Ní féidir labhairt na Gaeilge a chothú i measc pháistí óga na Gaeltachta gan córas ceart réamhscolaíochta a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh sé seo mar thosaíocht ag an Rialtas.
»»»Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh. Labhair sí le hÚna Nic Gabhann faoin obair atá idir lámha aici.
»»»Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig. Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna atá leis seo agus ar an díospóireacht atá ar siúl i measc na bpolaiteoirí faoi láthair i dtaobh na faidhbe.
»»»Tá cúrsaí polaitíochta na hOllainne athraithe ó bhonn ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn ag tús an tsamhraidh. Féachann Oliver Wagemann ar na hathruithe atá tar éis titim amach agus cad atá i ndán dá thír dhúchais san am atá romhainn.
»»»Tá cónaí ar Brent Miles in Ontario Cheanada. Léiríonn sé anseo an chaoi a bhfuil Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon ina áis luachmhar aige féin agus acu sin go léir a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag iarraidh teagmháil leathúil a bheith acu leis an nGaeilge.
»»»Cloiseann muid i gcónaí na drochscéalta faoi na Sé Chontae, ach measann Robert McMillen gur ábhar dóchais an méid atá ag titim amach i mbaile i dtuaisceart Aontroma.
»»»Chuaigh Úna Nic Gabhann chun cainte le beirt ailtirí i mBéal Feirste a bhfuil neart gradam bainte acu le roinnt blianta anuas agus a bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu ar son na Gaeilge.
»»»Léiríonn torthaí an daonáirimh dheireanaigh nithe suimiúla i dtaobh dhaonra na hAstráile, ina measc, aois na ndaoine agus na teangacha a labhraíonn siad. Ach níl na torthaí cruinn amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Bhí Conradh na Gaeilge gníomhach i Learpholl ag deireadh an ochtú haois déag agus thug lucht Gaeilge as Éirinn cuairt ar an chathair ó am go chéile, Pádraig Mac Piarais ina measc. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Féachann Douglas Dalby ar an nasc láidir atá idir Glasgow Celtic agus na hÉireannaigh ó bunaíodh an club sacair cáiliúil seo in 1888, agus ar an tslí ar thug club misneach dóibh agus iad ag streachailt le cothrom na Féinne a bhaint amach i sochaí sheicteach.
»»»Beidh Scoil Samhraidh Willie Clancy ar siúl i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir idir an 6-14 Iúil. Míníonn Antaine Ó Faracháin céard atá chomh speisialta faoin scoil seo atá ag ceiliúradh tríocha bliain ar an bhfód i mbliana.
»»»Tá cumann úr bunaithe ag grúpa ealaíontóirí i nGaeltacht oirdheisceart Dhún na nGall agus é mar aidhm acu dúshraith a chruthú d’aos ealaíne an cheantair. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Maitias Mac Cárthaigh, Fios Feasa (Corca Dhuibhne, Ciarraí).
»»»Le linn di a bheith i Londain an mhí seo caite ar saoire, thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar go leor áiteanna suimiúla agus d’fhoghlaim sí roinnt fíricí nua - i dtaobh fho-éadaí na Banríona Eilís, mar shampla.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar Inis Meáin níos luaithe i mbliana, áit a ndeachaigh sí ar thóir na carraige ar a suíodh an drámadóir Synge go minic céad bliain ó shin.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de Mhachaire Rabhartaigh, Tír Chonaill.
»»»Is beag duine nach bhfaigheann ar a laghad cúpla teachtaireacht ríomhphoist sa lá ó chomhlachtaí a bhíonn ag iarraidh earraí nó seirbhísí a dhíol leo. Tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa todhchaí, áfach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Bíonn ceiliúradh mór ann i gcónaí nuair a thagann foireann sacair na hÉireann abhaile ó chomórtas idirnáisiúnta, in ainneoin nach n-éiríonn leo riamh aon rud a bhuachaint. Déanann Colm Mac Séalaigh iarracht a mhíniú cén fáth a bhfuil cúrsaí amhlaidh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith i ngach eagrán. An mhí seo: pósadh agus bainiseacha.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.