Tá cúrsaí polaitíochta na hOllainne athraithe ó bhonn ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn ag tús an tsamhraidh. Féachann Oliver Wagemann ar na hathruithe atá tar éis titim amach agus cad atá i ndán dá thír dhúchais san am atá romhainn.
6 Bealtaine 2002 - dáta a d’athraigh cúrsaí polaitíochta na hOllainne. Go deo? Beidh le feiceáil. Bhí tionchar an-mhór ag dúnmharú Pim Fortuyn, an fear a d’fhógair é féin ina cheannaire ar an Eite Dheas Nua san Ísiltír, ar thorthaí olltoghchán mhí na Bealtaine. Táthar ar tí rialtas nua coimeádach a bhunú, agus tá athruithe ag tarlú sa pholaitíocht nach raibh éinne ag súil leo.
Bhí an chéad chuid de mhí na Bealtaine an-taitneamhach dom féin agus do mo pháirtí Ellen. Chaitheamar coicís ag rothaíocht trí Toscana agus Umbria na hIodáile. Bhí aimsir mhaith ann agus an bia ar fheabhas. I ndiaidh seachtain a chaitheamh ag codladh i bpuball, chinneamar ar lóistín na hoíche a fháil in óstán in Perugia. An tráthnóna sin chuir mé ar siúl an teilifís le féachaint ar an nuacht Iodáilise. Níl mo chuid Iodáilise féin ró-iontach ach tá an teanga ar a toil ag Ellen. Chuir scéal amháin isteach go mór orainn, is é sin gur dúnmharaíodh Pim Fortuyn an lá roimhe sin. Ar dtús, bhí Ellen in amhras faoina cumas tuisceana san Iodáilis ach dheimhnigh an nuachtán Ollannach a cheannaíomar an lá dar gcionn an scéal.
Dhúnmhaigh Ollannach fir 33 bliana d’aois an polaiteoir conspóideach tar éis dó agallamh raidió a thabhairt; níl sé curtha in iúl ag an dúnmharfóir fós cén fáth a ndearna sé an beart seo. De bharr go rabhamar thar lear chailleamar an histéire mhór a tharla sa tsochaí Ollannach tar éis na heachtra. Go tobann, bhíothas ag cur Fortuyn i gcomparáid le Martin Luther King agus le JFK, seachas le Jean-Marie Le Pen na Fraince agus Jörg Haider na hOstaire, mar a rinneadh roimh an dúnmharú. Thosaigh muintir na hOllainne, a bhíonn chomh Cailvíneach agus stuama de ghnáth, ag éirí tochtach, bogchroíoch. Bhí rud éigin tar éis athrú. Dúirt scríbhneoir Ollannach amháin: “Tá an 4 Bealtaine againn (Ceiliúradh íospartach na gcogaí), tá an 5 Bealtaine againn (Lá na Fuascailte) agus anois tá an 6 Bealtaine againn”.
Páirtí nua
Tháinig Fortuyn chun cinn go tapa. Ní raibh trácht ar bith air agus ansin go tobann ceapadh é mar cheannaire ar pháirtí nua-bhunaithe darbh ainm Leefbaar Nederland (Ísiltír ar féidir maireachtáil inti). Tar éis agallamh nuachtáin ina ndúirt sé gur cheart deireadh a chur le hAlt 1 an bhunreachta, rud a chiallódh go mbeadh leatrom dleathach, briseadh as a phost mar cheannaire é. Bhí sé tugtha le fios aige, áfach, gur theastaigh uaidh a bheith ina phríomhaire tar éis an chéad toghchán eile, agus mar sin bhunaigh sé a pháirtí féin, LPF, taobh istigh de chúpla lá.
Léirigh na pobalmheasanna go mbeadh ról tábhachtach ag Fortuyn sa pharlaimint 150 suíochán. Thosaigh cúrsaí polaitíochta na hOllainne ag athrú ó bhonn. Ní raibh a fhios ag na “seanpháirtithe” agus a gcuid ceannairí cén dóigh ab fhearr le déileáil le stíl ionsaitheach díospóireachta Fortuyn nó le dul i ngleic leis na ceisteanna ar dhírigh sé orthu. Ní hamháin go raibh tuairimí radaiceacha aige faoi na fadhbanna san oideachas agus i gcúram sláinte, ach dhírigh sé chomh maith ar cheist a raibh neamhaird á tabhairt uirthi: an inimirce. Féachtar ar an Ísiltír mar thír liobrálach agus tá sé curtha in iúl againn le fada gur sochaí ilchultúrtha muid. Cheistigh Fortuyn é sin.
Bhí fonn air an teilifís a úsáid mar mheán chun a chuid smaointe a chur chun cinn. Thaitin sin le daoine agus thosaigh siad ag cur dúile ann mar dhuine de réir a chéile. Bhí Fortuyn homaighnéasach agus an-oscailte faoin chlaonadh sin ach ní dhearna sé aon dochar dó. Léiriú maith ar dhearcadh an phobail an méid a bhí le rá ag duine amháin ar cuireadh agallamh teilifíse air ar an tsráid: “Ní maith liom daoine aeracha ar chor ar bith, ach is maith liom an méid atá le rá ag Fortuyn”.
