Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste. Tá sé ag brath rothar nua a cheannach dó féin. Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.
Chaith mé cuid den samhradh in Éirinn. Ceithre seachtaine ar fad - cúpla lá i mBaile Átha Cliath, deireadh seachtaine eile ar cuairt chuig iníon dearthár liom atá ina cónaí taobh amuigh de Ghort Inse Guaire.
(http://en.wikipedia.org/wiki/Gort http://ga.wikipedia.org/wiki/GortInseGuaire) Tá Judith pósta agus triúr clainne uirthi. Ba dheis dom é roinnt ama a chaitheamh léi agus aithne níos fearr a chur ar a fear céile, Liam, agus ar a gcuid páistí, Éanna, Emer agus Córa. Agus bhí mé ag múineadh ar chúrsa Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara an chuid eile den am.
Thug mé rothar liom go Ros a’ Mhíl, rothar a thug mo mhac is sine ar iasacht dom. Rothar sléibhe. Bhí sé ar intinn agam roinnt rothaíochta a dhéanamh agus mé thiar. “Tabhair aire duit féin ar an rothar sin”, a d’fhógair sé orm agus an clogad á shíneadh i mo leith aige. Níor ghá dó a thuilleadh a rá. Bhí a fhios agam go maith céard a bhí i gceist aige.
Blianta roimhe sin sula raibh aon chaint ar chlogaid rothaíochta nó ar aon ionar lonrach flannbhuí agus buí a chaitheann go leor rothaithe anois, bhí drochthimpiste rothair agam. Is cuimhin liom go maith é. Tráthnóna Sathairn a bhí ann agus bhí cluiche mór éigin ar siúl sa seanstaid ar Bhóthar Lansdúin. Cluiche rugbaí gan amhras, Éire in aghaidh na hAstráile nó na Breataine Bige b’fhéidir. Ach ní chuige sin atá mé anseo!
Contúirt na Cathrach
Bhí mé ar mo bhealach abhaile as lár na cathrach an tráthnóna céanna, ag teacht trí Dhroichead na Dothra, daoine i ngach áit cé go raibh an cluiche fós ar siúl. Bhí gártha an lucht tacaíochta le cloisteáil ó Bhóthar Lansdúin a thug le fios dom go raibh an cluiche ag teacht chuig buaicphointe. Bhí deifir orm a bheith imithe as an áit sula dtosódh na mílte daoine ag plodú amach ar na sráideanna. An ghaoth taobh thiar díom, bhí mé faoi lán seoil nuair a stop an carr a bhí chun tosaigh orm go tobann. Ní raibh seans agam na coscáin a tharraingt. Isteach liom ina chúl.
Dhúisigh mé agus slua timpeall orm. Is cuimhin liom bus ag dul thart agus na paisinéirí a bhí in airde staighre ag breathnú faoi uafás anuas orm. Chuala mé otharcharr i bhfad uaim ag déanamh bealaigh chugam. Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh. Ar éigean a bhí mé ábalta mo shúil dheis a oscailt. Bhí an áit ina stad. Faoin am gur shroich an t-otharcharr láthair na timpiste, bhí mé in ann suí. Cuireadh mé féin agus an rothar san otharcharr agus tugadh chuig an otharlann muid.
Bhisigh mé ach ba léir go raibh a rás rite ag an rothar. Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin. Nárbh é an samhradh díreach roimhe sin a thug mé faoi thuras ó Thrá Lí siar go dtí an Daingean agus siar arís go Dún Chaoin ar an rothar céanna. Aniar thar an Chonair agus ar ais go Trá Lí, Lios Tuathail agus Tairbeart.
Trasna na Sionainne ar an mbád fartha go Cill Rois i gContae an Chláir. Ó thuaidh go Sráid na Cathrach, Lios Dúin Bhearna agus Cora Finne. Ar aghaidh liom go Gort in oirdheisceart Chontae na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Port Omna agus Béal Átha na Sluaighe. Bhain mé ceann scribe amach ar deireadh, Baile Átha Luain, i gcroílár na hÉireann, áit a bhfuair mé féin agus an rothar an traein ar ais go Baile Átha Cliath.
Dearcadh Marc Augé
Tá cuimhní iontacha agam ar an turas sin, ar na daoine ar bhuail mé leo agus ar áilleacht an taobh tíre. Má bhí a asal beag dubh ag Pádraic Ó Conaire (nó Mac Conraoi), b’fhearr i bhfad rothar s’agamsa ná aon asal. Ach ón uair a bhí an timpiste agam, ní raibh rothar de mo chuid féin agam. Faitíos, b’fhéidir? Leisce orm dul i gcoimhlint le carranna agus busanna? Nó díreach róleisciúil? Ní fheadar. Pé scéal é, feictear dom go bhfuil ré an rothair i ndán dúinn. Scríobh an socheolaí, Marc Augé, ina leabhar ‘Éloge de la bicyclette’ gurbh é an rothar slánú an duine san aois úr seo. (http://en.wikipedia.org/wiki/Marc_Aug%C3%A9) Is ceart, dar leis, cosc iomlán a chur ar fheithiclí príobháideacha taobh istigh de limistéir na cathrach. Caithfear sráideanna na cathrach a thabhairt ar ais do na daoine.
Tá an tuairim aige gur gá córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil má tá an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta. Ní haon réiteach é an carr ar an gcruachás atá romhainn. Cruthaíonn an carr, nó an bealach ina n-úsáidtear é, an t-uafás fadhbanna - truailliú aeir, brú tráchta agus slad ar na bóithre - agus is é an rothar, dar le Augé, an tuar dóchais is substaintiúla dá bhfuil againn.
Tá dhá bhliain ann ó cuireadh an córas rothar ‘saor in aisce’ Vélib ar bun i bPáras agus is léir go bhfuil muintir na hardchathrach agus turasóirí araon an-tógtha leis mar smaoineamh. Tá a mhacasamhail i gcathracha eile na Fraince, ar nós Lyon agus Toulouse, agus tá ag éirí thar cinn leis sna háiteanna sin chomh maith. (http://www.levelo-mpm.fr/)
Beidh leagan Bhaile Átha Cliath de Vélib á sheoladh ag deireadh na míosa seo agus tá cuid mhaith den ullmhúchán a bheas riachtanach, idir lánaí rothair agus stáisiúin pháirceála, tógtha cheana féin. Beidh roinnt daoine ag casaoid, cinnte, ag rá nach leor an 450 rothar atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath le hais an 20,000 Vélib atá ar shráideanna Pháras. Ach is tús atá ann. Dála an scéil, tháinig mé féin agus an rothar slán abhaile ó Ros a’ Mhíl. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé thar am agam mo rothar féin a cheannach!
Tuilleadh eolais faoin chóras nua rothair ‘saor in aisce’ i mBaile Átha Cliath: http://www.dublinbikes.ie/