TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Fios Feasa
Maitias Mac Cárthaigh Maitias Mac Cárthaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Maitias Mac Cárthaigh, Fios Feasa (Corca Dhuibhne, Ciarraí).

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost?

Thosnaigh Fios Feasa ag trádáil ar Lá Bealtaine 1997; táim féin im stiúrthóir ar an gcomhlacht ó thosach.

  1. Cé a bhunaigh an comhlacht?

I dteannta le cara liom a bhunaíos é, ach tá sé sin imithe chun cinn ag déanamh cúraimí eile ó shin.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Theastaigh uainn cultúir ársa na hÉireann a chur i láthair an tsaoil mhóir sna modhanna is rídhéanaí, ag nascadh an traidisiúin leis an nua-aimsearthacht. Bhí sé i gceist againn ó thosach díriú ar mhuintir na hÉireann, idir leanaí scoile agus dhaoine fásta, *agus *ar an sliocht Éireannach ar fuaid an domhain.

  1. Cén obair a dhéanann Fios Feasa anois agus cé mhéad duine atá fostaithe sa chomhlacht?

Comhlacht ilmheáin is ea Fios Feasa. Béarlagair ceart is ea an focal san, dar ndóigh; go bunúsach, ciallaíonn sé pacáistí ríomhaireachta a thugann le chéile téacs, íomhánna, fuaim agus meáin eile chun eolas a chur i láthair. Cuirtear na pacáistí sin ar fáil i bhformáidí difriúla: CD-ROManna, suímh ghréasáin, pacáistí touch-screen, agus mar sin de. Soláthraíonn Fios Feasa pacáistí sna formáidí sin go léir.

I dteannta na ríomhaireachta, deinimid cúraimí eile: comhairleoireacht, traenáil, aistriúchán. Tá traenáil curtha ar fáil againn do chúrsaí FÁS agus cúrsaí eile; rithimid seimineáir d’ábhar múinteoirí a thagann chun na Gaeltachta sa samhradh; soláthraimid cainteanna do chúrsaí ollscoile. Tá Fios Feasa bainteach leis an iarchéim MSc i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais a sholáthraíonn Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - is sinne a mhúineann modúl na n-ilmheán sa chúrsa san. Is dócha gur obair é an t-aistriúchán a thiteann ar éinne a bhíonn ag feidhmiú as Gaeilge sa lá atá inniu ann. Tá a leithéid déanta againn do chomhlachtaí agus d’eagraisí eile, do thaispeántaisí músaeim, do chláracha teilifíse, agus do dhaoine príobháideacha.

Faoi láthair tá triúr fostaithe againn.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Ní fhaighimíd aon mhaoiniú bliantúil ón stát; faighimíd deontaisí do thionscadail nó do chúiseanna faoi leith. Tá cabhair fachta againn ó Fhoras na Gaeilge le tionscadail áirithe, .i. CD-ROManna a tháirgeadh, chun margaíochta, chun earraí a sheoladh, agus mar sin de. Tá cabhair fachta againn ó Údarás na Gaeltachta le fostaíocht, le taighde agus forbairt, agus le cóiriú na hoifige. Gan an cúnamh fial a ghaibhimíd ó na ranna stáit sin, ní bheimís ábalta ár gcúram a chur i gcrích.

Nuair a bhunaíomair an comhlacht, bhí súil againn margadh a thógaint faoi cheann trí nó ceithre bliana a bheadh mór go leor go mbeimís neamhspleách ar a leithéid de chabhair stáit. Ach tuigtear dúinn anois ná féadfadh san a bheith: dá mhéad é an borradh atá ar an nGaeilge, tá an margadh an-bheag fós. Agus cé go soláthraímid earraí dátheangacha, caithfear a admháil gur minic a caithtear a leithéidí isteach sa bhosca “Gaeilge amháin” mar sin féin.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Fios Feasa?

