AR NA SAOLTA SEO
Oideachas Gaeilge Fhine Gael
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Amharcann Breandán Delap ar an dóchúlacht pholaitiúil go gcuirfí beartas Fhine Gael i gcoinne éigeantas na Gaeilge san Ardteist i bhfeidhm.

Íomhá
Córas feidhmiúil a aimsíonn ardmharcanna sna teangacha agus san áireamh
Íomhá
Éanna Ó Cionnaith, Ceannaire Fhine Gael
Íomhá
Éamon Gilmore, Ceannaire an Lucht Oibre
Íomhá
Donncha Mag Fhionnghaile, Fine Gael

Ba ar an 11 Samhain, 2005 - an oíche roimh thús chomhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh - a bheachtaigh Enda Kenny an beartas i leith ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh i dtús ama. Bhíothas ag cur ina leith ag an am gur beag polasaí úr dá chuid féin a bhí á chur chun cinn aige mar fhreasúra don rialtas. Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.

Uirlis mhaol’ a thug an Teachta Kenny ar an iallach a chuirtear ar dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an teanga don Ardteist. Dúirt sé go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fháil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann a bhformhór acu ceithre bliana déag á foghlaim. Uirlis le faobhar a bhí sa bheartas seo i lámha urlabhraí oideachais an pháirtí, Brian Hayes, sna blianta beaga ina dhiaidh sin agus thapaigh sé gach deis lena chur chun cinn. Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist. In áit an chamchleachtais seo a cháineadh agus tabhairt faoi mhí-ionracas aigneolaithe a chur teastais mhíchumais ar fáil do dhaltaí saibhre áirithe a bhí ag iarraidh éalú ón dualgas staidéar a déanamh ar an Ghaeilge, b’amhlaidh gur mhaígh Hayes gur léiriú eile a bhí ann nár cheart go mbeadh iachall ar dhaoine an teanga a staidéar don Ardteist!

Díbirt Hayes

Bhí Hayes ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí an Teachta Kenny a dhíbirt as ceannaireacht an pháirtí agus chaill sé a phost san atheagar a tharla tar éis do fhear Mhaigh Eo na cosa a thabhairt leis. Tháinig iarurlabhraí Gaeltachta an pháirtí, Fergus O’Dowd, i gcomharbacht air agus bhí gníomhaithe teangan áirithe dóchasach go mbeadh a mhalairt de phort aige, ó tharla gur léir go bhfuil aige leis an Ghaeilge. Sheas seisean an fód, áfach, rud a léiríonn gur dúnghaois bhuan de chuid an pháirtí é seachas ceann ad hoc a dtagann athrú air de réir mar a athraítear a gcuid urlabhraithe oideachais.

Ach an bhfuil seans faoin spéir ann go dtarlódh sé? Ar an chéad ásc, ba mhíorúilt a bheadh ann mura mbeadh Fine Gael sa chéad rialtas eile agus an té a cheap is a chum an beartas seo ina Thaoiseach ar an tír. Níl aon amhras dá mbeadh móramh glan acu, go ndéanfadh Fine Gael beart de réir a mbriathair. Ach ainneoin seasamh ard an pháirtí sna pobalbhreitheanna, is dócha ná a mhalairt gur i gcomhrialtas a bheidh siad.

In agallamh foirmeálta le Nuacht TG4, thug Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, le fios go neamhbhalbh nach mbeadh sé i bhfách leis an bheartas ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh. “Ní aontaím le sin. Inár dtuairim, is í an Ghaeilge ár dteanga féin. Cinnte, tá deacrachtaí ann ó thaobh mhúineadh na Gaeilge agus ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge agus tá gá ann chun athruithe a dhéanamh ar an gcaoi go bhfuil sí á múineadh agus ar an siollabas atá ann faoi láthair. Ach inár dtuairim, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair don Ardteist. Cinnte, tá daoine ann nach bhfuil in ann í a dhéanamh agus tá bealaí ann chun éalú as, ach ba cheart go mbeadh an Ghaeilge in hábhar Ardteiste,” a dúirt sé le Nuacht TG4 ar an 16 Aibreáin i mbliana. Seasamh láidir ab ea é sin ar ábhar a bhféadfadh a bheith faoi chaibidil ag an dá pháirtí san am atá le teacht.

