THALL IS ABHUS
Théâtre Impérial du Châtelet
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Deir Breandán de Gallaí linn go bhfuil amharclann amháin a raibh sé i gcónaí ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi de chionn go dtáinig sé aníos go minic ar bhealaí éagsúla fríd a shaol – i leabhair staire agus é ag déanamh staidéir ar an cheol agus an damhsa – agus ansin arís cúig bliana ó shin, nuair a bhí taispeántas damhsa d’arbh ainm “Balor” le léiriú aige – is é sin an Théâtre Impérial du Châtelet i bPáras. Ar an drochuair, níor tharla an léiriú.

Íomhá
Nijinsky, céad bliain ó shin, 1909 (Gennady Smakov a tharraing)
Íomhá
Faun (leis an ealaíontóir Pál Szinyei Merse)
Íomhá
Theatre du Chatelet c. 1875 ar Vicipéid
Íomhá
An amharclann inniu (Pline a tharraing)
Íomhá
Alvin Ailey, Jr. (Carl Van Vechten a tharraing 1955)

an-chlú ar an amharclann seo a bheith eicléictiúil ó d’oscail sé ar an 19ú de Lúnasa 1862. Lena dhá mhíle cúig chéad suíochán agus ardán atá ocht gcéad daichead méadar cearnach, bhí sé ar cheann de na hamharclanna is mó i bPáras ag an am. Bhí sé iomráiteach mar gheall ar a fuaimníocht iontach, a chuir an díon cruinneachán gloine go mór leis, chomh maith leis na amharclínte foirfe.

Bhí cuid ceoil Bizet, Saint-Saëns, Lalo, Massenet, Ravel léirithe anseo agus bhí cumadóirí dhálta Tchaikovsky, Grieg, Richard Strauss agus Debussy le feiceáil ann ag stiúradh a gcuid saothar ceoil féin.

Bhí damhsa le fáil ann i gcónaí – bhí comhlacht bailé cónaithe san amharclann, ach ar an 19ú de Bhealtaine 1909, croitheadh comhluadar ealaíne Pháras nuair a tháinig an Ballet Russes chun na hamharclainne don chéad uair. Ba é Diaghilev an impresario agus an fuinneamh a bhí taobh thiar den chomhlacht damhsa seo, ag cur ealaíontóirí agus damhsóirí iontacha mar Karsavina, Pavlova agus Nijinsky ar ardáin an domhain. Ní raibh eagla ar Diaghilev a bheith conspóideach agus tharraing sé le chéile aos ealaíne, cumadóirí agus lucht córagrafaíochta mar Benois, Stravinsky agus Fokine.

Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l’après-midi d’un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte. Is cosúil go ndearna sé féinthruailliú ag deireadh an phíosa, agus i miotaseolaíocht na hamharclainne, deirtear gur dhúirt sé nuair a ceistíodh é faoi seo, gurbh é an “faune” a rinne é.

Ní seo an uair dheireanach a bheadh Diaghilev agus an Ballet Russe mar bhunúdair oilbhéime, nó scannail. Nuair a phill siad ar Pháras i 1913, an uair seo Nijinsky agus Stravinsky péireáilte ag Diaghilev, bhí corraíl agus anord níos measa an iarraidh seo nuair a léirigh siad “Le Sacre du Printemps” i Théâtre des Champs-Elysées. (http://www.theatrechampselysees.fr/)De réir a chéile bhunaigh Le Châtelet é féin le clú idirnáisiúnta mar lárionad léirithe d’ardchaighdeán agus de nuálaíochtaí. Tá traidisiún aige chomh maith pobal a mhealladh isteach nach bhfuil sé de nós acu ’ul chuig an amharclann.

Laethanta saoire i bPáras

Bhí mé ar mo chuid laethanta saoire i bPáras an samhradh seo ar feadh cúig lá agus nach bhfaca mé go raibh damhsóirí clúiteacha Alvin Ailey ag déanamh séasúr seónna samhraidh sa Théâtre du Châtelet.

Bíonn an séasúr damhsa seo ag an amharclann gach samhradh mar pháirt don “Les étés de la danse de Paris”, a mhaireann ar feadh trí seachtaine i mí Iúil; agus níor bhain mé méar de mo ghaosán gur cheannaigh mé ticéad. An t-aon rud a lig síos mé nó nach raibh fágtha ach na “suíocháin fhargáin”, nach raibh ach cúig euro an ceann. An uair seo bheinn sásta an praghas is daoire a dhíol – €75 – ach dúradh liom go raibh deireadh na dticéad don séasúr ar fad beagnach díolta.

