AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Ar thóir Chathaoir Synge
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Thug Liz Curtis cuairt ar Inis Meáin níos luaithe i mbliana, áit a ndeachaigh ar thóir na carraige ar a suíodh an drámadóir Synge go minic céad bliain ó shin.

Íomhá
An bealach go Cathaoir Synge
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
Ballaí Dhún Chonchúir
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
Radharc in Inis Meáin, le Teach Synge sa lár
Grianghraf le Liz Curtis

Agus ag siúl ar an phromanád i mBóthar na Trá i nGaillimh, bíonn na hOileáin Árann cosúil le mearú súl ag bun na spéire. Nuair a bhí ansin ag an Cháisc, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú, agus chinn ar a chaitheamh ar Inis Meáin.

Fuair an bus go Ros an Mhíl i lár chathair na Gaillimhe ag 9.30 a.m. Téann an bus fríd an tírdhreach aisteach clochach sin in aice leis an chósta a mhúsclaíonn imní ionam. Cad é an dóigh ar ith daoine anseo sa tseanam agus an talamh chomh bocht sin? Cén saghas daoine ab iad na tiarnaí talún a bhí toilteanach cíos a ghearradh ar mhuintir na háite?

Bhí bean óg dheas in aice liom ar an bhus. Tabharfaidh Áine uirthi. B’as Corcaigh í, agus bhí ag obair i nGaillimh. Ar sise: “ ag dul go hInis Oírr le cúpla a chaitheamh ansin, le mo mhachnamh a dhéanamh ar chúpla rud.”

Bhí dhá bhád ag fanacht ag Ros an Mhíl agus iad ceangailte le chéile. Bhí an ceann ba mhó ag dul go hInis Mór, é plódaithe le turasóirí. Bhí orainn siúl trasna an bháid sin go dtí an bád ba in aice leis.

Thosaigh na hinnill agus tharraing muid amach ón ché. Ansin ligeadh scairt: “Táimid ar an bhád mícheart!” Beirt bhan Mheiriceánacha a bhí ann, agus scaoll fúthu. Bhí fir an bháid an-fhoighdeach ar fad, agus rinne siad an bád a ionramháil ar ais go dtí an ché.

Agus muid ar ár mbealach arís, bhí ar fheabhas a bheith taobh amuigh ar an deic agus an ghaoth agus an cáitheadh ag séideadh thart orainn. D’amharc Áine isteach sa chábán ach níor thaitin léi.

athchóiriú de dhíth air,” ar sise.

Níor thuirling ach thart dheichniúr ar Inis Meáin. an cladach ansin cnapánach carraigeach. Bhí cúpla curach ceangailte síos in aice leis. seandún, is é sin Dún Fearbhaí, le feiceáil ar an imeall.

Cathaoir Synge

An sprioc a bhí agam siúl trasna an oileáin go Cathaoir Synge, an charraig a suíodh an drámadóir John Millington Synge uirthi, agus a n-amharcaíodh trasna na farraige go dtí Inis Mór uaithi.

Ar shiúl ón fharraige, bhí an t-oileán iontach ciúin. raibh duine ar bith thart seachas bean agus cailín óg. raibh trácht ann, gan fuaim ar bith le cluinstean ach ceiliúr na n-éan.

Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm na ballaí arda déanta as aolchloch liath. siad achan áit, thart timpeall ar na páirceanna beaga. Bhí cuid acu chomh hard le mo ghuaillí.

Tháinig ar chaife i bhfoirgneamh nua, fuinneoga móra ann ag amharc amach trasna na farraige. Bhí bean agus cuma chairdiúil uirthi taobh thiar den chuntar. Mhúscail mo mhisneach le labhairt léi i nGaeilge. Ach sular oscail mo bhéal, tháinig turasóir eile isteach agus é an-mhuiníneach.

