Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuig Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga leis an chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí a chur faoi agallamh. Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh. Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.
»»»Tuigeann PJ Mac Gabhann go gcomharthaíonn an cúram ar leith a dhéantar de féin is dá bhean i siopaí agus i mbialanna St Germain-en-Laye go n-aithníonn muintir na háite mar chairde anois iad. Is mór agus is deas an rud é.
»»»Tá Balor, agus an Bould O Donoghuer, i ndiaidh pilleadh slán ó mhná fiánta Mhilwaukee ar ais. Maidir le Molt Ó Gorm Liath agus Máire Ní Chlochráin: Baaaaah a deir Balor leo!
»»»Ealaíon dhoilíosach is ea cuid mhaith de scannánaíocht na linne, ach ní shin é tús agus deireadh na scannánaíochta ná baol air, dar le Pat Butler. ‘Away We Go’ le Sam Mendes atá faoi thrácht aige an mhí seo chomh maith le cuntas ar shlám dvdanna.
»»»Ba iontach agus ba éachtach an bhliain í chúrsaí iomána de agus do CLG araon dar le Colm Mac Séalaigh. Is í an cheist anois, an ndéanfaidh Cill Chainnigh cúig chraobh as a chéile de an bhliain seo chugainn?
»»»Beidh athrú ó bhonn ar riarachán na Gaeilge is na Gaeltachta nuair a chuirfear moltaí An Bord Snip i bhfeidhm agus nuair a fhoilseofar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
»»»Níorbh aon ribín réidh é aitheantas a fháil don Ghaeilg i gcóras oideachais Shasana. Tá a fhios ag Tony Birtill gur tháinig sé, ach níl ann ach tús oibre a deir sé.
»»»Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
»»»Chaith Maidhc Ó Cathail a shúil ghrinn ar scéal Abdel Baset al Megrahi. Tá an-chuma ar an scéal gur cheilg agus cheapadóireacht a chuir i ngéibheann é.
»»»Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu. Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
»»»Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré. Diúilicíní, nó na sliogáin dhubha, a bhí ag cur uisce lena cháir.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis. Is é a mheas go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar an leagan amach polaitíochta in Éirinn dá bharr.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.