG4 a sceideal geimhridh ag Staid Aviva i mBÁC ar a haon a chlog 31 Lúnasa. Bhí ar fhiche nó daichead duine taisteal trasna na tíre agus ar ais mar gheall air. Dá mbeadh an phríomhchathair nó an leas-phríomhchathair i lár na hÉireann níor ghá a ghabháil ach a leath an bhealaigh agus ar ais, rud a chiallódh leath an bhreosla dóite san aer, leath an ama, leath na contúirte agus leath na tuirse dá réir. Cuid de na Bleá Cliathaigh iad féin, glacfaidh sé fada go leor orthu theacht a fhad le Aviva mar nach bhfuil an chathair ag feidhmiú i gceart le barraíocht sluaite ar mullach a chéile. Gach duine acu ag criogadh a chéile.

Ar Son an Gheilleagair

Má tharlaíonn sé seo, nead Síneach i lár na hÉireann in am an ghátair, maolóidh sé an brú millteanach a cuireadh ar BÁC ó na 1990aí i leith, agus i ndiaidh an tsaoil, níl sé rófhada as an phríomhchathair ag an am chéanna. Faoi cheann leathchéad nó ceithre fhichead bliain eile, b’fhéidir gur le taobh an bhóthar iarainn as BÁC go hÁth Luain a bheas an tiús daonra is mó in Éirinn. Beidh saibhreas mór le déanamh ar an chéad éirí amach geilleagair eile. Tiocfaidh an dúpholl sna sála ar siúd, ach beidh a fhios againn an chéad iarraidh eile; - an cú a bhuailtear sa cheann, cuimhníonn sé.

Ar Son na Teanga

Sea, ar son na teanga, tharla gur seo chugainn na Sínigh agus an tSínis ar an mbéal réidh acu le spréadh amach ar fud Éireann iathghlas mar a rinne an Chríostaíocht a leathnaigh amach as Cluain Mac Nóis, as Cluain Ioraird agus as Cluain Fearta. Níl rud ar bith níos fearr leis an sotal a bhaint de lucht labhartha an Bhéarla ná an tSínis. Is tráthúil do theacht chugainn a Shínis. ‘Huānyíng guānglín’, nó ‘tá fáilte romhat’! Agus ‘nǐ hǎo’ – Dia duit – nath atá éasca cuimhneamh air mar nach fada an fhuaim ón Ghaeilg ‘ní hea’! Tá thart fá 200 teanga á labhairt in Éirinn anois (A. Ní Ghallchair, 2009, 221). Agus féach ag ‘Gnó RTÉ’ 27 Bealtaine 2010: Mr Martin, who has already met senior political leaders, said the issue of Chinese language competence was important for Irish involvement and he would like to see the language as an option on the Leaving Certificate curriculum.

An teanga áirithe seo, an tSínis, (féach an focal scoir in alt Chiaráin Mhic Aonghusa san eagrán seo de BEO!), is tráthúil a teacht chugainn.

Níl sé fiche bliain ó bhí Col. na Tríonóide ag maíomh as comóradh a bhunaithe (1592). Cloisfidh tú treoraí ag maíomh ar an dáta sin nuair a dhruidfidh na turasóirí cruinn thart air lá ar bith i gcearnóg na hollscoile, óir ní féidir iad a choinneáil amach as an áit. Seasfaidh siad ar mhullach a chéile le fáil isteach ann. Bhí ollscoil i lár na hÉireann breis is míle bliain a raibh na mílte mac léinn as tíortha thar lear ag freastal air, chomh maith leis na hÉireannaigh iad féin. Bhunaigh Ciarán mac int Saír (9 Meán Fómhair) Cluain Mac Nóis sa bhliain 545 agus níor dúnadh é go dtí an bhliain 1552 – breis is míle bliain - nuair a bhí an Sasanach ag foghlaim ealaíon an Pax Britannica abhus, ealaíon a cuireadh chun cinn trasna mhórchodanna den domhan ar ball. Ba iomaí teanga a bhí san ollscoil sin fad a mhair sí, ach bíodh go samhlaítear teanga na Gaeilge anois leis an imeallbhord thiar go háirithe, ba i lár na hÉireann a bhí nead gach canúna, ba ansin a theagmhaigh gach fuaim, gach foghar is gach focal lena chéile. Thairis sin, saothraíodh liosta le háireamh lámhscríbhinní móra i lár na tíre nach ndeachaigh ‘taobh re tuinn’ riamh ó scríobhadh iad míle bliain ó shin. An teanga féin, réabadh amach as láthair na tíre í, ar mhodh sách brúidiúil in amanna mar a léiríonn na hannála dúinn (Annála Inis Faithleann 1305.4). Is ceart do mhuintir na Gaeilge sean-nead a ndúchais i lár na hÉireann a athmheas, a athghabháil agus má chuidíonn an tSínis linn cuid den bhealach, níor bheag an méid sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.