CÚINNE NA nEALAÍON
KINO – an cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

Ealaíon dhoilíosach is ea cuid mhaith de scannánaíocht na linne, ach ní shin é tús agus deireadh na scannánaíochta ná baol air, dar le Pat Butler. ‘Away We Go’ le Sam Mendes atá faoi thrácht aige an mhí seo chomh maith le cuntas ar shlám dvdanna.

Íomhá
Verona, Burt agus an bhunóc ar iompar abhaile
Íomhá
Mothú an Mháithreachais
Íomhá
Window to Paris
Íomhá
Goodbye Lenin
Íomhá
East of Bucharest

Tá an colún seo éirithe ródhuairc le déanaí. Ar eagla go gceapfadh éinne nach bhfuil sa cineama ach ealaíon dhoilíosach, nó gur fearr mar theist fiúntais ar scannán a dhorchadas, colún iomlán aerach (ina bhunbhrí) atá i ‘Kino’ na míosa seo. Ní bheidh aon tagairt do Bhergman nó do Lars Von Trier an dul seo.

Léirmheas na Míosa

Away We Go’ le Sam MendesSeoladh fairsing a gheobhaidh an choiméide chomhaimseartha is nuaí le Sam Mendes (‘American Beauty’, ‘Jarhead’, ‘Road to Perdition’) a scaipfear go náisiúnta in Éirinn ar an 18ú Meán Fómhair. Agus más duine sna ‘triochadaí-le-heireaballín-beag-sa-bhreis-air’ tú, nó má tá páistí agat sa raonaois chéanna, cuirfidh ‘Away We Go’ meangadh aitheantais ar d’aghaidh. Is iad David Eggers agus Vendela Vida a bhí i mbun scríbhneoireachta. Áirítear ar an mbeirt is inchreidte iad i Hollywood don saghas seo ruda.

Tá Burt agus Verona - John Krasinski agus Maya Rudolph - ag súil le leanbh. Tagann an fhreagracht nua seo orthu gan réamhcheapadh is gan choinne. Níl mórán de mhaoin an tsaoil acu - Verona ‘We’re 34.’Burt ‘33.’Verona ‘We don’t even have the basic things worked out.’Burt ‘We’re not screw-ups!’Verona ‘We have cardboard windows.’

Ach tá gaol iontach eatarthu beirt, agus beidh tuistí Bhurt, a mhaireann sa chomharsanacht, mar chrann taca acu. Tá plean eile áfach dá gcuid féin acu siúd -Seanmháthair ‘OK, we have news. We’re leaving in June’.Burt ‘The baby’s due in July!’Seanathair ‘To Antwerp, in Belgium.’Burt ‘You’re moving 3,000 miles away from your grandchild?’Seanmháthair ‘Oh I think it’s more than 3,000 miles, isn’t it Jerry?’Seanathair ‘Oh I think so!’http://www.youtube.com/watch?v=4mpLvUY8TUE

Is léir ón dá shliocht sin go bhfuil ‘Away We Go’ go mór fá chomaoin luathscannáin Woody Allen. Eiseamláir de ghreann an néaróis chathrach. Le cúpla téad ón teilifís chomhaimseartha caite isteach sa chumasc chomh maith. Seo scannán do ghlúin Jennifer Aniston. Tá idir aor agus maoithneachas in ‘Away We Go’, tranglam sofaisticiúil do lucht féachana ar dúil dóibh leithéid ‘American Beauty’, ‘Sideways’ agus ‘Little Miss Sunshine’.Imíonn Burt agus Verona ar turas bóthair, ar camchuaird chun áit a roghnú ina dtógfaí an leanbh - áit ina mbeidh cairde nó gaolta acu. A thiarcais! Tagann an greann as an gcaidreamh éalárnach eatarthu beirt, agus idir iad agus na ‘cairde’ seo uilig. Fairigí amach go speisialta do chameo iontach Maggie Gyllenhaal – hipí a cheapann nach ceart a páistí a cheilt ó shuirí na dtuistí. Mar sin, codlaíonn an teaghlach uilig san aon leaba ollmhór amháin. Is tá Alison Jannie ar fheabhas freisin, alcólaí a chaitheann na maslaí amach ar nós coinfeití.