Baineann tábhacht faoi leith le multimedia *in aon phróiseas foghlama: is mar sin is fearr a thugann daoine daonna eolas isteach, agus is mar sin is fearr a choimeádaimid greim air. Ina theannta san, is mó i bhfad an sásamh agus an pléisiúr a bhainimid as *multimedia *ná as modhanna eile: téacs leis féin, mar shampla, nó *chalk and talk. Tá sé seo fíor i dtaobh leanaí, dar ndóigh: is breá leo ríomhairí. Ach tá sé fíor i dtaobh daoine fásta chomh maith céanna. Bíonn téacs leis féin tur, ach an rud atá curtha i láthair go spleodrach, le fuaim agus íomhánna ag teacht leis an téacs, is air a bhíonn blas.

Caithfidh na háiseanna céanna a bheith ag lucht labhartha na Gaeilge agus atá ag lucht labhartha an Bhéarla. Níl sé seo amhlaidh d’fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan. Agus ón uair gur teanga nua-aimseartha í, níor mhór na háiseanna nua-aimseartha go léir a bheith ar fáil do lucht a labhartha: an teilifís, scannáin, oideachas tríú leibhéal, agus dar ndóigh, pacáistí ríomhaireachta. Chuige seo cuireann Coláiste Mhuire Gan Smál earraí Fios Feasa ar fáil do na hábhair mhúinteoirí agus iad ar chleachtadh múinteoireachta.

  1. Seachas airgead stáit, cad iad na foinsí eile airgid atá agaibh?

An fhoinse airgid is tábhachtaí ná díolachán na n-earraí is na seirbhísí atá á dtairiscint againn. Sin í an fhoinse airgid is mó atá againn, agus dar ndóigh, chun dul chun cinn a dhéanamh mar chomhlacht, is air sin ba cheart an bhéim a bheith. Ach ní leor é, faraoir géar: cé go bhfuil saol na Gaeilge ag fás, tá sé róbheag go fóill. Tá infheisteoirí príobháideacha chomh maith againn.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach agaibh?

An sprioc mór a leagamair síos dúinn féin ó thosach ná réimse de phacáistí ríomhaireachta a sholáthar ag cur chultúr na hÉireann i láthair leis an teicneolaíocht is rídhéanaí, agus tá sé sin á dhéanamh againn. Tá cúig cinn de theidil foilsithe ar CD-ROManna againn le díol leis an bpobal: Cormac agus Órla agus Fionn Mac Cumhaill, An Chéad Choiscéim, Drochlá Ruairí, Seanfhocail, agus An Bíobla Naofa. Tá pacáistí eile déanta againn do chustaiméirí faoi leith: pacáistí touch-screen do mhúsaeim, suímh ghréasáin, agus mar sin de.

Tá athrú amháin tagtha ar an gcur chuige a bhí againn i dtosach. Ní raibh sé i gceist againn díriú chomh láidir ar mhargadh an oideachais; theastaigh uainn díriú níos mó ar mhargadh na ndaoine fásta, in Éirinn agus thar lear. Ach is mó i bhfad é an chéad mhargadh, agus chun a bheith praiticiúil gnóthúil, chaitheamair díriú air.

Faoi mar a luadh anso thuas, an t-aon sprioc amháin ná fuil bainte amach againn ná margadh a thógaint a bheadh mór go leor chun a bheith neamhspleách ar mhaoiniú stáit. Is dócha ná raibh sé sin riamh réadúil.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Fios Feasa?

Aon bhunús amháin atá le laigí agus láidreachtaí an chomhlachta araon: an Ghaeilge. Toisc go bhfuilimid ag soláthar go príomhdha as Gaeilge, nó go dátheangach, táimid ag soláthar do mhargadh an-bheag. Tá daoine ann atá i gcoinnibh na Gaeilge, agus dar ndóigh, i gcoinnibh ríomhairí chomh maith. Baineann sé sin le custaiméirí go ginearálta, le siopadóirí, agus le múinteoirí. Fiú nuair ná fuil daoine glan i gcoinnibh na teangan, is minic is deacair dhóibh géilleadh go bhféadfadh earraí Gaelacha a bheith praiticiúil, nó fiúntach, nó ar ardchaighdeán. Tá fadhbanna ag saothrú as Gaeilge i gcónaí: níl aon chaighdeán scríte ann go bhfuil glactha leis ag lucht labhartha na teangan, mar shampla. Níl scileanna litearthachta ar an gcaighdeán ba chóir a bheith, fiú ag na cainteoirí is fearr.