Dia dhuit ar maidin!” a dúirt leis an bhean.

brón orm,” a d’fhreagair i mBéarla. “Níl Gaeilge ar bith agam. Is as Guatamala !”

Fuair cupán tae, ansin d’imigh liom. Chonaic seanfhear agus carn mór féir á iompar aige.

Dia duit,” a dúirt leis.

Dia is Muire dhuit féin!” a d’fhreagair .

Bhí an-sásta leis sin, agus nuair a chuaigh isteach in oifig an phoist bhain triail as mo chúpla focal arís. Siopa an-bheag a bhí ann, gan mórán ar na seilfeanna, agus an máistir poist cairdiúil cainteach. “Muna bhfuil againn, theastaíonn uait!” ar seisean.

Níos faide ar aghaidh, tháinig ar Theach Synge, teach ceann tuí inar fhan Synge agus é ag tabhairt cuairte ar an oileán idir 1898 agus 1901. Ionad breá oidhreachta atá ann anois, ach raibh oscailte nuair a bhí mise ansin.

Os comhair Theach Synge, téann bóithrín beag suas go dtí an dún ársa ollmhór, Dún Chonchúir. Níor aimsigh an bealach ceart, agus chuaigh ar strae. Dhreap thar bharr cúpla carraig agus isteach ar bhóithrín cúng fásta, ansin thiontaigh ar ais. Bhuail le beirt fheirmeoirí a raibh eallach leo agus thug siad eolas an bhealaigh dom.

Bhain an dún amach agus líon le hiontas . Ciorcal ollmhór atá i gceist, agus ballaí cloiche an-tiubha ag éirí ar chúl a chéile. radharc leathan le feiceáil ó bharr na mballaí céanna. Measann an seandálaí Barry Raftery go mb’fhéidir gur tógadh dúin mar seo sa Chré-Umhaois, sular tháinig na Ceiltigh.

Deacrachtaí an Ghaeilgeora

Nuair a tháinig anuas, bhí an bheirt fheirmeoirí ina suí ar bhalla ag éisteacht le cluiche ar Raidió na Gaeltachta. Chuaigh muid i mbun comhrá, agus dúirt siad nach mise an chéad turasóir a chuaigh ar strae mar sin. Sílim go mbaineann siad spraoi as ár seachrán.

Bhí an bheirt an-deas, agus mhínigh siad dom na deacrachtaí atá i gceist más Gaeilgeoir thú i ndomhan Béarla.

Nuair a tháinig an teilifís anseo, níor thuig muid rud ar bith,” a dúirt duine acu.

Nuair a chuaigh mise go Baile Átha Cliath den chéad uair, raibh ach cúpla focal Béarla agam,” arsa an duine eile. “Chuir náire orm.”

Rud eile a dúirt siad go ndeachaigh saol an oileáin in olcas nuair a tháinig an t-airgead isteach. Roimhe sin, bhí na daoine ar fad ar comhchéim, ach níl anois.

Bhuel, labhair muid le chéile chomh fada sin go raibh orm deifir a dhéanamh le Cathaoir Synge a shroicheadh.

Bhí bean anseo ar na mallaibh, agus níorbh fhéidir léi í a aimsiú,” a dúirt siad liom.

Ise agus mise. Chuaigh ar aghaidh agus ar aghaidh, ach raibh tada ann seachas an fharraige fheargach ar thaobh amháin agus fásach liath aolchloiche ar an taobh eile. Chuaigh i scaoll rud beag, imní orm go rachainn ar strae arís agus go gcaillfinn an bád.

Chuaigh ar ais go gasta trasna an oileáin. Stad ar feadh cúpla bomaite sa teach tábhairne agus d’ól gloine oráiste. Dúirt liom féin go ndéanfainn iarracht. Cathaoir Synge a aimsiú ar mo chéad chuairt eile.

Is saoririseoir agus craoltóir í Liz Curtis. Is as Sasana ó dhúchas í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.