Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
Bhí oscailt oifigiúil Cultúrlann Uí Chanáin ina hábhar mór gliondair ag pobal Dhoire ar na mallaibh agus tháinig idir óg agus aosta le chéile ar an oíche le gloine a ardú ina hónóir agus leasure">sult a bhaint as an cheol agus as na himeachtaí spleodracha a bhí ann leis an fhiontar bhreá nua seo a cheiliúradh.
Ba é an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., a d’oscail an t-ionad ilfheidhmeach seo atá i gcroílár chathair Dhoire agus d’aithin sé, agus é ag caint faoin togra, gur céim shuntasach a bhí ann ó thaobh thodchaí na Gaeilge sa tuaisceart agus cúrsaí comhfhiontair thuaidh-theas.
“Ta áthas orm ar go leor cúiseanna go raibh mo Roinn in ann cabhrú leis an tionsnamh fiúntach seo”, a dúirt sé ag an oscailt, ag rá gur thuig sé go soiléir gur chun leas na Gaeilge sa chathair a bhí an tionsnamh. “Léiríonn an daonáireamh i dTuaisceart Éireann in 2001 go bhfuil méadú 55% tagtha ar líon na mac léinn a fhaigheann oideachas i ngaelscoileanna i nDoire agus go bhfuil eolas ar an nGaeilge ag 13.75% den daonra i nDoire.”
Luaigh sé an obair cheannrodaíochta a bhí déanta ag An Ghaeláras sa chathair le seirbhísí agus áiseanna teanga a thairiscint go háitiúil agus gurb é an spiorad fiontraíochta seo agus an fhís fhadtéarmach a chuidigh go mór le suim agus le páirtíocht sa Ghaeilge sa chathair a mhéadú.
Clár Oibre
Tá clár leathan beartaithe ag foireann na Cultúrlainne don bhliain seo agus chomh maith le háiseanna a chur ar fáíl trí Ghaeilge, tá ranganna Gaeilge, ceoil, damhsa agus ranganna ealaíne le bheith ann chomh maith le clubanna don aos óg, amharclann a bhfuil slí ann do dhá chéad duine, siopa leabhar agus ceardaíochta, ionad gorlann ghnó agus spás oifige. Tabharfaidh Caife Fáilte, atá le hoscailt gan mhoill, an deis do dhaoine a bheith ag caint le chéile agus a bheith ag cleachtadh a gcuid Gaeilge in atmaisféar cairdiúil, neamhfhoirmeálta.
Tá an t-ionad ainmnithe i gcuimhne Sheáin Uí Chanáin, fear a chaith saol fada ag obair ar son na Gaeilge i nDoire agus a bhí ina chathaoirleach ar an choiste fhorbartha a d’oibir leis an Chultúrlann a thabhairt ar an saol.
Rinneadh infheistíocht os cionn £4 mhilliún san ionad le tacaíocht agus maoiniú ó dheich gcinn de chomhpháirtithe - Foras na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Ciste Síochána agus Athmhuintearais ina measc.
Ba iad na hailtirí clúiteacha O Donnell agus Tuomey as Baile Átha Claith a dhear an foirgneamh agus thuill an dearadh álainn nuálaíoch a rinne siad aitheantas mór ag an 11ú Biennale Idirnaisiúnta d’Ailtireacht sa Veinéis anuraidh. Gradam suntasach gan amhras atá tuillte go breá acu. Is minic aitheantas bainte amach ag Sheila Ó Donnell agus ag John Tuomey as foirgnimh oideachasúla agus cultúrtha a dhearadh, a réitíonn go nádúrtha leis an timpeallacht ina bhfuil siad agus ag an am céanna a chuireann fuinneamh úire agus brí nua sa timpeallacht sin. Is iad chomh maith a dhear an Irish Film Centre, Scoil Idirchreidmheach Raghnallaigh i mBaile Átha Cliath agus Dánlann Glucksman i gCorcaigh.
Tá An Chultúrlann féin neadaithe go báúil i Sráid álainn Shéamais Mhóir agus cruthaíonn línte glana an fhoirgnimh codarsnacht spéisiúil le brící dearga na dtithe atá thart timpeall air.
Is cinnte go bhfuil tús maith curtha leis an togra agus deir Ciara Nic Lochlainn, Comhordaitheoir Oideachais na Cultúrlainne, go bhfuil breis is 170 duine cláraithe sna ranganna Gaeilge cheana féin agus go bhfuil caighdeán na gcúrsaí thar barr. Tá an amharclann agus na hionaid cruinnithe ar fáil le cur in áirithe as seo amach agus beidh fáilte chroíúil roimh dhuine ar bith a bhuailfeas isteach le páirt a ghlacadh in aon cheann den chlár leathan imeachtaí atá ar fáil i gCultúrlann Uí Chanáin, an t-ionad pobal Gaeilge is nua-aimseartha agus is fearr áiseanna sa tír, gan amhras.