Tá an líon turasóirí atá in Éirinn an samhradh seo tite go mór i gcomparáid le blianta eile. Ní féidir an locht go léir a chur ar an drochaimsir agus ar chúinsí seachtracha, áfach.
»»»Is minic é curtha i leith Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon fhreastal á dhéanamh acu ar an aos óg. Tá cúrsaí feabhsaithe rud beag le roinnt blianta anuas, áfach, ó cuireadh tús leis an chlár ceoil “An Taobh Tuathail”. Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.
»»»Osclaíodh an Irish Hunger Memorial i Nua-Eabhrac go hoifigiúil i lár na míosa seo caite. Féachann Tom Deignan ar an tábhacht bhreise a bhaineann leis an ionad seo anois de bharr eachtraí an 11 Meán Fómhair anuraidh.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Fidelma Ní Ghallchobhair, An Coiste Téarmaíochta (Baile Átha Cliath).
»»»Tá cónaí ar Panu Petteri Höglund in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa chéad chuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar a chúlra, an chaoi ar spreagadh a shuim sa Ghaeilge agus an tslí ar fhoghlaim sé an teanga.
»»»Nuair a thuirling an milliúnaí Meiriceánach Steve Fossett (58) agus a bhalún in iardheisceart Queensland ag tús mhí Iúil glacadh leis go forleathan go raibh sé tar éis dul timpeall an domhain. Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne i ndáiríre, a fhiafraíonn Dáithí Ó Colchúin?
»»»Tá Balor ag sú na gréine san Iodáil faoi láthair ach tá a dheirfiúr óg fágtha i mbun an nimheadais aige.
»»»Loiteadh cuid de thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl cúpla uair le tamall anuas agus creidtear gur dílseoirí a rinne an damáiste. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus. Féachann sí san alt seo ar na difríochtaí idir saol an mhic léinn in Éirinn agus sa Fhrainc.
»»»Moladh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athruithe radaiceacha ar an Seanad ach, mar a thuairiscíonn Dónall Ó Maolfabhail, níl fonn dá laghad ar an Rialtas aon leasú mór a dhéanamh.
»»»Táthar ag súil le breis is 200,000 duine ag Fleadh Cheoil na hÉireann, a bheas ar siúl i Lios Tuathail Contae Chiarraí arís i mbliana, idir 23-25 Lúnasa. Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin don té a bheadh ag beartú dul chuig an bhFleadh.
»»»D’fhág Liz Curtis Béal Feirste ina diaidh i lár mhí Iúil agus d’imigh sí ar thóir faoisimh ó theannas na cathrach sin.
»»»Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann. Léiriú é seo, dar le Robert McMillen, ar an mhearbhall atá ar na haontachtaithe.
»»»Mhínigh an péintéir Eamonn McAteer as Doire do Chiara Nic Gabhann cad é an cuspóir a bhíonn aige agus é ag dul i mbun na péintéireachta.
»»»Thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar Ostfriesland na Gearmáine an samhradh seo agus chuaigh an caighdeán maireachtála ansin, agus dearcadh na ndaoine i dtaobh an chomhshaoil, i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Brian Ó Broin ar Ráth Cairn i gContae na Mí.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de Thoraigh, an t-oileán amach ó chósta Thír Chonaill.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le córas “an chúldorais” a thug an Cumann Lúthchleas Gael isteach den chéad uair cúig bliana ó shin, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: pósadh agus bainiseacha (ar leanúint).
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»I mí Lúnasa gach bliain tagann grúpaí comhshaoil agus daoine aonair as gach cearn den Eoraip le chéile d’imeacht ar a dtugtar Ecotopia. Beidh sé ar siúl in Éirinn i mbliana den chéad uair agus eagraíocht darb ainm Gluaiseacht atá á eagrú. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le Clár de Buitléar, ball de chuid Gluaiseacht, chun níos mó eolais a fháil faoi Ecotopia2002.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.