Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.
Rugadh sna seachtóidí mé. Is óna hochtóidí a thagann fíricí an tsaoil, dar liom im’ aigne féin. Is dócha go mbaineann sé sin leis an am nuair a thosaigh mé ag tuiscint is ag ceistiú rudaí móra an tsaoil. Im’ aigne féin mar sin, tá trí mhilliún duine in Éirinn agus bíonn orm mé féin a cheartú gach uair a smaoiním ar dhaonra na tíre seo.D’fhógair Facebook le déanaí go bhfuil 300 milliún úsáideoirí gníomhach acu. Tuigfidh tú mar sin, nuair a chuala mé an nuacht seo, gur scairt guth óg m’ aigne liom, “Wow sin céad oiread de dhaonra na hÉireann!” Is le sé mhí anuas a thosaigh 100 milliún dóibh siúd ag úsáid an tsuímh. (Agus dar liom im’ aigne féin, sin 33 oiread de dhaonra na tíre bige seo.) Logálann 50% dóibh siúd isteach chuile lá beo. (Sin 50 oiread an líon daoine a líon isteach daonáireamh na bliana 1985!) Úsáideann 65 milliún dóibh seirbhísí an tsuímh trí fhón póca (maith go leor, beidh áireamhán uaim ag an bpointe seo – is aigne pháiste atá taobh thiar den chomórtasaíocht seo, tá a fhios agat.)Iontas na n-iontas do mhuintir Facebook gan amhras, tá 70% de na húsáideoirí seo taobh amuigh de na Stáit Aontaithe. Chun é seo a chur i gcomhthéacs áfach, níl ach 4.5% den domhan ina gcónaí i SAM. Tá thart fá aon chúigiú cuid de mhuintir na cruinne sa tSín mar chomhthéacs fosta.
Feachtas Eile ar na Bacáin?
I ndáiríre, tá níos mó ná 4 millíun duine ina gcónaí in Éirinn de réir áireamh 2008.
Ag am scríofa, bhí 991,160 duine a chónaíonn in Éirinn ar Facebook; 421,380 fir is 544,080 mná. Agus 25,700 duine a bhfuil mearbhall orthu de réir dealraimh. Ar an drochuair do ghluaiseacht na Gaeilge, cé gur féidir druileáil síos chomh fada le teanga na n-úsáideoirí, níl Gaeilge san áireamh sa liosta teangacha. Feachtas eile ar na bacáin, b’fhéidir, don ghluaiseacht?
Fíric spéisiúil eile a d’eascair as seo ar fad, go bhfuil Facebook ag tuairisciú brabúis faoi láthair don chéad uair riamh. Le linn chúlú is mó ár linne, sna Stáit Aontaithe, tá an comhlacht Meiriceánach seo ag tuairisciú sreabhadh airgid dearfach. Conas ar éirigh le Facebook is na corrlaigh ina aghaidh?
Measaim go bhfuil baint mhór ag an ráthúlacht seo leis an gcur chuige atá acu i leith teangacha is i leith comhlachtaí le cúpla bliain anuas. Chomh maith leis sin, cuireadh seirbhís nua darbh ainm Facebook Connect ar fáil. Ligeann Facebook Connect do chruthaitheoirí suíomhanna eile, painéal logáil isteach Facebook a chur ar fáil d’úsáideoirí a gcuid suíomhanna acu féin, rud a ligeann don úsáideoir eolas ón suíomh sin a roinnt lena gcairde ar Facebook.(http://en.wikipedia.org/wiki/Facebook_features)
Maidir le teangacha, sheol Facebook a chóras aistriúcháin i samhradh 2008. Bhain said úsáid as an tréith is láidre faoina seirbhís féin, .i. an pobal. Níorbh iadsan an chéad dream a rinne amhlaidh: rinne Microsoft an rud céanna i leith na Gaeilge mar is eol dom nuair a bhí said ag crúthú an Irish Language Pack do Windows agus is fada atá Google agus an brabhsálaí Opera ar fáil i nGaeilge freisin, toisc ar ndóigh, iarrachtaí an phobail. (http://www.opera.com/) Tá alt scríofa agam don iris seo cheana faoi chumhacht an tslua agus níl aon cheist ann, ach go bhfuil an chumhacht sin le feiceáil ar Facebook i nGaeilge.
Marbh le Facebook is marbh gan é!
Maidir le comhlachtaí, cé go raibh fógraí ar Facebook le fada, bhí deacrachtaí agamsa le fada le Facebook i gcomhthéacs gnó. Bhí fhios agam go raibh gnólachtaí ann, ach ní raibh mórán fonn orm “cairde” a dhéanamh leo mar ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh gnó éigin ar an eolas faoi gach a roinn mé le m’fhíorchairde ar Facebook. Níorbh ionann ar chor ar bith an caidreamh a bhí agam leo, fiú na comhlachtaí is na carthannachtaí is ansa liom. Níor bhain mé mórán úsáide as Facebook dá dheasca sin, mar níor lig sé dom an dhá thrá a fhreastal ó thaobh an deighilt idir mo shaol proifisiúnta is mo shaol pearsanta. Cé gur sheol siad Leathanaigh Facebook is Fógraí i 2007, i 2009 d’fhógair siad gné nua a tharraing comhlachtaí beag is mór chucu i bhfuadar ollmhór. D’fhógair Facebook ainmneacha úsáideora . Lig seo don úsáideoir seoladh idirlín éasca a fháil dóibh féin. I mo chás féin, tá facebook.com/oneofthesedays agam. Tamaillín ina dhiaidh sin, lig siad do chomhlachtaí an rud céanna a fháil (cuir i gcás, facebook.com/beo) a fhad is a bhí níos mó ná 1000 “fans” acu! Rinne mé taighde samplach de chomhlachtaí Éireannacha agus is beag comhlacht a raibh níos mó ná 250 “fans” acu. Cinnte bhí ag Barry’s Tea, ach is breá le gach mac máthar tae! (http://www.youtube.com/watch?v=vMiYAzDVGKU)
Chomh maith leis seo rinne siad athdhearadh ar chur i láthair Leathanaigh Facebook agus ar an gcaidreamh a d’fhéadfadh tarlúint idir comhlacht agus an duine priodháideach, rud a lig dúinn ar fad caidreamh níos idirgníomhaí a chothú leis na comhlachtaí is leis na brandaí is mó is speis linn. Is minic freisin go mbíonn deis ar dhuaiseanna agat agus ar thairgí speisialta trí comhlachtaí a leanúint. Fágaim gur bhuaigh mise ticéad clainne don bhFéile Pupadóireachta cúpla seachtain ó shin! Agus mar a deir an Béarla, “No strings attached!” Is mór an gar a leithéid agus is fánach an áit a bhfaighfeá ticéad clainne.