Láidreacht is ea an Ghaeilge chomh maith, áfach: an rud a dheinimid as Gaeilge, is fiú é a dhéanamh. Táimid ag soláthar áiseanna atá ag teastáil go géar. Mara bhfuil puinn dá leithéid déanta go dtí so, tá scóp againn i gcóir cruthaitheachta. Tá borradh ar shaol na Gaeilge: i mórán slite, is ina thosach atáimid, agus is breá an t-am é chun a bheith ag cruthú.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Fios Feasa faoi cheann cúig bliana.

Breis is dúbailt ar an gcatalóg. Le cúig bliana anuas, tá cúig cinn de theidil foilsithe againn, agus tá an séú ceann nach mór ullamh. Ba cheart dúinn níos mó ná sé cinn eile de theidil a bheith foilsithe againn faoi cheann cúig bliana eile.

Margadh neamhspleách a thógaint. Caithfimid cur leis an margadh atá ann dá leithéid d’earraí, sa slí is gur féidir linn na tionscadail seo a chur i gcrích gan oiread cabhrach ón stát. In ionad deontaisí, dob fhearr liom i bhfad polasaí réabhlóideach fadradharcach a fheiscint sa Roinn Oideachais a chuirfeadh na rudaí seo chun cinn i slí phraiticiúil, le ceannach lárnach d’earraí oideachasúla Gaelacha.

Fostaíocht a chruthú. Tá sé tábhachtach, dar ndóigh, breis fostaíochta a chruthú ag obair leis an teanga i saol na teicneolaíochta is déanaí. Ach níl sé seo amhlaidh toisc go dteastaíonn uainn a chruthú gur teanga nua-aimseartha í an Ghaeilge, ach toisc go gcreidimid go bhfuil sí amhlaidh cheana, agus más amhlaidh di, caithfidh fás teacht sa réimse seo den fhostaíocht atá le fáil do lucht a labhartha. Dar ndóigh, tá sé seo ag brath an-mhór ar an tarna íodam sa liosta so.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Theastódh fiche eagrán de Beo! uaim féin chun an cheist seo a fhreagairt!

Teanga is ea an Ghaeilge, díreach glan ar nós aon teanga eile, agus ba mhaith liom go gcaithfí léi dá réir. Ní siombail í, ní suaitheantas náisiúnta í, ní cúis í, ní ábhar scoile í, ní ábhar conspóide í, ní *crisis *í. Teanga is ea í, agus tá lucht a labhartha ann. Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor. Bíodh acu san, ach bíodh fógraí bóthair, fógraí i siopaí, foirmeacha, billí, bileoga, srl, dírithe ar chainteoirí na teangan.

Ba bhreá liom gach aon rud a bhaineann leis an teanga - pleanáil, polasaithe rialtais, polasaithe eagraíochtaí, plé agus anailís ghinearálta, craoltóireacht, foilsitheoireacht, gach aon rud - ba bhreá liom iad a fheiscint bunaithe ar an réalachas agus ar an bhfírinne. Sampla maith is ea teorainneacha na Gaeltachta. Sampla eile is ea an caighdeán oifigiúil. Sampla eile is ea na canúintí. Sampla eile is ea an difríocht idir Gaeilge na Gaeltachta agus Gaeilge na Scol, agus an t-údarás a bhaineann le gach ceann acu san fá seach. Sampla eile is ea focail iasachta sa chaint bheo, seachas focail chumtha chun Béarla a sheachaint, nach féidir le haon chainteoir a thuiscint.

Tá daoine ann atá ag iarraidh deireadh a chur le “Compulsory Irish": ba mhaith liomsa tús a chur leis, mar ná géillim go raibh a leithéid riamh ann. Ní ar mhaithe leo féin amháin ba cheart do Bhéarlóirí an Ghaeilge a fhoghlaim, cé go ndéanfadh sé maitheas dóibh, dar ndóigh. Ach is ar mhaithe *linne *ba cheart dóibh í a fhoghlaim, d’fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas ar deireadh thiar thall feidhmiú mar shaoránaigh chóra chearta na Poblachta, ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta i leith chlann na tíre go léir.

Tá suíomh gréasáin Fios Feasa le fáil ag: www.fiosfeasa.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.