Cionn is gur die-hard fan an rince atá ionam, bheinn ag iarraidh dul ar scor ar bith, ach chuidigh an clár a bhí ar siúl acu le mé a mhealladh isteach. Bhí siad le tosacht leis an “Firebird” – píosa de chuid Stravinsky a bhfuil aithne mhaith agam air. Rinne mé staidéar air don Ardteistiméireacht agus chruthaigh mé roinnt córagrafaíochta comhaimseartha le léacsacan an damhsa ghaelaigh leis an phíosa don MA atá mé tar éis críochnú. Níl dabht ar bith go raibh mé breá tógtha fá’n tráthnóna a bhí romham.

Sin rud a d’aithne mé fá go leor cathracha móra ar an mhór-roinn – tá ticéad ar fáil do chách. Is cuma c’acu bocht nó saibhir thú, thig leat Pavarotti nó Baryshnikov a fheiceáil. Seans go mbeidh drochradharc agat thuas ar áiléar an chúig €uro, ach ar a laghad beidh tú ann.Cionn is gur damhsóir mé féin – tá a fhios agam cé hiad na Alvin Aileys, ach do dhuine ar bith nár mhothaigh iomrá orthu – tá siad breá mór le rá. (http://www.alvinailey.org/) Fada’n lá ó shin, nuair a bhí mé ag déanamh achan sórt iarrachta slí bheatha a bhaint amach mar dhamhsóir gairmiúil (réamh-Riverdance), bhunaigh mé féin agus roinnt damhsóirí comhlacht ar thug muid “Dubhaltach” air. Chan ainm rófhóirsteanach a bhí ann dúinne tar éis domh an comhlacht Alvin Ailey a fheiceáil. Géaga móra fada dubha; coirp fhoirfe; chomh caol le cúanna; gach matán le feiceáil; Adonises; gan pioc geire ar ’nduine acu.

Alvin Ailey American Dance Theater

Bhunaigh Alvin Ailey an Alvin Ailey American Dance Theater i Nua-Eabhrac timpeall 1958. Dream damhsóirí comhaimseartha óga dubha a bhí iontu a chuir a gcéad taispeántas i láthair i YM-YWHA i 92nd Street Nua-Eabhrac. Chóragrafáil Ailey sárshaothar d’arbh ainm Revelations i 1960, agus thug seo ardmholadh idirnáisiúnta ar an chomhlacht.

aitheantas ar an damhsa chomhaimseartha a mhórleathnú an damhsa chomhaimseartha agus thug sé deis do lucht damhsa Afracach-Mheiriceánach páirt a ghlacadh i ndamhsa ceolchoirme an 20ú céad.Ceann de na rudaí a chuir iontas is mó ormsa nó chomh simplí agus a bhí an léiriú. Bhí sé stiall “Marley” (cineál líonóla speisialta don damhsa) curtha síos ar an ardán; soilsiú éifachtach – ach simplí agus saor; agus sin é. Ní raibh seit ar bith ar chor ar bith acu, agus ní raibh ceoltóirí le híoc, mar go raibh an ceol uilig réamhthaifeadta. Rinne siad trí phíosa le sos idir gach píosa. Ní raibh an chéad dá phíosa ach fiche bomaite ar fhad – agus shíl mé nach dtiocfadh sos a bheith agat tar éis mír chomh gearr – ach bhí! Ní raibh cuma air gur chuir sé isteach ar ’nduine, mar sin níor chuir sé isteach ormsa. Bhí glas ailt orm cibé, agus bhí mé sásta sos a fháil ón mheadhrán.

“Revelations” an píosa deireanach a rinne siad a bhí beagnach daichead bomaite – arís gairid go leor – ach arís mhothaigh an lucht éisteachta go bhfuair siad luach a gcuid airgid – mé féin ina measc (bhuel níor chaith mé ach cúig euro). Dáiríre, tá mé ag déanamh go síleann daoine go gcaithfidh taispeántas a bheith fada nó mothóidh an pobal go raibh siad bánaithe – ach foireann sé sa lá atá inniu ann go bhfuil rudaí mar seo néata – níl an fhoighne againn níos mó. Mar sin, níos lú nó uair agus fiche bomaite de dhamhsa, gan buíon ná ceolfhoireann; dhá shos le deochanna agus giuirléidí a dhíol, rud a choinneoidh an amharclann sásta. Bhí airgead a shaothrú ag duine inteacht ar ábhar atá míchlúiteach brabús a dhéanamh as!Sárléiriú a bhí ann.

Tá an dream a chuir tús le mo chuid suime san áit le bheith ann an bhliain seo chugainn – An Ballet Russes – mar sin tá achan rún agam a bheith ann arís an bhliain seo chugainn agus suíocháin fhiúntacha a bheith in áirithe domh roimh ré.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.