Cé nach bhfuil aon débhríochas i bhfocail Ghilmore níor mhór a admháil go mbíonn neart cur is cúiteamh idir na páirtithe comhrialtais sula gcuirtear clár rialtais le chéile. Glactar le beartais áirithe de chuid na bpáirtithe éagsúla fad is a chaitear cinn eile i dtraipéisí. Comhréiteach a bhíonn i gClár an Rialtais i dtólamh. Ach bheadh duine ar bith a cheapann go mbeidh cúrsaí Gaeilge is Gaeltachta ar bharr liosta siopadóireachta cheachtar pháirtí thar a bheith soineanta. Lena chois sin, ní bheidh i mbeartas seo na Gaeilge éigeantaí ach fonóta sa chéad fheachtas toghchánaíochta eile; feachtas nach mbeidh ach téama amháin ann - an geilleagar a amadáin!

Beartas Tarraingt na gCos

Ní dóigh liom go ngéillfeadh Pháirtí an Lucht Oibre go hiomlán do bheartas na Gaeilge roghnaí, áfach. Ach ní gá go ndiúltófaí scun scan dó ach an oiread. Bheadh seans láidir ann go dtiocfadh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoin cheist agus go mbeadh geallúint sa chlár rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar sheasamh éigeantas na Gaeilge. Chiallódh sé sin nach mbeadh leasú stádas na Gaeilge ar an churaclam díbeartha den chlár oibre ach go mbeadh sé curtha ar an mhéar fhada. Bhunófaí Coimisiún nó Coiste Comhairleach leis an scéal a fhiosrú agus lorgóidís tuairimí ó eagraíochtaí oideachais, cigirí, múinteoirí, tuismitheoirí, eagrais phobail mar aon le saineolaithe idirnáisiúnta. Ghlacfadh an próiseas ar fad traidhfil mhaith de bhlianta agus níor ghá go mbeadh cinneadh le déanamh faoina gcuid moltaí le linn saolré an rialtais. B’fhusa i bhfad na cosa a tharraingt ar an cheist ar ndóigh dá mba rud é gur ó Pháirtí an Lucht Oibre a cheapfaí an tAire Oideachais sa rialtas úr.

Dris chosáin eile a bheas ag an bheartas áirithe seo ná go bhféadfaí tús a chur le feidhmiú Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge fán am a bheas Fine Gael i mbun rialtais. Tugadh tacaíocht traspháirtí don dréachtstraitéis go dtí seo agus níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh athrú ar sin nuair a bheas leagan leasaithe den straitéis i bhfeidhm tar éis moltaí a chuir an Comhchoiste Oireachtais le chéile a bheith curtha san áireamh. Bheadh beartas Fhine Gael i leith ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh ag teacht salach go huile is go hiomlán ar aidhmeanna na straitéise.

Deirtear ann go bhfuil an córas oideachais ‘ar cheann de na hinnill thábhachtacha chun an cumas teanga a ghiniúint ar a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe.’ Tá na gníomhartha atá molta i réimse an oideachais sa straitéis leagtha amach leis na prionsabail a leagadh síos i Rialtas na hÉireann - Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 cuspóir ó thaobh beartais maidir leis sin. De réir Cuspóir 5 den Ráiteas úd: ‘Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta.’ Rachadh sé dian go maith ar Fhine Gael droim láimhe a thabhairt do ghné thábhachtach den straitéis agus iad i gcumhacht go háirithe má thug siad a mbeannacht dó agus iad sa fhreasúra. Thitfeadh an tóin as an straitéis ina hiomláine dá dtosódh an rialtas ag cur eilimintí tábhachtacha de ar leataobh.

