CÚRSAÍ SPÓIRT
An Cumann Lúthchleas Gael agus an Teanga
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.

Íomhá
Bun agus barr Chumann Lúthchleas Gael - an cumann áitiúil
Íomhá
Droichead na nDeor, An Earagail, Tír Chonaill
Íomhá
Dealbh chuimhneacháin ag Ard an Chairn, Ros Comáin
Íomhá
Mícheál Mac Íosóg

Tá an Cumann Lúthchleas Gael 125 bliain ar an saol i mbliana. Is maith is cuimhin liom ceiliúradh an chéid i 1984. Corcaigh agus Ciarraí a bhuaigh an chraobh shinsir iomána agus peile faoi sheach an bhliain sin, rud a léirigh gurb é an status quo de réir traidisiúin a bhí i réim san am.

Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.

Dar ndóigh is eagraíocht speisialta agus seoid náisiúnta é an Cumann Lúthchleas Gael. (http://museum.gaa.ie/) D’aithin TG4 tábhacht an chumainn nuair a chraol an bealach teilifíse sin sraith mhór deich gclár ag tús na bliana a thug léargas ar bhunú, ar fhás agus ar fhorbairt na heagraíochta. Tá CLG faoi chomaoin ag TG4 as ucht an mhéid sin. D’éirigh leis an mbealach teilifíse náisiúnta, RTÉ, ar an láimh eile, masla a thabhairt do gach duine idir bheo agus mharbh a raibh baint acu leis an gcumann ón uair a bunaíodh é riamh anall le tubaiste de ‘Late Late Show’ ag tús na bliana. (http://www.nwipp-newspapers.com/UH/free/314166089280736.php; http://www.squareball.com/blog/2009/01/12/late-late-no-show-rte-make-a-pigs-arse-of-it/)

Feidhm agus Seasamh CLG

Déantar cur is cúiteamh agus iniúchadh go minic ar fheidm agus ar sheasamh an CLG i saol mhuintir na hÉireann. Déantar iontas de go minic cé chomh láidir agus cé chomh lárnach is atá an CLG i saol an phobail áitiúil, go háirithe sna ceantair tuaithe agus sna bailte beaga ar fud na tíre. Ar chuma nó ar chúis éigin, níl seasamh nó íomhá chomh láidir ag an gcumann sna bailte móra i gcoitinne, áit a mbíonn éagsúlacht níos mó le fáil i ngach gné den saol, cúrsaí spóirt san áireamh.

Is minic á chíoradh, cén chaoi ar éirigh le CLG teacht chun cinn chomh tapa agus chomh láidir ó bhliain a bhunaithe i 1984 in Óstán Hayes i nDúrlas Éile. Bhí tús an Chumainn lag go leor dáiríre agus bhíodh níos mó caint ar siúl ag na bunaitheoirí ar chúrsaí lúthchleasa ná ar pheil is ar iomáint. De réir a chéile, áfach, d’aimsigh an cumann óg a shuíomh i saol na hÉireann. Cad a bhí taobh thiar de bhunú an CLG a chuidigh leis na bunaitheoirí pobal na tíre a mhealladh chuige agus a choinneáil dílis dó suas go dtí an lá inniu féin?

An Drochbhail

Is gá cúrsaí na tíre sa dara leath den 19ú aois agus an bhail a bhí ar mhuintir na hÉireann a mheas. An tarlú is mó i saol na hÉireann san 19ú aois dar ndóigh ba ea blianta an Drochshaoil. (http://ga.wikipedia.org/wiki/AnGortaM%C3%B3r) D’athraigh sé sin an tír ó bhonn ar an ábhar gur chailleamar mórán daoine den ocras, d’aicíd agus den imirce. Na boicht is mó a bhásaigh dar ndóigh agus an dream daoine a bhí bocht faoin tuath go mór mór. Cuireadh tús leis an oll-eisimirce de dheasca an Drochshaoil agus na bochtaineachta. B’ainnis an tír í Éire san am, agus anuas ar mheath na muintire ar fad, tharla meath sciobtha na Gaeilge ar fud na tíre mar theanga pobail. Tubaiste thar na bearta do chine Gael ab ea meath na Gaeilge agus ní foláir nó gur thuig daoine é sin san am. Cúrsaí polaitíochta ba bhun leis an iompú teanga, próiseas a bhí tosaithe roimh bhliain an Drochshaoil dar ndóigh, ach ar cuireadh dlús leis lena linn is ina dhiaidh. Go tobann, d’fhéadfaí a rá, bhí an ceangal le sinsear, le saíocht, le stairsheanchas, le tuiscint dúchais na muintire, leis an slabhra dúchais ó ghlúin go glúin, briste. Labhair agus scríobh an smaointeoir náisiúnach Tomás Dáibhís faoin ábhar seo i lár an 19ú aois agus b’ionann an Ghaeilge a bhaint de mhuintir na hÉireann dar leis agus:

To tear their identity from all places...... to substitute arbitrary signs for picturesque agus suggestive names ... to cut off the entail of feeling, and separate the people from their forefathers by a deep gulf.. to corrupt their very organs, and abridge their power of expression.

(http://multitext.ucc.ie/d/ThomasDavis1814-45leaderoftheYoungIrelandmovement; http://en.wikipedia.org/wiki/ThomasDavis(Young_Irelander)

Agus, a deir an Dáibhíseach: to have lost entirely the national language is death.

An Bhearna á Líonadh

Is sa chomhthéacs corraithe, cultúrtha seo a tháinig Ó Dáibhín, Ó Cíosóig (Mac Íosóg sa Chlár) is araile, le chéile in Óstán Iníon Uí Aodha i nDúrlas Éile in 1884 chun ‘The Gaelic Athletic Association for the Preservation and Cultivation of National Pastimes’ a bhunú. Shocraigh muintir na hÉireann glacadh le CLG mar ghné agus mar uirlis úrnua chultúir ina saol. B’fhéidir maith gurbh é cailleadh nó tréigean na Gaeilge ba chionsiocair leis an bhfonn cíocrach a bhí ar dhaoine ar fud na tíre glacadh leis an eagraíocht nua seo a bhí le haird a thabhairt ar ghnéithe dúchais seachas gallda. ( Féach fosta: http://www.carrickonsuir.ie/maurice%20davin/221/ ; http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/people/cusack.htm)

Ar bhealach mar sin, líon an CLG bearna i saol an phobail a bhí fágtha ag meath na Gaeilge agus cultúr na Gaeilge. Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú. Thug an Cumann Lúthchleas Gael daoine le chéile mar phobal ar an mbealach céanna mar a dhéanann teanga. Tugann teanga ballraíocht i gcomhluadar do dhaoine agus tuiscint dóibh ar cé ar díobh iad. Thug an CLG ballraíocht do dhaoine sa chomhluadar ar bhealach nua agus tuiscint nua orthu féin mar phobal. Gan aithne phearsanta ag baill an phobail ar a chéile, fós, aithníonn siad a chéile trína comharthaí feiceálacha - na geansaithe, na dathanna, na brait – agus tríd an iompar sóisialta – an sárú, an cur is cúiteamh, an magadh, an béiceach, an iomaíocht, an spraoi, an t-easaontú – a bhaineann le cluichí agus le hócáidí bainteach le imeachtaí eile an CLG timpeall na tíre.

Eagraíocht shóisialta, chultúir thar aon ní eile is ea an Cumann Lúthchleas Gael a choinnigh an nasc leis an nGaeilge, más go siombalach é. (http://www.gaa.ie/page/gaeilge.html) Baintear úsáid as an leagan Gaeilge de na contaetha agus clubanna ar gheansaithe, ar bhrait, ar éadaí eile, ar fhógraí is araile. Ní fios an tionchar a imríonn an fheiceálacht Ghaeilge seo ar an bpobal mórthimpeall ag stad an bhus, ag stáisiún na traenach, ag an aerfort. Baintear úsáid as an nGaeilge in aithisc, i dtuairiscí, ar shuímh idirlín agus eile. Cé gurb é an Béarla gnáthmhodh cumarsáide na mball, tá níos mó cainteoirí Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael ná mar atá in aon eagraíocht eile sa tír. Mar a d’áitigh Ciarán Ó Feinneadha (a lámh le feiceáil anseo: http://www.cgl.ie/) tríocha bliain ó shin, dá bhféadfaí an CLG a iompú tuilleadh i dtreo úsáid na Gaeilge, níor bhaol don teanga.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.