CÚINNE NA nEALAÍON
Tesla agus Hutchinson
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Más fánach an áit a bhfaighfeá fonn ceoil, is féidir gur fánach an áit a bhfaighfeá sióg freisin. Ar aon nós, bíonn Colm Ó Snodaigh ag coinneáil súil ghéar ar na leictreoin dúinn, ar John Hutchinson agus ar Nikola Tesla.

Íomhá
Nikola Tesla (le Pokrajac)
Íomhá
John Pierpont Morgan
Íomhá
Tesla i mbun teaspána i gColorado 1900

Feadóg le mo bhéal. Mo mhéaracha ag bogadh go fánach idir nótaí.

Is ón ngluaiseacht fánach seo a thagann splanc ceoil chugam go minic, nó uaireanta eile is ó bhotúin a dheinim sa tseinnt nó uaireannta eile ó thorann tráchta, blúire amhránaíochta ar shráid lárchathrach, feadaíl fear oibre, rithim inneall traenach, gáire linbh nó ó aon ní i sruth an tsaoil. Tá an ní céanna fíor faoi dhomhan na heolaíochta, áit a ndeirtear gur minic a thagann an innuachan is fearr agus is rathúla, ón ní fánach agus corr.

Labhraíos cheana, faoi cheolchoirm Martin Hayes agus Dennis Cahill ag Féile Ealaíne Chill Chainnigh, roinnt blianta ó shoin. Bhí urraíocht déanta ag Bord Soláthar an Leictreachais ar an gceolchoirm agus thosaigh Hayes ag tabhairt aithisc uaidh faoi leictreoin agus síoga! (http://www.youtube.com/watch?v=z9vlmAYw0a8) Bhí sé ag cur Port na bPúcaí i láthair agus dúirt sé gur beag an dream daoine a chreid go raibh a leithéad de rud agus síoga ann (de réir béaloideasa, is ós na síoga a tháinig an fonn chuig iascaire Blascaodach) toisc nach raibh aon ghriangraf ann dóibh. Ach, ar sé, agus diabhlaíocht ina ghuth, níl aon ghriangraf ann de leictreon ach is orthu atá an domhan tionscail bunaithe go huile agus go hiomlán! (http://www.flickr.com/photos/wnprimages/2608004112/in/photostream/)

Bord Saorláithriú an Leictreachais

Is é an sruth AC (alternating current - sruth altéarnach) is bun agus barr ár gcóras aibhléise. Seirbiach a tháinig chun cinn leis an smaoineamh ar an gcéad dul síos - Nikola Tesla. (http://en.wikipedia.org/wiki/Nikola_Tesla)

Duine de mhóreolaithe an chine daonna é a bhfuil lorg a láimhe fós lárnach i saol na linne seo - X-ghathanna, cuir i gcás, an spréachphlocóid a úsáidtear i ngach carr, soilse neon nó an teicneolaíocht a úsáidtear i gcraoladh raidió.Bhí fonn mór air córas saor leictreachais a chur ar fáíl don chine daonna. Bhí córas idir lámha aige ach gur chuala an fear bainc, JP Morgan, a raibh ar bun aige agus chuir sé stop lena mhaoiniú. Ní raibh Morgan sásta córas a mhaoiniú a chuirfeadh an brabús ar aibhléis i mbaol! Gan maoiniú theip ar Tesla an smaoineamh a chur i gcrích. Is ait nár deineadh forbairt ar an gcoincheap ó shoin.

Bhí Tesla ciaptha le síorshruth smaointe, tromluíonna agus brionglóídí. As an sruth leanúnach seo, d’fhág sé lear mór altanna, innuachanna, smaointe agus léaráidí ina dhiaidh. Áirítear é ar cheann de phríomhailtirí na sochaí atá againn inniu. (http://www.youtube.com/watch?v=gt8Y93k0pB0) (http://www.teslasociety.ch/)

Ba é ceann eile des na smaointe a bhí idir láimhe aige, sara bhfuair sé bás, ná gléas troda a d’úsáideadh fuinneamh dírithe ‘directed energy weapon.’ Ar nós an córas saorleictreachais, áfach, níor éirigh leis an smaoineamh a chur de ach in aiste The Art of Projecting Concentrated Non-dispersive Energy through the Natural Media agus nuair a fuair sé bás ghlac rialtas Mheirceá seilbh ar a chuid innuachanna, páipéar agus trealamh. Dúradar nach raibh aon ní spéisiúil i measc na gcáipéisí!!! (http://en.wikipedia.org/wiki/Directed-energyweapon#citenote-9)

Ag Scinneadh Timpeall

Nuair a bhíonn tráthnóntaí díomhaoin agam scinneadh ar shuíomhanna idirlín a phléann le heachtraí 9/11. Siamsaíocht a bhíonn ar bun agam. Is breá liom an chomhcheilg ar fad - daoine aineolacha ag lorg airde don chuid is mó a théann i ngleic leis an ábhar e.g an scannán Loose Change (http://video.google.com/videoplay?docid=-3719259008768610598). Le déanaí, áfach, tháinig mé ar shuíomh innealltóra, an Dr Judy Wood (http://www.drjudywood.com). Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla. Cuireann sí ceisteanna ar nós; conas a thiontaigh tromlach an iarainn go deannach?

Ar an suíomh, tá mórchuid plé faoi 9/11, cúrsaí aimsire, crith talúin, an ‘gléas troda fuinimh dírithe’, NikolaTesla agus seanhippy ó Vancouver - John Hutchison. Tá Hutchison tar éis a bheith ag pleidhcíocht le smaointe Tesla le blianta agus as a phleidhcíocht le gathanna leictreo-mhaignéadacha don chuid is mó, tá nithe áirithe tugtha faoi deara aige. Tugtar The Hutchison Effect orthu - iompar frithimtharraingte (anti-gravity), píosaí miotail curtha as riocht, comhleá idir dhá ábhair difriúil 7rl. (http://video.google.com/videoplay?docid=5787522280823887082) (http://www.geocities.com/ResearchTriangle/Thinktank/8863/main.html)

"It is our contention that the correspondence of evidence between “Hutchison Effects” and those seen at the WTC (World Trade Centre), (http://tinyurl.com/911hestudy) lead strongly to a conclusion that shows that black technology was used on 9/11." a deir Wood.

Agus séard is ‘dubhtheicneolaíocht’ ann ná teichneolaíocht a chuireann an ‘Stát’ le chéile i ngan fhios d’éinne - is beag duine, mar shampla a raibh eolas acu ar bhuama núicléach sara d’úsáid na Stáit Aontaithe é i gcoinne na Seapáine ag deireadh an dara chogadh domhanda.


Dubhtheicneolaíocht, Hippí-eolaí, 9/11, comhcheilig, Tesla - níl aon tuairim agam faoi na nithe seo - ní eolaí mé agus nílim ach ag siamsaíocht le mo fheadóg i mo bhéal agus mé ag cuartú foinn! Agus ar nós síoga, leictreoin agus ceol, ní hé go bhfuil nithe bréagach toisc nach féidir linn iad a fheiscint! Agus tuigim freisin gur san ní fánach agus corr a thagann draíocht an cheoil go mion minic, an innuachan, nó fiú an fhírinne. An seo splanc foinn chugam?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.