Cuirfear fáilte níos leithne roimh an gceann seo i measc na liobarálach ar dhá chósta Mheiriceá, i leaba lár na tíre i measc lucht na muineál dearg, más fíor gur ansin a mhaireann ‘rednecks’ Randy Newman. Tá an struchtúr níos scaoilte ná mar a bhí in ‘American Beauty’, agus oireann an neamhfhoirmeáltacht sin don saghas seo ruda. Taitneoidh sé go mór le lucht latte agus le muintir na meán. Ní thugaim ach trí réalt dó áfach, in ainneoin gur choiméad sé mo chuid suime go dtí an deireadh.

É greannúr agus cliste, admhaím, ach i ndeireadh na dála, ní haon Woody Allen é Mendes, go fiú le tacaíocht Eggers agus Vida. An suíomh oifigiúil anseo: http://www.filminfocus.com/focusfeatures/film/awaywego/

Rogha na nDVDanna

‘Window to Paris’ Hopscotch New Vision Classics, 10005858 / HOP0020 Siúd isteach in iardhomhan sean-Impireacht na Sóivéide mé chun trí scannán grinn a mholadh ar DVD. Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear. Breac le carachtair atá stéiréitipiciúil agus fíordhaonna in éineacht, bíonn an ceann seo, gach re seal, chomh leathan le Oliver Hardy agus chomh caolchúiseach le Buster Keaton. Cúig réalt agus fós ag comhaireamh! An réamhléiriú: http://www.imdb.com/video/screenplay/vi1625424153/

‘Goodbye Lenin!’ le Wolfgang Becker (2003) Pathé PS22301000Coiméide iar-Chumannach eile is ea an ceann seo – bunaithe ar sheift chliste scéil. Dúisíonn sóisialach cruthanta mná as cóma fada. Is díograiseoir d’apparacik i sean-státchóras na hOir-Ghearmáine, an DDR í. Deir na dochtúirí go gcaithfear í a chosaint ó aon suaitheadh gan choinne. Ach seo 1989 - tá falla Bheirlín is an DDR féin tar éis titim fad a bhí sí gan aithne gan urlabhra san otharlann. Fásann an greann as iarrachtaí áiféiseacha a mic is a hiníne an fíorscéal polaitiúil a cheilt uirthi sa bhaile. Bíonn ar gach éinne ligint orthu, go maireann, ní hamháin an DDR, ach go bhfuair an Cumannachas an lámh in uachtar ar an gCaipitleachas! Spléachadh anseo: http://www.youtube.com/watch?v=i7EB47ENNV0

‘12.08 East of Bucharest’ le Corneliiu Porumboiu (2006) Artificial Eye ART 358Coiméide bharrúil faoi bhéasa agus faoi charachtair is ea an ceann seo. Tá stáisiún raiceáilte teilifíse faoi cheannas ‘ego’ mór láithreora i gceann des na cathracha beaga tuaithe soir ó Bhucharest. Sé bliana déag tar éis titim réimeas Ceausescu, deineann mo dhuine an réabhlóid a ceiliúradh le seó cainte a ardaíonn an cheist seo leanas – an raibh éinne amuigh ag léirsiú ar chearnóg na cathrach sular glanadh Ceausescu chun siúil ag 12.08 ar an 18ú Nollag 1989? Nó ar fhan gach éinne sa bhaile go dtí go raibh an chontúirt thart? Is iomaí féidireacht ghrinn atá sa chnámh sin den scéal.

Ní éiríonn lenár gcara ach beirt a mhealladh chun cainte, tar éis geallúint dóibh go mbaileodh sé ina charr féin iad! Alcólaí múinteora staire agus seanlead spídiúil a ghlacann páirt San Nioclás ar an mbaile. Titeann an lug ar an lag agus an clár ag dul amach ar an aer nuair a ghlaíonn an pobal isteach chun ‘gaisce’ na beirte ‘laoch’ a shéanadh. Ná bí ag trácht ar bhuiséad íseal. Maraon leis an seó teilifíse, tá an chuma ar an scannán féin gur deineadh ar leathchoróin é.

Scigscannán a bhuaigh an Caméra d’Or i Cannes sa bhliain 2006 agus a thosaigh faisean nua-cineama na Rómáine.

Spléachadh air: http://www.youtube.com/watch?v=AZ7MfFB14xo

Pat.Butler@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.