Chomh Marbh le hArt

Lena chois sin, tá sé mar aidhm ag an straitéis an líon daoine a mbeidh eolas acu ar an Ghaeilge a ardú ón 1.66 milliún atá ann faoi láthair go 2 mhilliún; agus an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000. Táthar ann a deir go bhfuil na spriocanna seo ró-uaillmhianach ach is cinnte go mbeidís ionann is dodhéanta dá gcuirfí deireadh le stádas éigeantach na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste. I bhfocail eile, bheadh an straitéis chomh marbh le hArt dá n-éireodh le Fine Gael an moladh seo a chur i gcrích, ainneoin gur thacaigh siad leis agus é ag dul tríd an Dáil.

D’fhéadfaí mar sin nach bhfeicfidh an moladh seo i leith an éigeantais solas an lae go ceann i bhfad. Titfidh sé ar na heagrais Ghaeilge, san idirlinn, moltaí a chur chun cinn maidir le leasú an chórais atá ann faoi láthair. Óir is léir anois go bhfuil teagasc agus foghlaim na Gaeilge ina mbeocheisteanna polaitiúla anois. Níor mhór moladh Enda Kenny a chur i gcomhthéacs, áfach. D’éiligh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ina chéad tuarascáil bliantúil go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar achan ghné d’fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais mar go raibh sé in amhras an raibh an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an infheistíocht mhór atá déanta sa Ghaeilge agus as an mhéid ama a chaitear á teagasc. De réir mheastúchán an Choimisinéara, thiocfadh go mbeadh caiteachas de €500 milliún i gceist le teagasc na Gaeilge gach bliain agus go bhfaigheann an gnáthdhalta thart ar 1,500 uair an chloig d’oiliúint sa teanga óna chéad lá sna naíonáin bheaga go dtí go mbaintear ceann scríbe amach san Ardteist. É sin agus gan mórán ar a shon acu.

Sna sála ar sin, léirigh Tuarascáil Harris (féach an nasc) a foilsíodh in Iúil na bliana 2006 a dhonacht is a bhí caighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna na tíre. Fritheadh gur tháinig ísliú ollmhór ar chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile ón uair a deineadh an mórthaighde den chineál chéanna ionann is scór bliain roimhe sin. Léirígh an Tuarascáil go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí, ach nach bhfuil caighdeán sásúil labhartha ach ag an tríú cuid de dhaltaí na hÉireann anois. Bhí claochlú tagtha fosta ar dhearcadh na múinteoirí i leith na teanga. Dúirt beagnach an ceathrú cuid de na múinteoirí i scoileanna an Bhéarla go raibh a gcaighdeán Gaeilge féin lag. Cruthúntas ab ea é sin ar an mhéid a bhí ar eolas againn uilig le fada: go bhfuil teagasc na Gaeilge i scoileanna na tíre ina phrácas cheart. Is fíric í seo nach dtig a éalú uaidh fiú mura n-éiríonn le Fine Gael a mbeartas i leith éigeantas na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Níl aon amhras ach gur tubaiste thar na bearta do sheasamh na Gaeilge in Éirinn a bheadh ann dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm. Bheadh ciallachais mhóra ann d’achan ghné de shaol na teanga. Seans go dtitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, fágaim - ceann de na tionscail Ghaeltachta is rathúla agus is teangabhunaithe - dá mbainfí an ceangal foghlama. In Albain, áit a bhfuil an Ghaeilge acu féin ina hábhar roghnach, is beag ráchairt a bhíonn ar an teanga i measc scoláirí dara leibhéil le hais teangacha iasachta Eorpacha. Is beag tuiscint atá ag bunadh na tíre sin ar an Ghàidhlig dá thoradh sin. Ní nach ionadh mar sin gur beag seasamh ná stádas atá ag an teanga i measc phobal na tíre sin. Bheadh an baol ann fosta nach mbeadh an Ghaeilge á teagasc in aon chor i scoileanna áirithe mura mbeadh mórán tóra uirthi, rud a chiallódh nach ábhar roghnach a bheadh ann ar chor ar bith!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.