Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
Deirtear gurb é an dá mhí Iúil/Lúnasa ‘ráithe na raiméise’ sna meáin chumarsáide. Le linn an dá mhí den samhradh bíonn easpa nuacht chrua ar na meáin, gan na cúirteanna ná tithe an Oireachtais ina suí agus bíonn sé líonadh=fill">="gloss" title="difficult enough">sách deacair goile na gclár cúrsaí reatha ar raidió is teilifís a shásamh. Is minic a chumtar scéalta áiféise nó tugtar ardán do mholtaí craiceáilte leis an bhfolús a líonadh. D’fhéadfá a rá go mb’shin a tharla an mhí seo caite nuair a mhol Frank Feighan T.D, go mba cheart ceantar Ghaeltachta a dhéanamh de Chliara, an t-oileán stairiúl ina bhfuil daonra de thart ar 150 duine atá amach ó Chuan Mó i gContae Mhaigh Eo.
Chuir oifig eolais Fhine Gael ráiteas amach ar an 4 Lúnasa ag fógairt don saol mór go raibh urlabhraí Gaeltachta nuacheapaithe an pháirtí, Frank Feighan T.D., tar éis a mholadh go mba cheart tionscnamh píolótach a chur ar bun i gCliara le go mbeadh sé ina ‘Irish Island’, mar a dúradh sa ráiteas. An sprioc a bheadh ag an tionscnamh píolótach: pobal Chliara a iompó ar an nGaeilge.
Dúirt sé leis an Sunday Tribune (15 Lúnasa) gur tháinig sé aníos leis an smaoineamh ar chuairt dhó ’ig an oileán. An raison d’etre don tionscnamh píolóta teanga ná é seo: go bhfuil sé mar sprioc sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an líon cainteoirí laethúla Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú ó 83,000 go 250,000 faoin mbliain 2030 agus nach mbainfear amach an sprioc sin gan ‘smaoineamh taobh amuigh den bhosca’. Chun an sprioc sin a bhaint amach tá Frank Feighan ag iarraidh tosnú ar oileán beag i Maigh Eo agus é de rún aige an Ghaeilge a chur i mbéal na ndaoine i gCliara mar ghnáth-theanga laethúil an phobail!
Cuireann sé iontas orm go bhfuil Fine Gael agus Frank Feighan ag glacadh leis gur sprioc réadúil é líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú fá thrí sa fiche bliain den Stráitéis. Níl bunús eolaíoch ar bith leis an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge. Leis an sprioc sin a bhaint amach, theastódh méadú de 5.7% gach uile bhliain as seo go 2030 ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge sa tír. Ní heol dom aon saineolaí ar phleanáil teanga a bheadh sásta a rá gur sprioc réadúil é an 250,000 cainteoirí laethiúla Gaeilge. Ach is cosúil go bhfuil Fine Gael ag glacadh leis, gan aon cheist a chur faoi!
Cén fáth Cliara, thar áit ar bith eile?
Chuaigh an tuairisceoir Áine Ryan níos faide leis an scéal san Irish Times, Dé Sathairn 21 Lúnasa. Tuairiscíodh san alt go ndúirt ollamh ollscoile, Dr. Peter Gill, go mba é Cliara ‘a perfect laboratory to reintroduce the language’ agus bhí sé le maíomh ag múinteoir scoile Chliara, Mary Mc Cabe, gur thug sí faoi deara, nuair a théann na gasúir ón oileán ag Oireachtas na Gaeilge le páirt a ghlacadh sna comórtais damhsa ar an sean-nós, go ndeir na tuismitheoirí go minic go mba bhreá leo a bheith in ann an Ghaeilge a bhíonn le cloisint timpeall orthu a thuiscint. B’shin a dúirt sí. Níl na tuismitheoirí ar an oileán in ann Gaeilge a thuiscint, gan caint ar Ghaeilge a labhairt, agus tá Fine Gael ag roghnú na háite sin don tionscnamh píolótach teanga! Wow.
