CÚRSAÍ SPÓIRT
Ag ceiliúradh foirne nár bhuaigh tada riamh!
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bíonn ceiliúradh mór ann i gcónaí nuair a thagann foireann sacair na hÉireann abhaile ó chomórtas idirnáisiúnta, in ainneoin nach n-éiríonn leo riamh aon rud a bhuachaint. Déanann Colm Mac Séalaigh iarracht a mhíniú cén fáth a bhfuil cúrsaí amhlaidh.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le fans! Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.

Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobhcorn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais. Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d’fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas. Ach ar cuireadh fáilte mhór, chroíuíl rompu abhaile? Ar éigean é.

Céard a chiallaíonn an ceiliúradh seo ar fad chomh fada is a bhaineann sé linne anseo in Éirinn? Cén fáth gur eisceacht í ár bhfoireann sacair nár bhuaigh aon chomórtas riamh? An t-aon spórt geall leis nár éirigh linn comórtas idirnáisiúnta ar bith a bhuachaint ann, déanaimid mar náisiún ceiliúradh agus comóradh agus rírá mór mar gheall air. Bhí beagán den náire ar Jack Charlton é féin i 1994 tar éis Chorn an Domhain i Meiriceá - áit ina raibh an toradh céanna le 2002 - nuair a eagraíodh ceiliúradh mór i bPáirc an Fhionnuisce don fhoireann. Ach é sin ráite, bhí lá maith ag na daoine a bhí i lathair agus ní raibh aon dochar ann.

I gcúrsaí sacair déanaimid ceiliúradh má fhaighimid comhscór fiú amháin agus is ionann comhscór go minic agus bua, go speisialta más i gcoinne na Sasanach a bhímid ag imirt! Tuigimid go léir cén bhrí atá leis sin ach an léiríonn sin agus torthaí leathchuibheasacha eile easpa féinmhuiníne ionainn féin? Céard a chiallaíonn Corn an Domhain dúinn ar aon nós? An comórtas spóirt é? An ócáid é chun cóisir náisiúnta a chur ar bun? An leithscéal é chun uaireanta fada a chaitheamh i dtithe tábhairne ag caitheamh siar beorach agus ag canadh amhrán amaideach, ag screadach agus ag liúireach os comhair scáileán teilifíse. Cén fáth a mbíonn orainn easpa ómóis a léiriú don bhratach náisiúnta ag an am céanna?

An Cluiche Álainn

Tugtar “An Cluiche Álainn” ar an sacar ach is deacair a thuiscint cén fáth. An é go bhfuil duine ar bith atá in ann siúl in ann páirt a ghlacadh ann? Más é seo an míniú is cinnte gur cluiche iontach é ós rud é gur féidir le gach saghas duine é a imirt. Ní gá bheith an-sciliúil ná cumasach fad is atá duine in ann liathróid a chiceáil. Dar ndóigh tá scil agus cumas agus áilleacht ag baint leis na himreoirí atá ar fheabhas - faoi mar atá i ngach uile spórt agus aclaíocht eile.

B’fhéidir gurb é simplíocht an chluiche an bealach is fearr le breathnú air. Níl aon chumas speisialta i gceist le liathróid a chiceáil nó a cheapadh nó a bhualadh le do chloigeann. Imríonn na milliúin duine ar fud an domhain sacar. Ar nós tiomána, is féidir le duine ar bith beagnach é a dhéanamh. Tuigim sin, ach an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi - sin an pháirt nach dtuigim.

Maidir le muintir na hÉireann agus an sacar is dóigh go bhfuil dúil mhór againn an bua a fháil mar i mórán spórt eile bíonn deiseanna againn ó am go ham taitneamh a bhaint as agus ceiliúradh a dhéanamh ar bhuanna iontacha ar leibhéal idirnáisiúnta. Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh!

Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b’fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan. Ach go dtí go mbuann foireann na Poblachta (nó foireann an Tuaiscirt!) Corn na hEorpa nó an Domhain ba chóir dúinn guaim bheag a choinneáil orainn féin.

Ócáid iontach tarraingteach é Corn an Domhain in aon spórt agus go mór mór sa sacar toisc gurb é an spórt foirne is mó a imrítear ar fud an domhain. De bhrí, mar a dúirt mé, gur cluiche an-simplí é atá chuile dhuine in ann a imirt ag leibhéal éigin is “saineolaí” é gach duine agus baineann siad níos mó taitnimh as na cluichí teilifíse dá bharr. Tá éacht déanta ag gach foireann a shroicheann an fhéile agus is cóir moladh agus aitheantas a thabhairt dóibh go léir agus go speisialta do na tíortha beaga ar nós na hÉireann (cé go bhfuil an líon daoine atá i dteideal imirt ar son na hÉireann i bhfad níos mó ná daonra na tíre féin).

Is iomaí argóint, conspóid, scoilt, coimhlint, amhrán, colún nuachtáin, clár teilifíse is araile atá ginte ag Corn an Domhain. B’fhéidir gurb é tábhacht na Féile seo ná go bhfuil muintir an domhain, nó cuid mhór díobh ar aon nós, dírithe ar rud éigin nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ar bhealach amháin ach a tharraingíonn daoine le chéile agus a thugann deis dóibh a gcuid fadhbanna agus cúraimí a chur i leataobh ar feadh scaithimh.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.