THALL IS ABHUS
Ní Aitheantas go hAontíos
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tuigeann PJ Mac Gabhann go gcomharthaíonn an cúram ar leith a dhéantar de féin is dá bhean i siopaí agus i mbialanna St Germain-en-Laye go n-aithníonn muintir na háite mar chairde anois iad. Is mór agus is deas an rud é.

Íomhá
Ionad adhlactha Rí Séamas II
Íomhá
Leac Chuimhneacháin Rí Shéamas II
Íomhá
Seanchaisleán St Germain-en-Laye
Íomhá
Foraois an Chaisleáin
Íomhá
Sráid choisithe i St Germain

In iarthar na cathrach, thart ar 40 nóiméad ar an traein ó Cathedral">Ardeaglais Notre Dame i gceartlár Pháras, atá an baile St Germain-en-Laye. Is go St Germain a theith Séamas II, nó Séamas an Chaca, a bhí ina ar Shasana, ar Albain agus ar Éirinn ó 1685 go 1688, tar éis dó Cath na Bóinne a chailleadh in 1690. Thug col ceathrair Shéamais, Louis XIV, rí na Fraince, dídean dó agus is sa Château-Vieux de St Germain-en-Laye a chaith sé an chuid eile dá shaol. Is ann a fuair sé bás chomh maith in 1701 agus tuigtear gur sa séipéal áitiúil atá sé curtha.

Dar le Mary Ann Lyons agus Thomas O Connor ina leabhar Strangers to Citizens: The Irish in Europe 1600-1800, tháinig thart ar ocht míle déag saighdiúir Éireannach go dtí an Fhrainc i rith an achair a raibh Séamas II ag cur faoi i St Germain. Chuaigh go leor acu in arm na Fraince agus d’éirigh leo dea-cháil a bhaint amach dóibh féin de bharr a gcuid crógachta ar pháirceanna ár na hEorpa.

Ach tá fianaise ann a léiríonn go raibh roinnt acu a tharraing trioblóide orthu féin agus ar mhuintir St Germain. Déanann Lyons agus O Connor tagairt do chuntas a scríobhadh ag an am a deir nach raibh ‘an bóthar idir St Germain agus Páras sábháilte de dheasca na robálaithe Seacaibíteacha (Éireannacha) seo’ agus go mbíodh ‘drogall ar aon saoránach stuama dul amach tar éis titim na hoíchetoisc go raibh an pobal faoi bhagairt ó iarshaighdiúirí Shéamais. In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).

Meas in Athuair

Aisteach go leor, in ainneoin fhianaise na staire, tá St Germain an lae inniu mórtasach as an gceangal seo leis na Seacaibítigh. Nuair a shocraigh Louis XIV an chúirt ríoga a bhogadh ó St Germain go Versailles in 1682, chaill an baile cuid den stádas a bhí aige mar ‘ville royale’. Ar theacht do Shéamas II agus dá chúirt chuig an Château-Vieux, tháinig borradh arís faoi gheilleagar an bhaile. Cé gur rí ar deoraíocht é Séamas, thug sé fáth do mhaithe an bhaile bród mór a bheith acu arís as St Germain.

Ar shuíomh idirlín an Collège St Augustin, scoil sheanbhunaithe de chuid an bhaile (http://www.collegesaintaugustin.com/), tugtar le fios gur bunaíodh an scoil chun freastal ar an bpobal Éireannach caitliceach a tháinig go St Germain leis an Rí Séamas - 1700 : Le roi d’Angleterre Jacques II, en exil en France, à Saint-Germain-en-Laye, vient demander à Saint Jean-Baptiste de la Salle d’ouvrir une école pour 50 jeunes Irlandais catholiques exilés. Príomhoide na scoile a thug an cúlra staire seo dom féin agus do mo bhean chéile nuair a thángamar chun ár mac is óige, Dara, a chlárú sa scoil.

D’fhan na Seacaibítigh i St Germain go dtí 1793, cúig bliana roimh Mhuirthéacht na Fraince. Ach, mar a léiríonn an traidisiún aislinge i litríocht an ochtú haois déag in Éirinn, bhí dóchas riamh ann i measc na nGael go dtiocfadh na Stiúbhartaigh i gcumhacht arís. Chlis ar a gcuid iarrachtaí in 1708 agus in 1715 (Séamas III, mac le Séamas II) agus arís in 1746 nuair a briseadh fórsaí Bonnie Prince Charlie, Séarlas III, ag Cath Chúil Lodair in Albain. Is é an file Éireannach, Seán Clárach Mac Domhnaill, a scríobh faoi Shéarlas: Suan ná séan ní fhuaireas féin / Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

Ó Chaisleán go hIarsmalann

Ba charchair é an caisleán le linn na Réabhlóide agus baineadh feidhm as mar otharlann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin. Is ann freisin a bhí scoil mharcra faoi réimeas Napoléon. Is iarsmalann é an Château-Vieux anois. Bunaíodh an Musée des Antiquités Celtiques et Gallo-Romaines, inniu an Musée d’Archéologie Nationale, ann in 1862. Mo náire nár thug mé cuairt air fós, cé go bhfuaireamar deis dul amach ar dhíon an chaisleáin an tráth seo anuraidh le linn Les Journées du Patrimoine, deireadh seachtaine i Meán Fómhair nuair a dhéantar ceiliúradh ar oidhreacht an bhaile. B’iontach an radharc a bhí againn amach as barr an chaisleáin ar bhaile St Germain féin agus ar an bhforaois ina bhfuil an caisleán. Nár mhéanar do Shéamas II agus dá chúirt a bheith ar dídean ina leithéid d’áit.

Deir an seanfhocal nach mbíonn aitheantas go haontíos. Déarfainn féin nach aithne cheart go haon bhliain. Tá bliain iomlán caite againn i St Germain-en-Laye ó thángamar anseo ag deireadh Lúnasa 2008. Is iomaí gné den bhaile atá feicthe againn le linn an ama sin – an baile stairiúil, an baile cultúir agus an baile beo beathach ina mbíonn go leor ag tarlú ann. Cuireann an baile cathair na Gaillimhe i gcuimhne dom. Is baile é ina bhfuil an t-uafás daoine óga ann.

Tagann siad as na ceantair máguaird go St Germain chun freastal ar scoileanna an bhaile agus feictear iad ina gcéadta ag dul abhaile ag deireadh an lae scoile nó ag bualadh le chéile, go háirithe ag an deireadh seachtaine, sna siopaí caife atá ar gach cúinne sráide. Rith na smaointe seo liom nuair a d’fhilleamar ar St Germain tar éis laethanta saoire an tsamhraidh. ‘Dis donc’, a dúirt an boulangère (bean an bháicéara) linn ar fheiceáil Dara di, ‘il a grandi le fiston pendant les vacances’, agus í ag déanamh iontais den mhéid a bhí sé tar éis fás le linn an tsaoire! Nó i siopa eile, an bealach ina dtugtar aire ar leith dúinn toisc go bhfuil aithne ag an úinéir orainn faoin am seo. Bíonn an chéad bhliain in áit nua deacair ar chuile dhuine ach tá an chéad bhliain sin curtha dínn anois agus muid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.

An chéad uair eile a thabharfaidh tú cuairt ar Pháras, a léitheoir, ná bac le dul amach go Versailles chun an caisleán ansin a fheiceáil. B’fhiú duit seal a chaitheamh i St Germain-en-Laye mar a bhfuil ceangal láidir na blianta siar le stair na hÉireann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.