AR NA SAOLTA SEO
Nuair a bhí an Piarsach i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí Conradh na Gaeilge gníomhach i Learpholl ag deireadh an ochtú haois déag agus thug lucht Gaeilge as Éirinn cuairt ar an chathair ó am go chéile, Pádraig Mac Piarais ina measc. Tuairisc ó Tony Birtill.

Íomhá
The Newz Brasserie, Water Street, Learpholl
Pictiúr le David Jacques

Rinne mé cur síos an mhí seo caite ar an ról a bhí ag na deartháireacha John, Patrick agus George King as Learpholl in Éirí Amach na Cásca, 1916 agus luaigh mé an dóigh a raibh feisire ó Pháirtí Rialtais Dhúchais na hÉireann, TP O’Connor sa chathair ó 1885 go dtí 1925. Is léir, mar sin, go raibh gach gné den ghluaiseacht náisiúnta ann, idir na réabhlóidithe agus an lucht bunreachtúil, agus go minic bhí forluí ann leis an lucht cultúrtha.

Bhí ceangal láidir ag Conradh na Gaeilge leis an chathair. Bunaíodh an Conradh i mí Iúil 1893 i mBaile Átha Cliath agus trí mhí ina dhiaidh sin phós an ceannaire, Dubhglas de hÍde, bean darbh ainm Lucy Comentina Kurtz i Learpholl. B’as an Ghearmáin a hathair agus bhí gnó ceimiceach aige sa cathair.

Bhí Gaeilge ag a lán Éireannach i Learpholl mar tháinig cuid mhaith acu ó na Gaeltachtaí. I mbliain amháin, 1847, tháinig 300,000 Éireannach i dtír i Learpholl, teifigh ón Ghorta an chuid is mó acu. Dúirt William O’Brien in alt dar teideal “The National Church and the National Language”, a scríobh sé san iris Fáinne an Lae in 1898, go raibh sé ag Aifreann go minic i nGaeltachtaí in Éirinn ach nár chuala sé riamh seanmóir i nGaeilge ach amháin i dteach pobail i Learpholl.

Léirigh taighde a rinne mé féin go raibh fear ó iarthar na tíre, Michael Lowe, ag múineadh na Geailge i Golden Street, Learpholl in 1874 agus ó na ranganna seo d’fhás an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair in 1896 - Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin. Ag an chéad Oireachtas i nBaile Átha Cliath in 1897, tá “M. Lowe, Gaelic League, Liverpool” luaite i measc na ndaoine a bhí ar an ardán. Is trua nach bhfuil níos mó eolais againn faoin fhear seo.

D’fhás an eagraíocht go mall in Éirinn agus thar lear, ach i 1904 bhí craobhacha sna háiteanna seo ar Merseyside: Learpholl, Kirkdale, Old Swan, Bootle agus Rock Ferry. Bhí coiste ceantair acu fosta agus Piaras Béaslaí ina uachtarán air.

Rugadh Béaslaí i Learpholl in 1881 agus fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1965. Tá clú air mar fhile agus mar scríbhneoir Gaeilge. Iriseoir gairmiúil agus beathaisnéisí Mhíchíl Uí Choileáin ab ea é fosta. Bhog sé go Baile Átha Cliath in Earrach na bliana 1905 chun a bheith páirteach san oibriú polaitiúil agus cultúrtha in Éirinn. Ghluais sé go gasta ó Chraobh an Chéitinnigh go Coiste Gnó an Chonartha go Bráithreachas na Poblachta (IRB). Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913. ( Sa bhliain chéanna bhí Learphollach eile, Jim Larkin, ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath - cf. Beo!, eagrán 4, Lúnasa 2001).

Deis

Nuair a thosaigh an Cogadh Mór i 1914 chonaic Béaslaí deis chun saoirse na hÉireann a fháil trí éirí amach. Cheap sé an rún conspóideach seo d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i nDún Dealgan i 1915: “Gan baint ar bith a bheith ag Conradh na Gaeilge le haon cheist pholaitíochta nó le haon cheist chreidimh, agus gan a bheith de chúram ar an gConradh ach náisiún Gaelach neamhspleách a dhéanamh d’Éirinn, saor ó gach ceannsmacht Gallda.”

Mhol Máirtín ó Conalláin, ball eile den IRB, an rún agus chuidigh Béaslaí leis. Ní raibh de hÍde sásta rud mar seo a chur isteach sa bhunreacht agus d’éirigh sé as an uachtaránacht.

Ní in Éirinn amháin a bhí teannas mar seo. B’éigean do Chraobh Ghlaschú an coiste ceantair in Albain a fhágáil i Meitheamh 1907 nuair a dúirt craobhacha eile go raibh baint acu le Sinn Féin. Bunaíodh an chraobh seo in 1895 agus thug Pádraig Mac Piarais cuairt uirthi i 1902.

Bhí Pádraig MacPiaras ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar. In eagrán 1 Deireadh Fómhair 1904, sa cholún “Sasana - Liverpool Coisde Ceanntair”, tá an píosa seo: “The Coisde are also arranging a series of lectures by well-known Leaguers on Gaelic topics during the Winter Session. The first will be delivered by Mr PH Pearse, BA, BL, Editor of An Claidheamh Soluis, on the evening of October 4, when a large attendance is expected.”

Faoi seo tá tuairisc ar léacht a thug Mr P. Beazley (Piaras Béaslaí) i Halla Naomh Winefride, Bootle ar “Some Neglected Irishmen”, daoine mar Mhícheál Ó Cléirigh, Eoghan Ruadh, Céitinn, Mac Firbis, Engus Ó Dalaigh agus Ó Cairealláin.

In eagrán 29 Deireadh Fómhair 1904 tá tuairisc ar léacht an Phiarsaigh sa halla i Leabharlann Picton i lár na cathrach, nuair a bhí an tAthair Michael Dowley ina chathaoirleach. Rinne sé cur síos ar an díobháil a bhí déanta ag an chóras oideachais náisiúnta don chultúr agus don teanga in Éirinn. Dúirt sé go raibh an téarma “náisiúntacht” á mheascadh leis an pholaitíocht (ní caint ó fhear de chuid an IRB é seo). Labhair sé fosta faoi streachailt Chonradh na Gaeilge, an dul chun cinn a bhí déanta ag an eagraíocht agus an tionchar a bhí ag athbheochan na teanga ar gheilleagar na hÉireann.

An mhí ina dhiaidh sin, tá fógra mór le feiceáil ó “Cumann na nGaedheal, Liverpool” mar gheall ar “Manchester Martyrs Anniversary, A Public Demonstration” a bhí le bheith ar siúl i mBootle, Merseyside áit a raibh Piaras Béaslaí ina bhall den Chonradh agus ag scríobh leis i nGaeilge. Bhí clú ar bhall eile den chraobh sin, Alphonsus Ó Labhradha, mar scríbhneoir fosta, agus bhí a chuid drámaí ar an ardán go minic thall agus abhus.

Is léir go raibh ceangal láidir ag Learpholl le himeachtaí in Éirinn ag an am stairiúil seo agus tá an t-ádh orainn go bhfuil Pádraig Ó Siadhail, léachtóir in Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax, Alba Nua, Ceanada ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair. Tá muid ag súil go mór leis an saothar anseo i Learpholl.

Agus mar chuimhneachán eile dúinn, tá múrmhaisiú nua péinteáilte ag David Jacques sa Newz Brasserie i Water Street i lár na cathrach dar teideal “An Claidheamh Soluis”. Nochtaíodh é mar chuid den Fhéile “WOW” (www.writingonthewall.org.uk) le gairid.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.