AR NA SAOLTA SEO
Aimhleas an óil
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig. Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna atá leis seo agus ar an díospóireacht atá ar siúl i measc na bpolaiteoirí faoi láthair i dtaobh na faidhbe.

Íomhá
Íomhá
Michael McDowell, an tAire nua Dlí agus Cirt
Íomhá
Íomhá

An Tíogar Ceilteach, meafar le haghaidh na hÉireann nua, tír ag a bhfuil an geilleagar is tapúla fáis san Eoraip agus pobal atá ag briseadh amach ó shlabhraí coimeádacha a sinsir. Ach tá taobh eile ag an ainmhí seo, mar murab ionann agus formhór na gcat is ar an alcól a mhaireann sliocht an Tíogair Cheiltigh. Sa tréimhse deich mbliana idir 1989 agus 1999 mhéadaigh an méid alcóil a d’ól pobal na hÉireann 41%.

Le linn an toghcháin dheireanaigh chualamar polaiteoirí, duine i ndiaidh a chéile, ag cur i gcuimhne dúinn (agus an ceart acu) an dochar atá á dhéanamh ag mí-úsáid alcóil don tír. Ach ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí sa Dáil an mhí seo caite ar an mBille Ceartais Choiriúil, is léir ní hamháin nach bhfuil an Rialtas sásta dúshlán thionscal na ndeochanna a thabhairt, ach ní mian leo a aithint, nó tá siad dall ar an gceangal, atá idir an Tíogar Ceilteach agus mí-úsáid alcóil sa Stát a bheith ag dul in olcas.

Ólaimid mar chine beagnach dhá lítear níos mó ná an meán i dtíortha an Aontais Eorpaigh. Tá an méid alcóil a óltar sa tír seo tar éis méadú 50% le cúig bliana anuas. An claonadh chun ólacháin i measc na glúine óige atá freagrach den chuid is mó as an ráta ard seo. De réir fhigiúirí na Roinne Sláinte baineann níos mó ná leath de pháistí na tíre triail as alcól agus iad idir naoi mbliana agus aon bhliain déag d’aois. Ní hamháin sin ach téann déagóirí Éireannacha agus Polannacha 15 nó 16 bliana d’aois thar fóir le hólachán níos mó ná mar a dhéanann an dream céanna in aon tír eile san Eoraip. Ní nach ionadh mar sin go bhfuil méadú 50% tar éis teacht ar an líon daoine sa tír seo faoi 25 ar andúiligh acóil iad faoi láthair.

An costas

Creidtear go gcosnaíonn an mhí-úsáid alcóil seo €2.4 billiún ar gheilleagar na tíre in aghaidh na bliana. Thar aon rud eile is iad na huaireanta oibre a chailltear de bharr alcóil is mó a chosnaíonn airgead ar an stát, €1,034 milliún san iomlán. Cailleann an stát an chuid eile den airgead ar chúrsaí sláinte agus cúrsaí coireachta. Mí-úsáid alcóil a bhíonn i gceist i gcás leath na ndaoine a gcuirtear cóir leighis orthu san Aontas Eorpach. Deirtear gur de bharr alcóil a bhíonn an ceathrú cuid de dhaoine san ospidéal. De réir suirbhé a rinne Aonad Taighde na nGardaí sa bhliain 2000, bhí baint ag an deoch le 88% de na cásanna dlí agus síochána, le 54% de na cásanna ina raibh damáiste coiriúil i gceist agus le 48% de na cásanna a bhain le coireanna i gcoinne an duine. Idir 1996 agus 2000 mhéadaigh líon na gcoireanna foréigin ar na sráideanna beagnach 100%. Sa bhliain 2000 gabhadh 62,000 duine; astu sin cúisíodh níos mó ná leath.

Tá gach dealramh air gurb iad an leibhéal ard coireachta agus foréigin a eascraíonn as mí-úsáid alcóil an t-aon rud a bhfuil an Rialtas seo buartha faoi. An mhí seo caite chuir an tAire Dlí agus Cirt nuacheaptha, Michael McDowell, bille nua Dlí agus Cirt os comhair na Dála. De réir an bhille seo beidh sé de dhualgas ar agus de chumhacht ag úinéirí gnó a chinntiú nach mbeidh daoine trioblóideacha ag crochadh thart in aice lena n-áitreabh Muna ndéanann úinéirí é seo, beidh an chumhacht ag na Gardaí iarraidh ar an gCúirt Chuarda a éileamh go ndúnfar an t-ionad.