Léiríonn an tslí ar fhéad Fortuyn a theacht chun cinn go tapa an buntáiste a bhaineann leis an daonlathas. Bhí sé in ann a pháirtí féin a thosú, páirtí nach raibh aon taithí pholaitiúil ag tromlach a chuid ball. D’éirigh leis na meáin chumarsáide a úsáid chun a chuid tuairimí dána a chur chun cinn. Gan aon amhras, chuidigh a bhás go mór leis an LPF sa toghchán. Ní raibh aon choinne, áfach, leis an dul chun cinn a rinne na daonlathaithe Críostaí sa toghchán céanna. Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas. Bhí go leor de na vótóirí nach raibh muinín acu as an dream nua seo, an LPF, chun an tír a reáchtáil agus dá bharr sin thug siad a vóta do na daonlathaithe Críostaí, páirtí a bhí lag roimhe sin.
Sárobair
Rinne an comhrialtas a bhí i réim go dtí anois sárobair: tá an tír níos láidre ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de anois agus tá daoine níos fearr as. Rinne an comhrialtas airgead a infheistiú san infrastruchtúr, i gcúram sláinte agus san oideachas tar éis blianta fada de chiorruithe buiséid na ndaonlathaithe Críostaí agus, den chéad uair le cúig bliana is fiche, tá comhardú na n-íocaíochtaí cothrom.
Tar éis 50 lá d’idirbheartaíocht, tá sé níos soiléire anois cén chuma a bheas ar an chomhrialtas nua a mbeidh na daonlathaithe Críostaí, an LPF agus na liobrálaithe páirteach ann. I dtraidisiún ilpháirtí na hOllainne bíonn sé de cheart ag an bhuaiteoir tús a chur le cainteanna chun comhrialtas a chur le chéile. Is é Jan-Peter Balkenende, daonlathaí Críostaí agus duine nua sa pholaitíocht náisiúnta, a bheas ina phríomhaire ar an tír. Tá na trí pháirtí tagtha ar chomhaontú ar na ceisteanna deacra ar fad agus tá siad anois ar tí na hairí éagsúla a ainmniú. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh rialtas nua againn i gceann cúpla seachtain.
An rud is mó a theastaigh ó Fortuyn ná níos mó follasachta a bheith sa pholaitíocht. Go dtí seo, áfach, níl aon rud athraithe - tá an LPF, mar shampla, tar éis a bheith páirteach i gcainteanna faoi rún chun an rialtas a bhunú. Ach tá todhchaí pholaitiúil i bhfad níos traidisiúnta agus níos coimeádaí i ndán do mhuintir na hOllainne. Tá a mbreithiúnas tugtha ag na vótóirí. Sin an buntáiste a bhaineann leis an daonlathas. Caithfidh na vótóirí céanna muinín a bheith acu as na polaiteoirí anois a mandatea úsáid i gceart. Is féidir leis seo a bheith ina mhíbhuntáiste - ní thig a bheith cinnte riamh cad a dhéanfaidh siad agus iad i gcumhacht.
Táimid níos tógtha leis an ábharachas agus leis an indibhidiúlachas mar gheall ar an saibhreas agus ar an tsaoirse phearsanta atá faighte againn le roinnt blianta anuas. Beidh a rian sin ar an rialtas nua, rialtas atá ag pleanáil níos mó bóithre fiú a thógáil, a dteastaíonn uaidh tiomáint carranna a dhéanamh níos saoire, an fórsa póilíneachta a neartú, agus slite a aimsiú chun déileáil ar dhóigh níos éifeachtaí le hinimircigh mhídhleathacha. Le hocht mbliana anuas, rinne rialtas na tíre seo iarracht infheistíocht a dhéanamh ní hamháin in rudaí ábhartha ach i ndaoine chomh maith. Ó bhí an t-olltoghchán ann, áfach, braitheann inimircigh dara glúine iad féin deighilte amach ón tsochaí Ollannach, próiseas a thosaigh tar éis uafás an 11 Meán Fómhair agus a bhfuil treisiú ag teacht air ó bhí an 6 Bealtaine ann.
Ó bhí an toghchán ann, is minic mé ag cur ceiste orm féin an bhfuil deireadh tobann tagtha leis an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach a raibh an oiread sin measa agam air. Más amhlaidh atá, sílim féin go pearsanta gur seo an míbhuntáiste is mó a d’eascair ó thoradh an toghcháin agus dúnmharú Pim Fortuyn.
*Tá cónaí ar Oliver Wagemann in Amsterdam, áit a bhfuil sé ag obair don rialtas áitiúil mar phleanálaí uirbeach. *