Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
»»»Bhí Balor siúlach fá Loch Michigan le linn Féile na nGael i Milwaukee. Ní beag an líon leipreacán a bhí ann roimhe. Deir sé gur fiú go mór gabháil ar ais ann siocair an comhluadar spraoiúil i nGaeltacht na féile sin.
»»»Tá trácht ag Bearnaí Ó Doibhlin anseo ar an ‘sit down money’, nó an dól, a thugtar do Mhuintir Dhúchais na hAstráile. Ní fearrde iad an t-airgead éasca céanna, dar leis.
»»»Rinne Alan Desmond iniúchadh ar an muintir ar díobh Ken Saro Wiwa, Ogonaigh na Nigéire. Tá siad in áit a bhfuil saibhreas aiceanta. Ní orthusan atá an saibhreas á roinnt is cosúil.
»»»Deir Breandán de Gallaí linn go bhfuil amharclann amháin a raibh sé i gcónaí ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi de chionn go dtáinig sé aníos go minic ar bhealaí éagsúla fríd a shaol – i leabhair staire agus é ag déanamh staidéir ar an cheol agus an damhsa – agus ansin arís cúig bliana ó shin, nuair a bhí taispeántas damhsa d’arbh ainm “Balor” le léiriú aige – is é sin an Théâtre Impérial du Châtelet i bPáras. Ar an drochuair, níor tharla an léiriú.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta. Tá lorg Conallach ar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántas ‘Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ a osclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.
»»»Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.
»»»Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste. Tá sé ag brath rothar nua a cheannach dó féin. Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.
»»»Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread. Bí ag faire amach a deir Brian Ó Broin, don reicstí agus do ruaille buaille mar gheall ar ghnóthaí sláinte sna Stáit an fómhar seo.
»»»Tá an ghiolcaireacht á moladh go láidir anseo ag Roseanne Smith. Gheofar gach eolas, beag agus mór, leis an ngiolcaireacht. Is féidir idir uachtar reoite agus i-fón a fháil de bharr do chuid giolcaireachta.
»»»Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a níthear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc. Fágfaidh an duine a lorg ar an sliabh ard dá áille chomh maith le taobh locha, nó fan choill. Ghlac siad cúpla grianghraf den neamart a ní an duine in áille an tsléibhe.
»»»Más fánach an áit a bhfaighfeá fonn ceoil, is féidir gur fánach an áit a bhfaighfeá sióg freisin. Ar aon nós, bíonn Colm Ó Snodaigh ag coinneáil súil ghéar ar na leictreoin dúinn, ar John Hutchinson agus ar Nikola Tesla.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.
»»»Craolfar an dráma raidió ‘An Strainséir’ le Brian Ó Tiomáin ar Raidió na Life 106.4 FM 18.30 Dé hAoine, an 11 Meán Fómhair.
»»»Bás nó biseach a thabharfas an vacsaín ar ulpóg na muc duit? Tá do phosóid gléasta romhat má théann tú i muinín an vacsaín nár tástáladh i gceart, dar le Maidhc Ó Cathail. Molann sé a bheith ar d’fhaichill nó is posóid é nár féachadh i gceart go fóill an dáileog a dhíolfar leat. Is féidir gur biseach ar chuntas infheistíochta duine cliste éigin is mó a thiocfas as.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh saol sóisialta na hÉireann níos boichte, ná mar atá, murach gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i nDúrlas Éile 125 bliain ó shin agus nach mbeadh san iomáint ach cuimhní na seanbháireoirí.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.