’Sé fírinne an scéil go mbeadh sé deacair áit níos measa ná Cliara a roghnú dá mbeadh tú ag iarraidh tionscnamh den chineál atá i gceist ag Fine Gael a chur ar bun. As 131 duine ar Chliara, ní raibh ach 38 a dúirt go raibh Gaeilge acu. Is ionann san agus 29%, i bhfad níos ísle ná an meán náisiúnta de 39%. Bheadh Mainistir na Búille, an baile i Ros Comáin, arb as Feighan é féin, níos feiliúnaí sa mhéad is go bhfuil Gaeilge ag 40% de mhuintir an bhaile sin, dar leis an Daonáireamh a tógadh i 2006.
’Sé fírinne an scéil go bhfuair an Ghaeilge bás os cionn 100 bliain ó shin ar Chliara mar ghnáth-theanga chumarsáide, mar a tharla in áiteacha go leor in Iarthair na hÉireann. Is ar éigean a áiríodh é ina breac-Ghaeltacht nuair a leagadh amach teorainn na Gaeltachta don chéad uair, mar go raibh 121 as 479, a dúirt go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh speisialta a tógadh sa bhliain 1926. Ach nuair a bhreathnaítear ar na huimhreachaí do na haoisghrúpaí éagsúla, is léir gur beag duine fásta faoi bhun 50 bhliain d’aois a bhí in ann a éileamh go raibh Gaeilge acu, ar Chliara ceithre scór bliain ó shin.
An tAon Chaoi le Cliara a Ghaelú:
Ag breathnú go fuarchúiseach ar an moladh faoi Chliara a ghaelú, tá bealach amháin ann a d’oibreodh: na daoine a bhfuil cónaí orthu ar an oileán faoi láthair a dhíbirt agus an t-oileán a chóilíniú le cainteoirí Ghaeilge. Is trí chóilíniú a athraíodh teanga phobail Rath Chairn go Gaeilge. Go bhfios dom, ’sé Ráth Chairn, an t-aon cheantar inar tharla athrú i dteanga laethúil an phobail ó Bhéarla go Gaeilge ó bhunú an stáit i leith.
Ar eagla na míthuisceana, ba mhaith liom a dhéanamh soiléir nach bhfuilim ag moladh an chur chuige sin i gCliara, mar go bhfuilim in aghaidh aon cheo a sháródh cearta daonna aon phobail. Lena leithéid de scéim cóilínithe a chur i bhfeidhm, glacaim leis go dteastódh na Cliaraigh a bhfuil cónaí orthu ar an oileán faoi láthair a chúiteamh go maith, sara mbeidís sásta imeacht. Ní bheadh ansin ach an chéad chuid den tionscnamh. Ansin theastódh breabanna móra a thabhairt do chainteoirí Gaeilge, len iad a mhealladh le lonnú ar oileán, nach bhfuil éasca tíocht air.
Ar ndóigh ní hé sin atá i gceist ag Frank Feighan. Tá Frank ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh is a rinne an Fine Gaelach ó Mhaigh Eo, Patrick J. Lindsey siar sna caogadaí, ’sé sin aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair bochta i Maigh Eo ina raibh an Ghaeilge imithe i léig le fada ar an gcúis go mba cheart go mbeadh siad i dteideal aon deontas a bheadh ar fáil do cheantar Ghaeltachta, mar a d’admhaigh sé ina bheathaisnéis.
’Sé an rud is scanrúla domsa faoi seo, go bhfuil urlabhraí Gaeltachta an pháirtí a bheas i gceannas na tíre th’éis an chéad olltoghcháin eile, ag moladh a leithéid de thionscnamh teanga: airgead, acmhainní agus fuinneamh a chaitheamh amú ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochaint in áit cosúil le Cliara nuair atá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar, iompaithe ar an mBéarla faoi 2030. Más é tionscnamh Chliara an cur chuige is fearr atá le moladh ag Fine Gael i láthair na huaire, le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht, is bocht an scéal é. Léiríonn sé thar aon rud eile go bhfuil easpa tuisceana ar an urlabhraí nua ar chúrsaí Gaeltachta. Más mian le Enda Kenny go gcuirfidh daoine le spéis sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht muinín ina pháirtí, b’fhearr dhó cúram na Gaeltachta/Gaeilge a bhaint de Frank Feighan.