Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith i ngach eagrán. An mhí seo: pósadh agus bainiseacha.
Bhí an oiread sin cainte déanta ar an bhainis le gairid agus go raibh Jemma dubhthinn den rud uilig. Bhí a máthair sna beanna ag an diabhal rud agus ní thiocfadh leat amharc ar a hathair ach an oiread. Ní raibh sí cinnte cén réiteach a bheadh ar an scéal ach bheadh sé bliain fhada sula dtabharfadh a hathair maithiúnas do Mark. Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread. Ní bhfuair Jemma oiread agus oíche amháin chodlata ó bhris an scéal. Bhí achan duine ag cur a tuairisce ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici. Cinnte bhí cuma mheaite thanaí uirthi ach ina dhiaidh sin agus eile níor shíl sí féin go raibh cuma an bháis uirthi. Bhí an dubhfhuath ag Jemma ar bhainiseacha. Lá iomlán i gcomhluadar dreama ar chaith sí bunús a saoil á seachnadh - a cuid daoine muinteartha féin. Agus ina mhullach sin bheadh scaifte ar an taobh eile fosta a mbeadh béal milis le déanamh leo ar an lá. “Cad é faoi Dhia a thugann ar dhaoine bainis mhór a bheith acu,” arsa Jemma léi féin. Bhí a hathair ag cnádán ó d’fhógair Mark go raibh sé féin agus Ruth le pósadh. “Sin cumann nach mbeidh saolach, tá mé ag inse duit a Úna,” arsa an t-athair leis an mháthair. “Níl spláid chéile ag Ruth sin. Cén dóigh faoi Dhia a rachaidh sí i mbun tí nó teaghlaigh?” “B’fhéidir nach bhfuil lá rúin aici a leithéid a dhéanamh,” arsa Úna. “Ní hionann na mná atá ag dul inniu agus na rudaí a bhí ag dul le do linnse.” “Nach raibh go leor mná deasa fán bhaile seo a thiocfadh leis a bheith aige. Leoga nach ag briseadh na gcos ina dhiaidh a bhí siad. Níl teacht i láthair ar bith sa bhean atá aige,” arsa an t-athair. “Och, anois a Aoidh, níl maith a bheith ag caint. Caithfear a theacht leis. Is iomaí rud a fholaíonn an grá.” “Féadann tú sin a rá.” Seo mar a bhí siad le cúpla mí anois. Iad ag dul thart fán teach agus gach duine acu agus aghaidh chomh fada le bliain air. “Go bhfóire Dia orainn,” arsa Jemma léi féin. “Beidh sé mar a bheadh lá tórraimh ann.” Is mór an gar gur ól an seanphéire deoch nó beirt, ar an laghad bhí caolsheans ann go mbainfeadh siad sult as an lá nuair a thiocfadh sé. Leis sin tháinig a máthair mhór anuas ar dhoras an tseomra. Bhí naprún uirthi i mullach a culaith dhubh mar ba ghnách ach ar a cosa bhí péire bróg patent. “Cad é atá tú a dhéanamh leo sin?” arsa Jemma agus í ag amharc ar a máthair mhór ag dul thart i lár an tí. “Caithfidh mé cúpla turas a dhéanamh iontu seo sula dtiocfaidh lá na bainise. Níl a fhios agam cad é a thug orm iad a cheannacht nó níl siad sócúlach ar dhóigh amháin nó an dóigh eile. Níl mé ag dul a bheith fágtha mar a bhí mé ag do bhainis-se agus spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál chomh luath is a chuir mé cos le talamh,” arsa an mháthair mhór. “Ní thiocfadh leis go raibh siad chomh holc sin,” arsa Jemma. “Níor fhág tú an t-urlár i rith an lae.” “Órú cúpla coiscéim damhsa, sin a raibh ionam a dhéanamh,” ar sise léi. Shlog Jemma an focal a bhí ar bharr a teanga agus rinne sí iarracht cur in iúl di féin gurbh fhearr an troid ná an t-uaigneas. Tháinig Aideen, cara Jemma, ar cuairt. “Tá mé ar tí an saol a fhágáil ag seo uilig,” arsa Jemma léi. “Níl a fhios agam cad tuige a bhfuil siad uilig ina suí thart ag athchognadh nuair atá an cinneadh déanta ag Mark agus Ruth. Tá a fhios ag an saol mór nach rachaidh tú i gcoinne Mark nuair atá a intinn déanta suas aige.” “Órú Jemma, nach bíodh lá bhuartha ort, nuair a thiocfas an lá mór dhéanfar dearmad de sin uilig. Beidh siad uilig ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart. Fan go bhfeicfidh tú,” arsa Ruth. “Is dóiche,” arsa Jemma. “Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd. Tá sí breá dolba agus ceanndána, chuala mé.” “Is cosúil nár ghoid sí sin; bhí an t-iomrá sin amuigh ar an mháthair fosta,” arsa Jemma. “Órú eist linn inár suí anseo ag feannadh agus an péire bocht sin i ndeallraí an ghrá. Tá siad ag dul thart ansin agus an grá ar bharr a gcuid méar acu. Nach méanar daofa,” arsa Ruth. “An ag déanamh éada atá tú anois?” arsa Jemma. “Bí i do thost,” arsa Ruth agus bhris gáire uirthi, agus bhí siad mar sin nó seo Mark isteach i lár an tí. Chuir sin deireadh le comhrá na bainise. Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.