Baineann an dara cuid den bhille le daoine atá le cúiseamh. De réir an Bhille, beidh cead cosc a chur orthu ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag a bheith in aon áit in aice leis an áitreabh inar tharla an trioblóid as ar cúisíodh iad Is é an chaint is deireanaí ón rialtas ná go bhfuil siad chun bille nua a thabhairt isteach a thabharfaidh cead do thábhairneoirí páistí a choimeád amach, seachas cultúr nua uile-aoiseach a chothú inár dtithe tábhairne, mar atá le fáil i gcaifí na Mór-roinne.

Margaíocht deochanna

Creidim go raibh an ceart ag an bhfreasúra sa Dáil nuair a chuireadar i leith an Rialtais seo nach spéis leo na fadhbanna atá freagrach as an mí-úsáid alcóil a bheith chomh hard sin. Idir Eanáir agus Samhain na bliana 2001 deirtear gur caitheadh thart ar £27 milliún ar mhargaíocht deochanna. Chaith an Guinness Group féin thart ar £8.7 milliún. Creideann Stephen Rowen, stiúrthóir an Rutland Centre, ionad ina dtugtar cabhair d’andúiligh, gur ar dhaoine óga idir 18-25 atá an chuid is mó den mhargaíocht seo dírithe. Mar a dúirt an Teachta Dála Joe Higgins le linn díospóireachta Dála an mhí seo caite: “It is incredible that this most dangerous of drugs is allowed to be relentlessly pushed in multi-million euro advertising campaigns in every corner of the land. Radio, television and other powerful media are freely prostituted to the biggest drug barons in the State.”

De réir taighde a rinne Institiúid Síciatrach Londain, bíonn an leibhéal alcóil a óltar 16% níos ísle i dtíortha ar nós na Sualainne ina gcuirtear cosc ar fhógraíocht deochanna. Ach chomh fada agus a bhaineann sé leis an tír seo, is cuma cé acu Uachtarán nó Príomh-Aire a bhíonn ar cuairt, tugaimid chuig teach tábhairne iad le go nglacfar grianghraf díobh le pionta ina lámh.

Is léir ón díospóireacht a bhí ar an mbille Dlí agus Cirt an mhí seo caite gur ceist í an mhí-úsáid alcóil seo atá ag déanamh imní do go leor Teachtaí Dála. Tá cuid mhaith acu a thacaigh leis an Acht Um Dheochanna Meisciúla, 2000, a chuir fad leis na huaireanta a raibh cead alcól a dhíol, anois ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú air seo. Sa Dáil an mhí seo caite dúirt Michael Ring, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, go raibh aiféala air nach raibh níos mó misnigh ag an bhfreasúra agus vótáil i gcoinne an Achta seo nuair a foilsíodh é anuraidh. An mhí seo caite freisin vótáil Páirtí Parlaiminte Fhianna Fáil go ndéanfaí athbhreithniú arís ar an Acht céanna. Ach is é an fhírinne ná nach bhfuil a bhformhór sásta a aithint go bhfuil ceangal idir an tsochaí a d’eascair as na polasaithe a vótáil an Dáil ar a son agus fadhb mhí-úsáid alcóil na tíre.

Ní inniu ná inné a fuair muintir na tíre seo blas ar an bpionta nó an mbolgam agus dá bhrí sin ní féidir an locht ar fad ar chur ar cheannairí an lae inniu. Is deacair a mhíniú cén fáth a gcaithfidh Éireannaigh deoch a bheith ina lámh agus iad ag céiliúradh. Deir saineolaithe ar an meon iarchoilíneach, leithéidí Frantz Fanon, gur oidhreacht iarchoilíneach é mí-úsáid alcóil. Ar feadh i bhfad, choimeád pócaí folmha agus ansmacht na hEaglaise Caitlicí srian ar ár gclaonadh chun ólacháin. Ach go tobann sna nóchaidí d’athraigh seo. Thosaigh cumhacht na heaglaise ag meath. Bhíothas ár mbodhrú ar chuile thaobh le fógraí le haghaidh deochanna nua alcólacha agus bhí tuilleadh airgid inár bpócaí le hiad a cheannach. Ann féin ní drochrud a bhí anseo. Ach ní rabhamar ullamh le plé leis. Chailleamar ár mbreithiúnas maidir lenár luachanna.

Aithnítear gur galar spioradálta é mí-úsáid alcóil nó ábhair ar bith a chuireann ar ár gcumas teitheadh isteach i ndomhan eile. Líonann an t-alcól bearna san áit a mbíonn easpa creidimh nó spioradáltachta. Ceapaim go raibh an ceart ag TD Pháirtí an Lucht Oibre, Mícheál D. Ó hUiginn, nuair a dúirt sé sa Dáil, “consumption is the only way of forgetting the kind of society in which people live.”

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do Magill, i measc foilseachán eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.